Anseo atá tú: Baile > Sláinte > Gníomhaireachtaí na Seirbhísí Sláinte

Print Page Send to a Friend

Gníomhaireachtaí na Seirbhísí Sláinte

An tSeirbhís Aisíoctha do Chúram Príomhúil
Tugann an cháipéis seo cur síos ar an tSeirbhís Aisíoctha do Chúram Príomhúil (an Bord Seirbhísí Liachta Ginearálta roimhe seo), a riarann íocaíochtaí chuig dochtúirí, cógaiseoirí agus fiachlóirí a chuireann seirbhísí ar fáil faoin tSeirbhís Aisíoctha do Chúram Príomhúil.

Cúram fadtéarmach institiúide
Tugann an cháipéis seo eolas faoin gcúram institiúide ata ar fáil don phopal agus go príobháideach. Deánann sé cur síos ar an modh iocaíochta agus an chabhair ata ar fáil do chostaisí.

Gníomhaireachtaí na seirbhíse sláinte
Tá cur síos sa cháipéis seo ar roinnt de na heagraíochtaí agus údaráis a bhfuil ról acu maidir le soláthar agus rialú na seirbhísí sláinte in Éirinn.

Institiúid Sláinte Poiblí
Institiúid Sláinte Poiblí na hÉireann, údarás treas-teorainn a bunaíodh faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta le comhoibriú thuaidh/theas don tsláinte a chur chun cinn.

An Clár um Thoirchis Ghéarchéime
Tá cur síos sa cháipéis seo ar an Údarás um Thoircheas Géarchéime, a bhfuil sé mar phríomhfheidhm aige straitéis a ullmhú le dul i ngleic le toirchis ghéarchéime in Éirinn. Faigh amach tuilleadh eolais agus teagmhálacha maidir le seirbhísí comhairlithe agus tacaíochta.

An Bord Taighde Sláinte
Údarás reachtúil é an Bord Taighde Sláinte a bhfuil sé mar aidhm aige taighde a chur chun cinn, cúnamh a chur ar fáil dí, taighde a choimisiniú nó a chur i gcrích i réimsí an leighis, na heipidéimeolaíochta, na sláinte agus na seirbhísí sláinte.

Teanga

English

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.