Údarás reachtúil é an Bord Taighde Sláinte a bhfuil sé mar aidhm aige taighde a chur chun cinn, cúnamh a chur ar fáil dí, taighde a choimisiniú nó a chur i gcrích i réimsí an leighis, na heipidéimeolaíochta, na sláinte agus na seirbhísí sláinte.
Tá an Bord ag tacú faoi láthair le taighde i ngach gné den tsláinte agus de na seirbhísí sláinte, san áireamh tá buneolaíochtaí bithleighis (bitheolaíocht chille, inchríneolaíocht, gineolaíocht, díonaeolaíocht micribitheolaíocht, bitheolaíocht mhóilíneach, néareolaíochtaí, paiteolaíocht, fiseolaíocht, víreolaíocht); taighde cliniciúil; seirbhísí sláinte; altranas; sláinte intinne; sláinte phoiblí; cleachtadh ginearálta agus eipidéimeolaíocht.
Tá scéim deontais taighde ag an mBord a thugann tacaíocht do thaighde sláinte in Éirinn atá d'ardchaighdeán agus iomaíoch go hidirnáisiúnta agus tacaíonn sé le pobal taighde den scoth a fhorbairt do na heolaíochtaí bithleighis, don taighde cliniciúil, don taighde sláinte agus do na seirbhísí sláinte.
73 Sráid Bhagóid Íoctarach
Baile Átha Cliath 2
Éire
Teil:+353 (0)1 6761176
Facs:+353 (0)1 6611856
Láithreán Gréasáin: http://www.hrb.ie/
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.