Is féidir cúram institiúideach a chur ar fáil do dhaoine níos sine in Éirinn in institiúidí atá maoinithe go poiblí agus a bhfuil úinéireacht phoiblí orthu nó i dtithe altranais phríobháideacha agus dheonacha. Tá roinnt institiúidí um chúram fadtéarmach ann (faoi úinéireacht agus faoi smacht Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS). Is féidir tithe cúraim, aonaid do chúram leanúnach, ospidéil sheanliacha, aonaid altranais phobail a thabhairt orthu- anseo tugaimid tithe altranais phoiblí orthu. De réir teoirice, tá gach duine i dteideal áit a fháil i dteach altranais phoiblí ach níl dóthain áiteanna ann do gach duine a bhfuil áit ag teastáil uathu.
Níl sé soiléir cén chaoi a seasann rudaí ó thaobh teidlíochta do chúram fadtéarmach poiblí. Tá ar beagnach gach duine a fhaigheann áit i dteach altranais poiblí táillí fadchónaithe a íoc. Tá leapacha ar conradh ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) i dtithe altranais phríobháideacha agus tá na socruithe airgeadais le haghaidh na n-áiteanna seo cosúil leis na socruithe atá ann do thithe altranais phoiblí.
Gearrann tithe altranais phríobháideacha táillí. Féadfaidh tú fóirdheontas do theach altranais a fháil ón FSS i dtreo chostais theach altranais má tá cúram de dhíth ort agus má shásaíonn tú scrúdú maoine.
Tá tithe altranais phríobháideacha faoi réir rialála. Is é sin, caithfidh siad a bheith cláraithe agus caithfidh siad íoschaighdeán cúraim a chomhlíonadh. Faoi láthair cuireann an FSS an dlí sa réimse seo i bhfeidhm. Tá sé i gceist Cigireacht Seirbhísí Sláinte neamhspleách a bhunú (taobh istigh den Údarás um Cháilíocht agus Eolas Sláinte).
Tá gach duine i dteideal áit a fháil i dteach altranais phoiblí (ach b'fhéidir go mbeidh orthu táillí ospidéil áirithe a íoc). Faoi na hAchtanna Sláinte, tá gach duine i dteideal seirbhísí d'othair chónaithe a fháil. Tá formhór na ndaoine atá i dtithe altranais phoiblí agus in institiúidí atá cosúil leo ag fáil seirbhísí d'othair chónaithe. Níl dóthain áiteanna ar fáil i dtithe altranais phoiblí agus níl aon rialacha soiléire ann maidir le cé atá i dteideal tús áite a fháil nuair atá na háiteanna á ndáileadh.
Faoi Alt 52
den Acht Sláinte 1970 (arna leasú ag an Acht
Sláinte (Leasú) 1991) ní mór don FSS seirbhísí d'othair chónaithe a
sholáthar do gach duine. Ciallaíonn seirbhísí d'othair chónaithe
"seirbhísí forais a sholáthraítear do dhaoine le linn dóibh a bheith á
gcothabháil in ospidéal, i dteaghlach eadarshláinte nó i dteaghlach do
dhaoine ar a bhfuil míchumas coirp nó meabhrach nó i gcóiríocht atá
coimhdeach."
Dealraíonn sé go n-áirítear le hAlt 52 den Acht 1970 teidlíocht ar chúram
fadchónaithe poiblí mar gheall ar an sainmhíniú a thugtar ar sheirbhísí
d'othair chónaithe (faoi réir táillí fadchónaithe). Tá an teidlíocht seo
ar fáil do gach duine ach níl aon rialacha i bhfeidhm le cinneadh a dhéanamh
faoi cé a gheobhaidh áit fhadchónaithe phoiblí. De réir teoirice tá gach
duine i dteideal áit a fháil ach glactar leis nach bhfuil dóthain áiteanna
ar fáil.
Déanann I.R. 224/93 na
Rialacháin Sláinte 1993 (Seirbhísí d'Othair Chónaithe) foláir go
gcuirfí rialacha Acht na dTithe Altranais i bhfeidhm má tá seirbhísí
d'othair chónaithe á soláthar do dhuine i dteach altranais chláraithe.
Níl aon rialacha leagtha amach maidir le cé hiad na daoine ar féidir leo
áit a fháil i dteach altranais phoiblí. Go ginearálta, tarlaíonn na rudaí
seo a leanas:
Tá ceist na dtáillí ar thithe altranais phoiblí ina cnámh spairne le blianta beaga anuas. Sa tréimhse 1976-2004 bhí ar go leor daoine táillí a íoc nuair nach raibh aon bhonn ceart ó thaobh an dlí leis na táillí sin. Féadfaidh cuid de na cónaitheoirí nó a gcomharbaí a bheith i dteideal aisíoc ar tháillí tithe altranais a fháil.
Tá an reachtaíocht a bhaineann le táillí cothabhála fadchónaithe leagtha amach san Acht Sláinte (Leasú) 2005 (pdf) agus sna Rialacháin Shláinte 2005 (Táillí ar Sheirbhísí d'Othair Chónaithe) . Tá táillí cothabhála fadchónaithe le híoc anois ag gach cónaitheoir atá faoi chúram fadchónaithe ach amháin i gcás na ngrúpaí seo a leanas:
Níl aon díolúine ghinearálta ann le haghaidh daoine a bhfuil cártaí leighis
acu nó le haghaidh daoine le cleithiúnaithe. Tá an chumhacht ag an FSS na
táillí a tharscaoileadh má chruthaíonn siad deacrachtaí.
Gearrfar táillí fadchónaithe ort má tá seirbhísí d'othair chónaithe á
bhfáil agat ar feadh 30 lá. Gearrfar ort iad má tá tú ag fáil na
seirbhísí sin in ospidéal géarmhíochaine nó in institiúid
fhadchónaithe. Is í €153.25 an uastáille i gcomhair aon duine atá faoi
chúram fadchónaithe poiblí agus caithfidh €44.70 ar a laghad a bheith
fágtha ag gach duine.
Tá daoine faoi chúram fadchónaithe poiblí á roinnt i ndá ghrúpa.
Aicme 1: Iad siúd a bhfuil seirbhísí d'othair chónaithe á
bhfáil acu in áitribh a chuireann cúram altranais 24 uair a chloig ar fáil.
Is í an uastáille ar féidir gearradh orthu in aghaidh na seachtaine ná
€153.25 nó a n-ioncam seachtainiúil lúide €44.70, cibé acu is lú.
Aicme 2: Iad siúd a bhfuil seirbhísí d'othair chónaithe á bhfáil acu in
áitribh nach gcuireann cúram altranais 24 uair a chloig ar fáil. Is í an
uastáille in aghaidh na seachtaine ná cibé acu is lú;
Tá discréid ag an FSS na táillí a laghdú nó a tharscaoileadh chun deacrachtaí a sheachaint. Mura bhfuil tú in ann do chuid airgid a bhainistiú nuair atá tú i dteach altranais phoiblí, féadfaidh an FSS do chuntas maoine príobháidí a bhainistiú ar do shon.
Má théann tú isteach i dteach altranais phríobháidigh nó deonaigh caithfidh tú na costais atá i gceist a íoc. I gcásanna áirithe, d'fhéadfá a bheith incháilithe fóirdheontas do theach altranais a fháil. Cuirtear na rialacha seo i bhfeidhm i dtithe altranais atá sainmhínithe mar institiúidí le cúram agus cothabháil a thabhairt do níos mó ná beirt chleithiúnaí (.i. daoine a bhfuil cúnamh ag teastáil uathu maidir le gníomhaíochtaí maireachtála ó lá go lá mar gheall ar a gcuid easláinte coirp nó intinne. Tá roinnt institiúidí nach bhfuil san áireamh sa sainmhíniú seo, mar shampla, institiúidí ar shagairt nó baill d'oird chrábhaidh iad formhór na n-othar.
Ní mór do thithe altranais phríobháideacha;
Ní mór don Limistéar FSS liosta de thithe altranais cláraithe a
choinneáil. Tá cead ag gach duine an clár seo a iniúchadh.
Caithfidh leabhrán a bheith ag gach teach altranais ina leagtar amach eolas
faoin teach, lena n-áirítear ainm agus seoladh an úinéara, an polasaí
iontrála, lóistín a chuirtear ar fáil agus áiseanna agus seirbhísí
speisialta.
Déanann Limistéir FSS scrúduithe ar thithe altranais ó am go ham. Tá
tuarascálacha ar na scrúduithe seo ar fáil don phobal faoin reachtaíocht um
Shaoráil
Faisnéise.
Tá mionrialacha ann maidir le caighdeáin fhisiciúla agus caighdeáin
chúraim i dtithe altranais. Tá Cód Cleachtais neamhreachtúil ann do Thithe
Altranais freisin, a leagann amach na caighdeáin is fearr cúraim ar chóir do
thithe altranais a shásamh.
Tá na rialacha chun tithe altranais a rialú le cur i bhfeidhm ag an FSS. Tá
an Cód deonach.
I measc na bpríomh-shaincheisteanna a bhfuil plé orthu sa reachtaíocht agus
sa Chód tá na saincheisteanna seo a leanas:
Sula dtéann tú isteach i dteach altranais, aontaítear conradh cúraim idir tú féin agus an teach altranais. Leagann an conradh amach na téarmaí a rialóidh do chúram agus leas agus caithfidh sonraí a bheith ann de na seirbhísí a bheidh ar fáil agus de na táillí a bheidh ort íoc. Luann an Cód Cleachtais do Thithe Altranais gur chóir go gclúdódh an conradh
Ba chóir don teach altranais athbhreithniú cuimsitheach banaltrachta a dhéanamh gach 6 mhí ar chúram gach cónaitheora.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.