Anseo atá tú: Baile > Sláinte > Gníomhaireachtaí na Seirbhísí Sláinte > An Clár um Thoirchis Ghéarchéime

Print Page Send to a Friend

An Clár um Thoirchis Ghéarchéime

Eolas

Clár um Thoirchis Ghéarchéime FSS (an Ghníomhaireacht um Thoirchis Ghéarchéime roimhe seo) freagrach as straitéis náisiúnta a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm chun tabhairt faoi thoirchis ghéarchéime. Is clár náisiúnta é seo a oibríonn taobh istigh de Ghrúpa Cúraim Seirbhísí Sóisialta Leanaí agus Teaghlaigh i FSS. Oibríonn an Clár um Thoirchis Ghéarchéime i dtreo na gcuspóirí lárnacha seo a leanas a bhaint amach:

  • Laghdú i líon na dtoircheas géarchéime trí sholáthar seirbhísí oideachais, comhairle agus frithghiniúna.
  • Laghdú i líon na mban a mbíonn toircheas géarchéime acu agus a roghnaíonn ginmhilleadh a fháil trí sheirbhísí agus tacaí a chur ar fáil a dhéanann roghanna eile níos tarraingtí.
  • Soláthar seirbhísí comhairleoireachta, seirbhísí leighis agus aon seirbhísí sláinte eile a chuirfidh tacaíocht ar fáil tar éis toirchis ghéarchéime, a cheapann an Clár um Thoirchis Ghéarchéime a bheith feiliúnach.

Díríonn an Straitéis 2007-2011 ar thrí chuspóir lárnacha, a tógadh ó shainchuspóirí an Chláir um Thoirchis Ghéarchéime.

  • Líon na dtoircheas géarchéime a laghdú
  • Líon na mban a roghnaíonn ginmhilleadh a fháil mar thoradh ar thoirchis ghéarchéime a laghdú
  • Sláinte fisiciúil agus intinne na mban a chosaint tar éis dóibh ginmhilleadh a fháil.

Toirchis ghéarchéime agus comhairleoireacht toirchis

Tá láithreán gréasáin ag an gclár ar a dtugtar Positive Options. Tugann an láithreán seo sonraí eagraíochtaí a chuireann seirbhísí comhairleoireachta toirchis ar fáil faoi rún agus go príobháideach do mhná a bhfuil cónaí orthu in Éirinn. Tá na seirbhísí comhairleoireachta seo saor in aisce. Cuireann Positive Options áis fón póca (téacstheachtaireacht) ar fáil chun cur ar chumas daoine faisnéis a fháil maidir le seirbhísí ina rogha contae.

Cuireann go leor dochtúirí teaghlaigh (DG) seirbhísí ar fáil do mhná le toirchis nach raibh pleanáilte. Má theastaíonn tacaíocht agus cúnamh uait, is féidir leat dul i dteagmháil le do DG nó le dochtúir i do cheantar.

I seisiún comhairleoireachta, cabhróidh an Comhairleoir leat oibriú chun réiteach a fháil ar do thoircheas gan choinne. Cuireann comhairleoireacht maidir le toircheas deis ar fáil duit do mhothúcháin faoi do thoircheas a phlé agus na roghanna éagsúla atá ar fáil duit a phlé.

Ní chuireann an Clár um Thoirchis Ghéarchéime seirbhísí comhairleoireachta ar fáil go díreach do mhná. Ina áit sin, cuireann roinnt dochtúirí teaghlaigh (DG) agus gníomhaireachtaí deonacha seirbhísí ar fáil go díreach do mhná.

Iarchúram Ginmhillte

Tá feachtas chun mná a threorú chuig comhairleoireacht iar-ghinmhillte agus scrúduithe sláinte ar bun ó mhí na Samhna 2008 i leith. Spreagtar mná féachaint ar abortionaftercare.ie nó téacstheachtaireacht in aisce a sheoladh chuig 50444 chun sonraí a fháil faoi sheirbhísí a chuireann scrúduithe sláinte agus comhairleoireachta iar-ghinmhillte in aisce, gan breithiúnas ar fáil.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Clár um Thoircheas Géarchéime FSS

89-94 Sráid Chéipil
Baile Átha Cliath 1
Éire

Teil:+353 (0)1 8146292
Facs:+353 (0)1 8146282
Láithreán Gréasáin: http://www.crisispregnancy.ie
R-phost: info@crisispregnancy.ie

Cumann Pleanála Clainne Éireannach

60 Sráid Amiens
Baile Átha Cliath 1
Éire

Teil:+353 (0)1 8069444
Facs:+353 (0)1 8069445
Láithreán Gréasáin: http://www.ifpa.ie
R-phost: post@ifpa.ie

Ionad Well Woman

67 Bóthar Penfro
Baile Átha Cliath 4
Éire

Teil:+353 (0)1 660 9860
Facs:+353 (0)1 660 3062
Láithreán Gréasáin: http://www.wellwomancentre.ie
R-phost: info@wellwomancentre.ie

PACT

Teach Arabella
18D Pairc Oifigí an Gharráin Chnó
Ráth Fearnáin
Baile Átha Cliath 14
Éire

Teil:+353 (0)1 2962200
Lóghlao:1850 673333
Facs:+353 (0)1 2964049
Láithreán Gréasáin: http://www.pact.ie
R-phost: info@pact.ie

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 20 September 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Seirbhísí Pleanála Clainne
    Tá cur síos anseo ar na Seirbhísí Pleanála Clainne atá ar fáil ó na boird slánte agus ó eagraíochtaí deonacha.
  • Seirbhísí Sláinte
    Tá cur síos anseo ar na seirbhísí sláinte, cártaí leighis, seirbhísí ón dochtúir teaghlaigh, drúgaí agus cógas leighis ar oideas san áireamh a bhfuil muid i dteideal.
  • Seirbhísí chun andúil a chóireáil
    Is fadbh í mí-úsáid alcóil ar feídir léi dul i bhfeidhm ar dhaoine is cuma cén aois iad nó cén cúlra atá acu. Tá eolas anseo faoi na roghanna éagsúla cóireála agus cén chaoi a theacht ar na seirbhísí seo.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.