Print Page Send to a Friend

Liúntas Leasa na nDall

Eolas

Is é atá i Liúntas na Dall ná íocaíocht tástáilte ó thaobh acmhainne ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte do dhaoine atá dall nó ar lagamharc. Íoctar an liúntas le daoine incháilithe atá 18 bliana d’aois nó níos sine.

Má tá tú den tuairim gur diúltaíodh Liúntas na nDall duit go míchóir, is féidir leat achomharc a dhéanamh ar an gcinneadh seo.

Rialacha

D'fhéadfadh sé go mbeadh tú i dteadeal Liúntas Leasa na nDall má tá:

  • Íocaíochtaí cothabhála ioncaim eile ar fáil agat ón Roinn Coimirce Sóisialaí nó íocaíocht den chineál seo leasa shóisialaigh ó aon tír eile agus tá tú cláraithe le Comhairle Náisiúnta na nDall nó tá teastas a dhearbhaíonn míchumas na súl a chur ar fáil ó mháinlia súl agat.

  • Más duine tú a bhfuil d'ioncam iomlán níos lú ná ráta Pinsean na nDall agus ráta Liúntas Leasa na nDall agus atá cláraithe le Comhairle Náisiúnta na nDall agus tá tú cláraithe le Comhairle Náisiúnta na nDall ní mór teastas a dhearbhaíonn míchumas na súl a chur ar fáil ó mháinlia súl.

Cúram cónaithe

Ní féidir leat Liúntas na nDall a fháil má tá tú i saoráid cúraim chónaithe fhadtéarmaigh. Má ghlactar isteach i saoráid cúraim chónaithe tú, áfach, is féidir leat Liúntas na nDall a choinneáil ar feadh 8 seachtaine leanúnach ar a mhéad in aon tréimhse 12 mhí.

Clár na nDall agus daoine a bhfuil míchumas na súl orthu

Tá córas cláraithe ag Comhairle Náisiúnta na nDall do dhaoine dalla agus dóibh siúd a bhfuil míchumas na súl orthu. Le bheith i dteideal clárú le Comhairle Náisiúnta na nDall in Éirinn ní mór duit "radharc na súl is fearr a bheith cothrom nó níos lú ná 6/60 sa súil is fearr nó má tá raon an radhairc teoranta, nach mbeadh an trastomhas is leithne ag gabháil uillinn níos mó ná 20 céim" (Teastas Géire Radhairc).

Go bunúsach ciallaíonn seo nach mór duit a bheith in ann rudaí a fheiceáil ag 6 mhéadar nó níos lú a bheadh le feiceáil ag duine le gnáth radharc ag 60 méadar.

Rataí

Faoi láthair íoctar na rátaí seo a leanas do Liúntas Leasa na nDall (Eanáir 2012):

  • €58.50 sa tseachtain do dhuine singil
  • €117.00 sa tseachtain do lánúin atá dall
  • €4.40 sa tseachtain ar son gach páiste chleithiúnaigh

Íoctar an ráta do Liúntas Leasa na nDall do lánúin nuair atá an bheirt - an t-iarrthóir agus an páirtí/céile cáilithe lena aghaidh.

Conas iarratas a dhéanamh

Cuir iarratas ar Liúntas Leasa na nDall chuig d'Oifig Sláinte Áitiúil.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Comhairle Náisiúnta na hÉireann do na Daill

Bóthar Whitworth
Drom Conrach
Baile Átha Cliath 9
Éire

Teil:+353 (0)1 830 7033
Lóghlao:1850 33 43 53
Facs:+353 (0)1 830 7787
Láithreán Gréasáin: http://www.ncbi.ie/
R-phost: info@ncbi.ie

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 12 May 2012

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Pinsean na nDall
    Íocaíocht le scrúdú maoine é Pinsean na nDall a íoctar leis na daill agus le daoine atá faoi mhíchumas na súl a bhfuil gnáthchónaí in Éirinn orthu. Faigh amach tuilleadh faoin íocaíocht leasa shóisialaigh seo agus conas iarratas a dhéanamh.
  • Faoisimh chánach do dhaoine a bhfuil lagú radhairc orthu
    Má tá tú i do chónaí in Éirinn agus má tá laigí áirithe radhairc ort, is féidir leat laghdú a éileamh ar an méid cánach a íocann tú. Cuirtear faisnéis ar fáil chomh maith faoin scéim aisíocaíochta CBL ar áiseanna agus fearais.
  • Oiliúint Ghluaiseachta do dhaoine le lagú amhairc
    Cur síos gearr ar na cineálacha éagsúla oiliúna gluaiseachta atá ar fáil in Éirinn do dhaoine le lagú amhairc.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.