Anseo atá tú: Baile > Sláinte > Gníomhaireachtaí na Seirbhísí Sláinte > Gníomhaireachtaí na seirbhíse sláinte

Print Page Send to a Friend

Gníomhaireachtaí na seirbhíse sláinte

Eolas

Tá roinnt údarás agus eagraíochtaí a bhfuil ról acu seirbhísí sláinte a chur ar fáil in Éirinn. Soláthraíonn cuid acu na seirbhísí agus bíonn an chuid eile ann mar údaráis rialaithe agus/nó udaráis chomhairlithe.

Tá an chuid is mó de na heagraíochtaí seo bunaithe go reachtúil (i bhfocail eile, bunaithe faoin dlí).

An Bord Altranais

Rialaíonn An Bord Altranais gairm an altranais. Coinníonn sé clár de na haltraí cáilithe agus eagraíonn sé oideachas agus oiliúint na n-altraí.

Údarás Uchtála na hÉireann

Tá an Údarás Uchtála freagrach as orduithe uchtála a dhéanamh. Ní mór go mbeadh cumainn deonacha uchtála cláraithe leis an mBord.

Bord na Radharcmhastóirí

Is é Bord na Radharcmhastóirí an t-údarás rialaithe do radharceolaithe. I measc príomhfheidhmeanna an bhoird tá oiliúint agus clárú radharceolaithe oftailmeacha agus dáiliúcháin chomh maith le cleachtadh na radharceolaíochta a rialú.

Bord na Radharcmhastóirí
18 Cearnóg Fitzwilliam,
Baile Átha Cliath 2.
Teil: (01) 6767416
Facs: (01) 6621051

An Clár Náisiúnta Scagthástála Ailse

Teach Óstaí an Rí
200 Sráid Parnell
Baile Átha Cliath 1
Teil: (01) 865 9300
Facs: (01) 865 9333
Riomh-phoist: info@cancerscreening.ie

Comhairle na Nimheanna

Cuireann Comhairle na Nimheanna comhairle ar an Aire Sláinte maidir le smachtú nimheanna.

Comhairle na nOspidéal

Is Comhairle na nOspidéal an t-údarás reachtúil atá freagrach as rialú líon agus cineál na bpostanna do dhochtúirí comhairleacha agus do dhochtúirí sinsearacha cláraithe in ospidéil phoiblí, na cáilíochtaí riachtanacha do na postanna sin a leagan síos, comhairle a chur ar an Aire Sláinte maidir le eagrú agus oibriú na seirbhísí ospidéil agus tuairiscí a fhoilsiú ar na seirbhísí sin.

Údarás um Thoircheas Géarchéime

an tÚdarás um Thoircheas Géarchéime freagrach as straitéis a chur le chéile le dul i ngleic le fadhb na dtoircheas géarchéime in Éirinn.

An Chomhairle Déidliachta

Is é seo an t-údarás a rialaíonn gairm na fiaclóireachta. I measc a dhualgas coinníonn sé clár de na fiaclóirí agus sainchleachtóirí fiaclóireachta, déanann sé cinnte go bhfuil caighdeáin arda coinnithe in oiliúint fiaclóireachta agus scrúdaíonn sé feiliúnacht fiaclóra a bheith ag cleachtadh ar chúinsí faoi leith.

An Chomhairle Déidliachta
57 Cearnóg Mhuirfean,
Baile Átha Cliath 2.
Teil: (01) 6762069
Facs: (01) 6762076

Bord an Ionaid Chóireála Drugaí

Soláthraíonn an Bord seo réimse cláracha le cóireáil a chur ar fáil don andúil drugaí.

Bord an Ionaid Chóireála Drugaí
Cúirt na Tríonóide
30-31 Sráid an Phiarsaigh
Baile Átha Cliath 2
Teil: (01) 6771122
Facs: (01) 6779080

Údarás um Shábháilteacht Bhia na hÉireann

Déanann Údarás um Shábháilteacht Bhia na hÉireann comhordnú ar na gníomhaíochtaí éagsúla smachtaithe sábháilteachta bia agus cuireann sé comhairle ar fáil ar cheisteanna a bhaineann le sábháilteacht, dlí an bhia agus nithe eile maidir le próiseáil agus díol bia.

Bia Sábháilte – an Bord um Chur Chun Cinn Sábháilteacht Bhia

Institiúid Thuaidh/Theas é Bia Sábháilte a chuireann sábháilteacht bhia chun cinn.

An tSeirbhís Aisíoca Príomhchúraim (SAP) (dá ngairtí roimhe An Bord Seirbhísí Liachta Ginearálta (Íocaíochtaí)

Cuireann tSeirbhís Aisíoca Príomhchúraim (SAP) íocaíochtaí ar fáil do dhochtúirí, do phoitigéirí agus d’fhiaclóirí faoin scéim Sheirbhísí Ginearálta Leighis.

Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)

Ar an gcéad lá d’Eanáir 2005 ghlac Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) freagracht iomlán uirthi féin maidir le seirbhísí sláinte, agus seirbhísí sóisialta pearsanta na tíre a chur ar fáil.

An Bord Taighde Sláinte

Cuireann An Bord Taighde Sláinte taighde sláinte chun cinn.

An Rannóg Ionadaithe na bhFostóirí de chuid Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)

Is é an Rannóg Ionadaithe na bhFostóirí de chuid Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) an t-údarás ionadaíochta d'fhostóirí sa tseirbhís sláinte. Bíonn sé ag plé le ceisteanna a bhaineann le caidreamh tionscail a thagann aníos.

Biuró Riaracháin na nOspidéal

Cuireann Biuró Riaracháin na nOspidéal seirbhísí riaracháin, anailíseacha, cléireachais agus coimhdeacha chomh maith le áiseanna eile ar fáil do Chomhairle na nOspidéal.

Biuró Riaracháin na nOspidéal
Comhairle na nOspidéal
Teach Corrigan
Sráid na bhFíníní
Baile Átha Cliath 2
Teil: (01) 676 3474
Facs: (01) 676 1432

Bord Iontaobhais na nOspidéal

Riaraíonn Bord Iontaobhais na nOspidéal Ciste Iontaobhais na nOspidéal.

Bord Iontaobhais na nOspidéal
Banc na hÉireann, Ardoifig
Sráid an Rátha
Baile Átha Cliath 2
Teil: (01) 604 3629
Facs: (01) 661 5992

Institiúid Sláinte Poiblí na hÉireann

Bunaíodh Institiúid Sláinte Poiblí na hÉireann le comhoibriú Thuaidh/Theas don tsláinte a chur chun cinn.

Seirbhís Fhuilaistriúcháin na hÉireann

Eagraíonn agus riaraíonn Seirbhís Fhuilaistriúcháin na hÉireann an tseirbhís náisiúnta fuilaistriúcháin, san áireamh próiseáil agus soláthar fola agus táirgí fola chuig na hospidéil. Tá sé freagrach freisin as an Oifig Náisiúnta Haemafaire, Clár Smior Cnáimhe gan Gaol agus an Banc Náisiúnta Fíocháin.

An Bord Míochaine

Is é An Bord Míochaine an t-údarás atá freagrach as míochaine daonna agus ainmhithe a cheadúnú agus as trialacha cliniciúla a cheadú. Cuireann sé comhairle freisin ar an Aire Sláinte maidir le sábháilteacht, smachtú agus rialachán míochaine go ginearálta.

Coimisiúin um Shláinte Intinne

Bunaíodh an Coimisiúin um Shláinte Intinne i Márta 2002. Tá sé mar phríomhfheidhm ag an gcoimisiún caighdeáin arda agus dea-chleachtadh a chur chun cinn, a spreagadh agus a chothú agus seirbhísí sláinte intinne á sholáthar, chomh maith leis na céimeanna cuí uilig a thógáil le leas na ndaoine atá coinnithe in ionaid cheadaithe a chosaint.

An Chomhairle Leighis

Is í an Chomhairle Leighis an t-údarás reachtúil a riaraíonn gairm an leighis. I measc a feidhmeanna déanann sí Clár Ginearálta na gCleachtóirí Leighis a riaradh, cinntíonn sí go bhfuil caighdeáin oiliúna leighis coinnithe scrúdaíonn sé feiliúnacht dochtúra a bheith ag cleachtadh ar chúinsí faoi leith.

Bord Náisiúnta um Chlárú Ailse

Bailíonn agus déanann an Bord Náisiúnta um Chlárú Ailse anailís ar eolas agus tuairiscí ar mhinicíocht na hailse agus líon na mbásanna de bharr na hailse in Éirinn.

An Bord Náisiúnta um Chlárú Ailse
Cúirt an Leamháin,
Corcaigh
Teil: (021) 431 8014
Facs: (021) 431 8016

An Bord Náisiúnta um Chomhairle Leanaí

Cuireann an Bord seo comhairle ar an Aire Sláinte ar gach gné de shaoil leanaí agus ar cén chaoi go bhféadfaí soláthar agus comhordnú na seirbhísí do leanaí a fheabhsú. Tá baint ag an mBord le monatóireacht agus measúnú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na Straitéise Náisiúnta Leanaí, cuireann sé taighde i gcrích agus comhairlíonn sé maidir le forbairt bealaí le dul i gcomhairle le leanaí.

An Bord Náisiúnta um Chomhairle Leanaí

3ú Urlár

94 Faiche Stiofáin

Baile Átha Cliath 2

Teil: (01) 418 0582

Facs: (01) 418 0819

An Chomhairle Náisiúnta d'Fhorbairt Ghairmiúil an Altranais agus an Chnáimhseachais

Is é seo an t-údarás atá freagrach as oideachas leanúnach agus forbairt ghairmiúil na n-altraí agus na mban chnáimhsí.

An Lárionad Faire um Chosaint Sláinte (dá ngairtí roimhe an tIonad Náisiúnta Faire Galair) (LFSC)

Is ionad saineolais é An Lárionad Faire um Chosaint Sláinte le faire a dhéanamh ar ghalair theagmhálacha.

Bord Náisiúnta na gCáilíochtaí Oibre Sóisialta

Is é seo an t-údarás a dhéanann measúnú ar fheiliúnacht oideachais agus oiliúna oibre sóisialta agus a chuireann comhairle ar an Aire Sláinte maidir leis na caighdeáin gur ceart a bheith i bhfeidhm.

An An Ciste Náisiúnta um Cheannach Cóir Leighis

Bunaíodh an Ciste Náisiúnta um Cheannach Cóir Leighis (CNCCL) leis na hothair phoiblí is faide atá ag fanacht le cóir leighis a fháil in ospidéil phoiblí in Éirinn a bhaint de na liostaí feithimh. Tá maoiniú speisialta curtha ar leataobh ag an Aire Sláinte don CNCCL, rud a chuireann ar chumas an CNCCL leanacht leis na socruithe a dhéanamh le cóir leighis a chur orthu siúd is faide atá ag fanacht ar liostaí feithimh na n-ospidéal poiblí.

Oifig Smachtaithe Tobac/Údarás Smachtaithe Tobac

Beidh an tÚdarás Smachtaithe Tobac freagrach as bearta smachtaithe tobac a smachtú agus a rialú. Tiocfaidh sé in áit na hOifige Smachtaithe Tobac, a bunaíodh ar bhonn riaracháin.

Cumann Cógáisíochta na hÉireann

Is é seo an t-údarás proifisiúnta do ghairm na cógáisíochta. Baineann a phríomhfheidhmeanna le oideachas agus scrúduithe a chur ar phoitigéirí agus iad a chlárú.

Comhairle Chúram Éigeandála Reamhospidéil

Is bord neamhspléach reachtúil í an Chomhairle seo, a bhfuil freagrach as caighdeáin, oideachas agus oiliúint i leith chúraim éigeandála réamhospidéil in Éirinn.

Foireann Chigireachta Seirbhísí Sóisialta

Bunaíodh an Chigireacht sa bhliain 1999 mar údarás neamhspléach le cigireacht a dhéanamh ar na seirbhísí sóisialta a chuireann na boird sláinte ar fáil. Go dáta tá béim leagtha ag an bhFoireann Chigireachta um Sheirbhísí Sóisialta ar sheirbhísí cúraim leanaí. Tá súil go mbeidh an chigireacht bunaithe ar bhonn reachtúil agus go leathnófar a dualgais le go mbeidh seirbhísí cónaitheacha do dhaoine aosta agus do dhaoine faoi mhíchumas faoin cúram freisin.

Bord um Sheirbhísí Speisialta Cónaitheacha

Beidh an Bord um Sheirbhísí Speisialta Cónaitheacha ina údarás reachtúil ag plé le ionaid choinneála do leanaí agus le leanaí a bhfuil orduithe speisialta cúraim déanta ina dtaobh nuair a thagann an tAcht Leanaí, 2001 i bhfeidhm go hiomlán. Tá an Bord bunaithe cheana ar bhonn sealadach.

An Bord um Sheirbhísí Speisialta Cónaitheacha
Urlár 11
Teach Uí Aicín
Baile Átha Cliath 2

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 16 September 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.