Féadann daoine a fhulaingíonn ó riochtaí áirithe agus nach sealbhóirí chárta leighis cheana iad na drugaí, na cógais agus na fearais leighis agus máinliachta um chóireáil an reachta sin a fháil saor in aisce. Soláthraítear na drugaí, cógais agus fearais saora seo faoi Scéim na dTinneas Fadtéarmach. Is é Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte a riarann an scéim seo, faoi Alt 59 den Acht Sláinte 1970.
Cuimhnigh nach mbraitheann Scéim na dTinneas Fadtéarmach ar d’ioncam ná ar chúinsí eile, agus go bhfuil sí ar leithligh ó scéim an Chárta Leighis agus Scéim Chárta Cuairte na ndochtú.
Buiséad 2012: Ón 1 Eanair 2012, beidh cuairteanna chuig
an GP saor in aisce faoin scéim seo freisin.
I measc na galair seo tá:
Má tá tú i dteideal na scéime, éisíotar duit leabhar tinneas fadtéarmach. Bíonn liosta sa leabhar seo de na drugaí agus leigheasanna a theastaíonn chun cóir leighis a chur orthu, agus cuirfear iad seo ar fáil dóibh saor in aisce tríd an bpoitigéir áitiúil. Ní mór duit íoc na drugaí agus leigheasanna nach bhfuil bainteach leis an riocht sonraithe.
Má scríobhann do dhochtúir nó do theiripeoir saothair oideas um fhearas leighis nó máinliachta, soláthrófar duitse é ó d’Oifig Sláinte Áitiúil
Níl an ghnáthfhoirm iarratais an Scéim Tinneas Fadtéarmach ar fáil ar líne. Is féidir an fhoirm a fháil ó do dhochtúir teaghlaigh (LG) nó d'Oifig Sláinte Áitiúil.
Seol an fhoirm chomhlánaithe díreach chuig d'Oifig Sláinte Áitiúil.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.