Seirbhísí chun andúil a chóireáil

Réamhrá

Má theastaíonn cóireáil le haghaidh andúile uait, tá roghanna cóireála éagsúla ar fáil ag brath ar do chuid riachtanas. Is féidir leat seirbhísí i do cheantar áitiúil a aimsiú ar Drugs.ieAskaboutalcohol.ie.

Sa tseirbhís sláinte poiblí, tá cóireáil neamhchónaithe saor in aisce. Cuireann Seirbhísí Drugaí agus Alcóil Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) seirbhísí cóireála andúile ar fáil. Soláthraíonn tionscadail phobail agus deonacha roinnt seirbhísí atá maoinithe ag an Tascfhórsa Drugaí agus Alcóil áitiúil nó réigiúnach.

Tá cóireáil andúile ar fáil freisin ó sholáthraithe seirbhíse príobháideacha.

Roghanna cóireála

Is féidir tabhairt faoi chóireáil andúile i suíomh cónaithe nó neamhchónaithe, ag brath ar do riachtanais mheasta agus tar éis do riachtanais phearsanta féin a phlé leat. Cuirtear cóireáil ar mhórchuid na ndaoine sa phobal i suímh neamhchónaithe. I measc cuid de na roghanna cóireála atá ar fáil tá:

  • Comhairleoireacht andúile
  • Díthocsainiú
  • Cláir chónaithe
  • Tacaíocht ghrúpa

Má tá riachtanais mheabhairshláinte agat is féidir leat plé le do sheirbhísí meabhairshláinte áitiúla chun tacaíocht bhreise a fháil.

Ag brath ar do riachtanais chóireála, féadtar tú a atreorú siar chuig do dhochtúir teaghlaigh le haghaidh cúram leanúnach

Comhairleoireacht andúile

Is féidir le comhairleoirí andúile na nithe seo a leanas a sholáthar:

  • Measúnú
  • Idirghabháil ghairid
  • Comhairleoireacht (mar shampla teiripe chognaíochta agus iompraíochta)
  • Eolas
  • Atreorú ar aghaidh chuig seirbhísí cóireála

Is féidir comhairleoireacht a chur ar fáil ar bhonn aonair nó trí chomhairleoireacht ghrúpa.

Chomh maith le comhairleoireacht andúile, féadfaidh seirbhísí cúraim pobail cúrsaí gaolmhara eile a sholáthar. Is féidir aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna caidreamh a chruthaíonn andúil i dteiripe teaghlaigh nó i teiripe lánúineacha nó i ngrúpaí tacaíochta do dhaoine eile a dtéann andúil i bhfeidhm orthu.

Díthocsainiú

Baineann díthocsainiú an dúil fisiceach in alcól nó i ndrugaí atá ina comhartha de andúil. Is féidir díthocsainiú a dhéanamh ar bhonn othar seachtrach faoi mhaoirseacht dochtúra teaghlaigh nó ar bhonn othar cónaitheach, ag brath ar do riachtanais mheasta. D’fhéadfadh rioscaí a bheith ag baint le féin-dhíthocsainiú agus ba cheart duit comhairle a fháil ó ghairmí i gcónaí.

Ní dhéileálann díthocsainiú leis na saincheisteanna síceolaíochta a bhaineann le andúil, mar sin de ghnáth tugtar tuilleadh tacaíochta nuair a bhíonn díthocsainiú curtha i gcrích. Féadfaidh tú labhairt le do dhochtúir teaghlaigh faoi chlár díthocsainithe agus faoi phlean cóireála oiriúnach.

Cláir chónaithe

Déanann cóireáil chónaithe amach tú a thógáil amach ó do ghnáth-thimpeallacht agus ó rochtain ar alcól nó ó dhrugaí. Cuirtear cóireáil ar fáil ar bhonn othar cónaitheach i saoráid speisialaithe. De ghnáth is beag an líon rannpháirtithe a bheidh páirteach i gcláir. Labhair le do dhochtúir teaghlaigh nó leis an tseirbhís andúile áitiúil faoi do chuid roghanna agus faoi atreorú cuí chuig cóireáil chónaithe.

Cruinnithe grúpa

Tá grúpaí ann a thugnn tacaíocht do dhaoine atá ag teacht amach ó andúil. De ghnáth bíonn grúpaí saor in aisce. I measc na samplaí tá Alcólaigh Gan Ainm (AA) agus Támhshuanaigh Gan Ainm (NA).

Tá grúpaí tacaíochta ann freisin do bhaill teaghlaigh a dtéann fadhbúsáid alcóil nó drugaí i bhfeidhm orthu.

Féach ‘Cá háit a ndéanfaidh tú iarratas’ chun grúpaí tacaíochta i do cheantar a fháil.

Andúil sa chearrbhachas

Cuimsíonn an chóireáil do'ndúil sa chearrbhachas measúnú tosaigh, measúnú cuimsitheach agus comhairleoireacht aonair. Féadfaidh seirbhísí comhairle airgeadais a chur ar fáil chomh maith le hatreorú ar aghaidh chuig seirbhísí agus tacaíochtaí eile nuair is iomchuí, mar shampla, Cearrbhaigh gan Ainm.

Rataí

Seirbhísí poiblí iad seirbhísí andúile a sholáthraíonn FSS agus tá seirbhísí d’othair sheachtracha saor in aisce.

D’fhéadfadh go mbeadh táillí i gceist i gcás clár chónaithe. Mar sin féin, is minic a bhíonn na táillíú seo ar scála aistritheach agus níor cheart go mbeadh do chumas na táillí a íoc ina bhac ort rochtain a fháil ar an tseirbhís. Féadfaidh cárta leighis tréimhsí in ionaid roghnaithe cóireála drugaí a chlúdach. Má tá árachas sláinte agat, déan teagmháil le d’árachóir le fáil amach an bhfuil costais chóireála clúdaithe.

Seirbhísí cóireála príobháideacha

Níl cláir chóireála príobháideacha saor in aisce agus bíonn praghsanna éagsúla i gceist ag brath ar an gclár. Féadfaidh árachas sláinte príobháideach na costais seo a chlúdach. Le haghaidh tuilleadh sonraí ar rochtain ar sheirbhísí cóireála príobháideacha, déan teagmháil leis an soláthraí seirbhíse.

Conas iarratas a dhéanamh

Féadann d’Oifig Sláinte Áitiúil cabhrú leat seirbhísí andúile a aimsiú i do cheantar. Féadann do dhochtúir ginearálta tú a atreorú chuig do sheirbhísí andúile áitiúla áit a ndéanfar measúnú ort agus a bpléifear do roghanna cóireála.

Is éagsúil atá cláir chóireála phríobháideacha maidir lena riachtanais iontrála. Déan teagmháil dhíreach leis an soláthraí seirbhíse chun tuilleadh faisnéise a fháil. Má theastaíonn comhairle uait, is féidir le do dhochtúir teaghlaigh na roghanna a phlé leat.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le d’Oifig Sláinte Áitiúil chun eolas a fháil faoi sheirbhísí andúile FSS.

Is láithreáin ghréasáin de chuid FSS iad Drugs.ie agus Askaboutalcohol.ie a bhfuil eolas iontu faoi sheirbhísí drugaí agus alcóil. Tá eolaire seirbhísí ag an dá cheann acu ar féidir leat iad a chuardach chun seirbhísí ar leith a aimsiú i do cheantar áitiúil.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 12 Samhain 2020