Heipitíteas C agus an Cárta faoin Acht Sláinte (Leasú)

Cad é an Cárta ASL?

Má tháinig Heipitíteas C ort trí Ghlóbailin Imdhíonachta Daonna-Frith-D nó táirge eile fola nó fuilaistriú in Éirinn, is féidir leat Cárta faoin Acht Sláinte (Leasú) (ASL) a fháil (féach Conas iarratas a dhéanamh ar chárta ASL thíos).

Is féidir leat na seirbhísí seo a leanas a fháil saor in aisce le cárta ASL, fiú má theastaíonn siad uait do bhreoiteacht nach mbaineann le Heipitíteas C:

  • Seirbhísí dochtúra ghinearálta (tá aon DG incháilithe)
  • Seirbhísí ospidéil othair chónaithigh agus othair sheachtraigh
  • Drugaí agus cógais ordaithe agus áiseanna agus feistí leighis agus máinliachta
  • Altranas baile agus seirbhísí tacaíochta baile
  • Seirbhísí fiaclóireachta, oftalmacha agus seirbhísí agus fearais do na cluasa
  • Seirbhísí fisiteiripe
  • Seirbhísí comhairleoireachta duit féin agus do do theaghlach
  • Réimse seirbhísí eile, cosúil le seirbhís chosliachta

Is féidir leat níos mó a léamh faoi na seirbhísí seo i lámhleabhar FSS de sheirbhísí faoin Acht Sláinte (Leasú), 1996 (pdf) nó eolas breise a fháil ó d’Oifigeach Idirchaidrimh Heipitíteas C i d’Oifig Sláinte Áitiúil.

Socraíonn FSS go soláthraítear feistí áirithe leighis agus máinliachta nach bhfuil ar fáil ó chógaiseoir.

Oifigigh Idirchaidrimh agus Altraspeisialtóirí Cliniciúla Heipitíteas C

Tá teacht agat ar Oifigeach Idirchaidrimh Heipitíteas C FSS áitiúil. Cabhróidh siad leat na seirbhísí neamhospidéil (cúraim phríomhúil) go léir a fháil atá tú i dteideal a fháil. Aimsigh sonraí teagmhála d’oifigigh idirchaidrimh Heipitíteas C áitiúil ar láithreán gréasáin FSS.

Is féidir leat teacht chomh maith ar Altraspeisialtóirí Cliniciúla in aonaid ae na n-ocht n-ospidéal ainmnithe. Cabhróidh siad leat na seirbhísí ospidéil a fháil atá tú i dteideal a fháil.

Conas iarratas a dhéanamh ar chárta ASL

Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar Chárta faoin Acht Sláinte (Leasú) (ASL) má tháinig Heipitíteas C ort in Éirinn go díreach nó go hindíreach de bharr na rudaí seo a leanas:

  • Tugadh Glóbailin Imdhíonachta Daonna-Frith-D duit, nó
  • Tugadh táirge eile fola nó fuilaistriú duit

Chun iarratas a dhéanamh ar Chárta ALS, déan teagmháil le d’Oifigeach Idirchaidrimh Heipitíteas C i d’Oifig Sláinte Áitiúil nó san Oifig Náisiúnta Heipitíteas C.

Beidh Cárta ASL agat ar feadh do shaoil, agus beidh teacht agat ar na seirbhíse sláinte go léir a liostaítear thuas.

Scéim Árachais Heipitíteas C

Má tháinig Heipitíteas C agus/nó VEID ort trí Ghlóbailin Imdhíonachta Daonna-Frith-D nó táirge eile fola nó fuilaistriú in Éirinn, is féidir leat teacht ar an Scéim Árachais Heipitíteas C. Cuireann seo teacht ar fáil ar árachas saoil, cosaint morgáiste agus árachas taistil.

Má tá tú mar chuid den tionscadal seo, ní íocann tú ach an mheánphréimh bhunúsach a d’íocfadh duine nach bhfuil an bhreoiteacht sin orthu agus atá ar an aois chéanna agus a bhfuil an inscne chéanna acu. Íocann an scéim na préimheanna breise a ghearrtar nó íocann sí as na rioscaí breise a chuirfeadh cosc ar bhealach eile ar pholasaí a fháil

Conas iarratas a dhéanamh ar an Scéim Árachais Heipitíteas C

Teastaíonn Deimhniú Cáilitheachta uait le bheith páirteach sa Scéim Árachais.

Le Deimhniú Cáilitheachta a fháil, déan teagmháil le Riarthóir Scéim Árachais FSS (tá sonraí thíos), a sheolfaidh paca iarratais chugat. Tá cáilitheacht bunaithe ar chritéir áirithe.

Má tá Cárta ASL agat nó má fuair tú dámhachtain ón mBinse Cúitimh Heipitíteas C, tá tú i dteideal go huathoibríoch árachas a fháil faoin scéim.

Teagmhálaithe áisiúla agus eolas breise

Is féidir leat níos mó a léamh faoi Heipitíteas C ar láithreán gréasáin FSS. Cuireann FSS eolas breise ar fáil faoi Heipitíteas C nuair a tharchuirtear go gnéasach é.

Is féidir teacht ar shonraí breise ar theidlíochtaí ASL agus conas teacht orthu ar láithreán gréasáin FSS agus ó:

Tá tuilleadh eolais faoi Heipitíteas C agus Cártaí faoin Acht um Leasú Sláinte ar fáil ó:

Cumann Haemaifilia na hÉireann

Urlár 1
Cúirt na hArdeaglaise
An tSráid Nua
Baile Átha Cliath 8
Éire

Teil: (01) 657 9900
Facs: (01) 657 9901
Láithreán Gréasáin: http://www.haemophilia.ie/

26 Sráid Pheambróg Uachtarach
Baile Átha Cliath 2

Teil: (01) 234 3740

Cumann Duán na hÉireann

Teach an Deontóra
Bloc 43A
Páirc Thiar
Baile Átha Cliath 12
Éire

Teil: (01) 620 5306
Facs: (01) 620 5366
Láithreán Gréasáin: http://www.ika.ie
R-phost: info@ika.ie

Tá tuilleadh eolais faoin Scéim Árachais Heipitíteas C ar fáil ó:

Scéim Árachais Heipitíteas C

Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte
Lána an Mhuillin
Bhaile Phámar
Baile Átha Cliath 20

Teil: (01) 620 1660
Lóghlao: 1850 211 570
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 2 Lúnasa 2022