Seirbhísí Ailse

Eolas

Tá ailse ar cheann de na príomhchúiseanna báis in Éirinn. Má tá imní ar bith ort mar gheall ar ailse nó má tá stair ailse i measc do mhuintire nó má tá comharthaí ort a bhfuil tú buartha fúthu, ba cheart duit dul i dteagmháil le do dhochtúir ginearálta (DG).

Cuireann do dhochtúir ginearálta (DG), ospidéil agus seirbhísí cúram pobail seirbhísí cúram ailse ar fáil.

seirbhísí cúraim mhaolaithigh ar fáil chomh maith, is é sin, cúram d'othar agus a m(h)uintir nuair nach bhfuil na gairmithe liachta ag súil go mbeidh biseach air/uirthi.

Clár Náisiúnta Rialaithe Ailse FSS (NCCP)

Glactar leis go forleathan go mbaintear na torthaí is fearr amach d’othair ailse nuair a dhéanann foirne ildisciplíneacha, a láimhseálann líon mór othar, an phríomhdhiagnóis, an plean cóireála, an máinliacht agus an radaiteiripe.

Sa bhliain 2007, bhunaigh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) an Clár Náisiúnta Rialaithe Ailse chun clár náisiúnta a bhainistiú, a eagrú agus a sheachadadh don phobal uile. Faoin gClár seo, tá ocht n-ionad ailse laistigh de cheithre líonra rialaithe bhainistithe ailse go náisiúnta. Tá sé beartaithe go ndéanfar gach príomhdhiagnóis,agus gach máinliacht sna ionaid ailse seo sa deireadh. Cuirfear ceimiteiripe agus iarchúram ar fáil in ionaid níos áitiúla, de réir pleananna cúraim a shocrófar ag na hionaid ailse. Tá Clinicí Mear-Rochtana ann le haghaidh brath agus cóireáil ailse phróstatach agus ailse scámhóg i ngach ceann de na hocht n-ionad ailse. D’fhéadfadh do LG nó gairmí eile leighis thú a atreorú chuig ceann díobh seo.

Ionaid ailse
Líonraí Ionaid
FSS Baile Átha Cliath Thoir Thuaidh Ospidéal Beaumont

Ospidéal Mater Misericordiae

FSS Baile Átha Cliath Lár-Laighean Ospidéal San Séamas

Ospidéal Ollscoile Uinsinn

FSS Theas Ospidéal Ollscoile Chorcaí

Ospidéal Réigiúnach Phort Láirge

FSS Thiar Ospidéal an Ollscoile, Gaillimh

Ospidéal Réigiúnach Luimnigh

An tSeirbhís Náisiúnta Ailse-Scrúdaithe (NCSS)

an tSeirbhís Náisiúnta Scagtha Ailse mar chuid den NCCP agus soláthraíonn siad na cláir scagtha ailse a leanas:

  • BreastCheck an Clár Náisiúnta Scagthástála Cíoch
  • CervicalCheck an Clár Náisiúnta Scagthástála Ceirbheacs
  • BowelScreen an Clár Náisiúnta Scagthástála Putóige.

An Chlárlann Náisiúnta Ailse

Is comhlacht reachtúil í an Chlárlann Náisiúnta Ailse ag a bhfuil sé mar aidhm sonraí a bhailiú agus a anailísiú, agus tuairiscí ar mhinicíocht ailse agus ar ráta básmhaireachta de bharr ailse in Éirinn a thabhairt.

Costais

Leanaí arb othair oinceolaíochta iad agus leanaí atá faoi mhíchumais bhuana

I gcás leanaí atá ag fáil cóireála in aghaidh ailse (is é sin, leanaí arb othair oinceolaíochta iad) agus leanaí atá faoi mhíchumais bhuana, is féidir faoiseamh cánach a éileamh ar chostais áirithe teileafóin, cóiríochta thar oíche, taistil, táirgí sláinteachais agus sainéadaí atá tabhaithe mar chostais sláinte. Léigh tuilleadh faoi cháin agus costais leighis in Éirinn anseo.

Scéim Travel2Care

D’fhéadfadh sé go dteastódh cúnamh ó roinnt daoine a atreorófaí chuig ionad ailse leis na costais a bhaineann le taisteal chuig a gcoinne/í. Mar sin, déanann Clár Náisiúnta Rialaithe Ailse FSS an scéim Travel2Care a mhaoiniú, scéim atá á riaradh ag Cumann Ailse na hÉireann. D’fhéadfadh sé go gcabhródh an scéim le costais taistil othar dá mbeidís i gcruachás ó thaobh airgid de, nó dá mbeidís i ngátar mar thoradh ar thaisteal chuig ionad ailse. Caithfidh go bhfuil fad 50km nó níos mó á thaisteal ag othar (bealach amháin) chuig a gcoinne.

Is féidir leat foirm iarratais a fháil go díreach ó Eimear Considine, Travel2Care, Cumann Ailse na hÉireann, Teil: 01-2316619 nó ríomhphost travel2care@irishcancer.ieíoslódáil an fhoirm ó láithreán Gréasáin Chumann Ailse na hÉireann.

An clár ‘Tiomáint mar Chúram’ ('Care to Drive’)

Tionscnamh iompair atá faoi threoir deonaithe is ea an clár ‘Tiomáint mar Chúram’ ina ndéanann Cumann Ailse na hÉireann deonaithe a earcú agus oiliúint a chur orthu chun othair a thiomáint chuig agus óna gcoinní ceimiteiripe. Seirbhís saor in aisce atá inti don othar. Níl fáil ar an tseirbhís go náisiúnta.

Tá sí ar fáil faoi láthair sna hospidéil a leanas:

  • Ospidéal San Séamas, Baile Átha Cliath
  • Ospidéal Ollscoile Naomh Uinseann, Baile Átha Cliath
  • Ospidéal Uí Chonghaile, Baile Bhlainséir, Baile Átha Cliath
  • Ospidéal Ollscoile Mater Misericordiae, Baile Átha Cliath (poiblí)
  • Ospidéal Ginearálta Leitir Ceanainn
  • Ospidéal Ginearálta Shligigh
  • Ospidéal Réigiúnach an Mheán-Iarthair, Luimneach
  • Ospidéal Portiuncula, Béal Átha na Sluaighe
  • Ospidéal Réigiúnach Lár Tíre, Tulach Mhór
  • Ospidéal Adelaide & na Mí, Tamhlacht
  • Ospidéal Réigiúnach Phort Láirge
  • Ospidéal Ollscoil Chorcaí
  • Ospidéal Ollscoile na Trócaire, Corcaigh
  • Ospidéal Ginearálta Chiarraí
  • Ospidéal Ollscoil na Gaillimhe
  • Ospidéal Naomh Lúcás

Ní mór don othar iad féin a chur in iúl don oibrí sóisialta san ospidéal páirtnéara nó don altra a chuirfidh cóir cheimiteiripe orthu agus a thabharfaidh faoi mheasúnú ansin ar an othar agus ar féidir leo t-othar a chur ar aghaidh chuig an tseirbhís. Le tuilleadh faisnéise a fháil, cuir glao ar Chumann Ailse na hÉireann: 01 231 0522 nó 01 231 0566.


Cá háit a ndéanfaidh mé iarratais

Is eagraíocht dheonach é Cumann Ailse na hÉireann a chuireann tacaíocht agus cúnamh ar fáil dóibh siúd a bhfuil ailse orthu agus dá muintir. Soláthraíonn sé roinnt seirbhísí altranais agus déanann sé roinnt seirbhísí cúraim mhaolaithigh agus seirbhísí altranais “breacsholais” a mhaoiniú. Tá craobhacha áitiúla ag an gCumann ar fud na tíre.

Cumann Ailse na hÉireann

43-45 Bóthar Northumberland
Baile Átha Cliath 4
Éire

Teil: (01) 2310 500
Lóghlao: Freephone Cancer Nurseline 1800 200 700
Facs: (01) 2310 555
Láithreán Gréasáin: http://www.cancer.ie/

Grúpa tacaíochta é CanTeen Éireann do dhaoine óga idir 12-25 bliana d’aois a bhfuil ailse orthu, agus dá gcairde gaoil. Oibríonn sé as áitreabh Chumann Ailse na hÉireann. Líne Cabhrach don ailse Saorfhón 1800 200 700. Ríomhphost: support@irishcancer.ie

Clárlann Náisiúnta Ailse

Foirgníocht 6800
Lárionad Gnó Aerfoirt Corcaigh
Bóthar Chionn tSáile
Corcaigh
Éire

Teil: (021) 431 8014
Facs: (021) 431 8016
Láithreán Gréasáin: http://www.ncri.ie
R-phost: info@ncri.ie
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 2 Meitheamh 2015