Anseo atá tú: Baile > Sláinte > Gníomhaireachtaí na Seirbhísí Sláinte > An tSeirbhís Aisíoctha do Chúram Príomhúil

Print Page Send to a Friend

An tSeirbhís Aisíoctha do Chúram Príomhúil

Eolas

Déanann an tSeirbhís Aisíoctha do Chúram Príomhúil riaradh ar íocaíochtaí na ndochtúirí, na gcógaiseoirí agus na bhfiaclóirí a chuireann seirbhísí ar fáil faoi scéim na Seirbhíse Aisíoctha do Chúram Príomhúil (SACP). Is í Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte a riarann gach gné de bhainistiú agus d’fheidhmiú na Scéimeanna Aisíoctha do Chúram Príomhúil anois.

Tugadh an Bord Íocaíochtaí na Seirbhísí Leighis Ginearálta, dá ngairfear an SLG, mar ainm ar an scéim seo roimhe sin.

I measc na rudaí a áirítear san SACP tá na seirbhísí cárta leighis a sholáthraíonn dochtúirí agus cógaiseoirí, drugaí agus leigheasanna ar oideas a sholáthraíonn cógaiseoirí pobail agus na seirbhísí fiaclóireachta a chuirtear ar fáil do shealbhóirí na gcártaí leighis. Tá conarthaí sínithe ag dochtúirí, cógaiseoirí agus ag fiaclóirí le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte chun na seirbhísí seo a sholáthar, agus íocann an tSeirbhís Aisíoctha do Chúram Príomhúil iad thar ceann Feidhmeannachta na Seirbhíse Sláinte. Déanann an Roinn Sláinte idirbheartaíocht leis na comhlachtaí gairmiúla ábhartha faoi mhéid na n-íocaíochtaí agus faoi choinníollacha seirbhíse eile.

Céard as a bhfuil an tSeirbhís Aisíoctha do Chúram Príomhúil (SACP) freagrach?

Tá an tSeirbhís Aisíoctha do Chúram Príomhúil freagrach go bunúsach as:

  • Costas na n-íocaíochtaí a áireamh i gcás na seirbhísí a cuireadh ar fáil.
  • An t-airgead sin a íoc.
  • Déanamh cinnte go bhfuil na héilimh ar íocaíocht as na seirbhísí seo cruinn réasúnta.
  • Staitisticí agus faisnéis eile a chur le chéile faoi na seirbhísí seo.

Cuireann an tSeirbhís tuarascáil bhliantúil ar fáil a léiríonn líon na ndaoine a bhfuil cártaí leighis acu, costas na seirbhísí agus faisnéis eile bhainteach.

Tá Binse Gearán ag an tSeirbhís a iniúchann na gearáin a dhéanann Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) in aghaidh dochtúirí, cógaiseoirí agus fiaclóirí éagsúla, agus gearáin agus achomhairc a dhéanann gairmithe sláinte in aghaidh cinntí na FSS a théann i bhfeidhm orthu.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Seirbhís Aisíocaíochta Cúraim Phríomhúil na FSS

Bealach Amach 5 M50
An Bóthar Thuaidh
Fionnghlas
Baile Átha Cliath 11
Éire

Teil:+353 (0)1 864 7100
Facs:+353 1 834 3589
R-phost: pcrs@hse.ie

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 16 September 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Gníomhaireachtaí na seirbhíse sláinte
    Tá cur síos sa cháipéis seo ar roinnt de na heagraíochtaí agus údaráis a bhfuil ról acu maidir le soláthar agus rialú na seirbhísí sláinte in Éirinn.
  • Seirbhísí LG do dhaoine a bhfuil cártaí leighis acu
    Tá cur síos sa cháipéis seo ar na seirbhísí saor in aisce a chuireann Liachleachtóirí Ginearálta ar fáil do dhaoine a bhfuil cártaí leighis acu.
  • Drugaí agus cógais ordaithe
    Tá cur síos sa cháipéis seo ar an gcineál cúnaimh atá ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas le deis a thabhairt dóibh a saol a chaitheamh chomh neamhspléach agus is féidir leo.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.