Bhunaigh an Roinn Sláinte in Éirinn agus an Roinn Sláinte, Seirbhísí Sóisialta agus Sláinte Poiblí i dTuaisceart Éireann Institiúid Sláinte Poiblí na hÉireann le comhoibriú Thuaidh/Theas don tsláinte a chothú. Tá aontaithe ag Comhairle na nAirí Thuaidh Theas comhoibriú ar mhaithe leis an tsláinte (faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta).
Oibríonn an Institiúid le dul i ngleic le míbhuntáistí sláinte, le cur leis an taighde agus eolas maidir le sláinte phoiblí, le acmhainní a láidriú don tsláinte phoiblí agus le comhpháirtíochtaí don tsláinte a fhorbairt chomh maith le nascanna náisiúnta agus idirnáisiúnta.
Tacaíonn an Institiúid le hobair a scrúdaíonn bancanna sonraí reatha sláinte poiblí in Éirinn, le comhcheisteanna imní a aimsiú, déanann sé forbairt ar mholtaí oibre ar cheisteanna faoi leith sláinte poiblí agus breathnaíonn sé ar fhéidreachtaí tuairiscí ill-Éireannacha a fhoilsiú ar na ceisteanna seo.
Tá sé mar aidhm ag an Institiúid oibriú leis an mBord Taighde Sláinte in Éirinn agus leis an Oifig Thaighde agus Fhorbartha i dTuaisceart Éireann le riachtanais taighde sláinte poiblí a aimsiú agus le cur le tograí taighde ill-Éireannacha, go háirid iad siúd a bhaineann le míchothromaíochtaí sláinte agus na cinntithigh shóisialta a bhaineann leis an tsláinte.
5ú Urlár
Cnoc an Easpaig
Cearnog Redmond
Dublin 2
Dublin
Ireland
Teil:+353 (0)1 4786300
Facs:+353 (0)1 4786319
Láithreán Gréasáin: http://www.publichealth.ie
R-phost: info@publichealth.ie
Radharc na Foraoise
Lána Purdy
Belfast
BT8 7ZX
BT8 7ZX
Éire
Teil:+44 (0)28 9064 8494
Facs:+44 (0)28 9064 6604
R-phost: info@publichealth.ie
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.