Cúram Sláinte in Éirinn

Réamhrá

Bíonn seirbhísí sláinte príobháideacha agus poiblí ar fáil in Éirinn araon.

Is iad gairmithe sláinte nó cuideachtaí cúraim shláinte a sholáthraíonn seirbhísí sláinte príobháideacha. Is iondúil go n-íocann tú costas iomlán na seirbhísí sláinte príobháideacha. Is féidir leat árachas sláinte príobháideach a fháil chun cuidiú le costais na gcaiteachas leighis a shásamh.

Tacaíonn an Stát leis na seirbhísí poiblí. Is í Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) a bhíonn freagrach as seachadadh na seirbhísí sláinte poiblí. Soláthraíonn an FSS na seirbhísí úd go díreach agus cistíonn an FSS eagrais eile chun na seirbhísí úd a sholáthar ó thráth go chéile.

Clúdaítear tú le seirbhísí sláinte poiblí má chónaíonn tú in Éirinn agus gur chónaigh tú anseo, nó má bhí tú chun cónaí anseo, ar feadh bliain amháin ar a laghad. Tugtar gnáthchónaí in Éirinn air sin. Léigh a thuilleadh eolais faoi sheirbhísí gnáthchónaí agus sláinte poiblí anseo.

D'fhéadfadh roinnt cuairteoirí bheith i dteideal seirbhísí sláinte poiblí, mar shampla, daoine ó thíortha eile ón Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) nó ón Eilvéis.

Má chónaíonn tú in Éirinn is féidir leat rochtain a fháil ar an gcúram sláinte san Eoraip.

Liachleachtóirí Ginearálta

Is dochtúirí teaghlaigh iad na lia-chleachtóirí ginearálta (GPí). Is minic gurb é an GP an chéad dochtúir a fheiceanna daoine faoi fhadhb sláinte éigin. Is iondúil gur cuid den chóras cúraim shláinte phríobháideach iad na GPí, agus is iondúil go gcaithfidh tú muirir a íoc nuair a fheiceann tú GP. Is féidir leat GP a fheiceáil gan muirear don chuairt má tá cárta leighis nó Cárta Cuairte Dochtúra agat.

Soláthraíonn na GPí atreoruithe chuig lianna níos speisialaithe ar a dtugtar comhairligh. Ní féidir leat comhairleach a fheiceáil den chéad uair gan atreorú ó GP.

Tiocfaidh roinnt GPí chun do bhaile freisin má éiríonn tú breoite. Is minic a eagróidh roinnt GPí i gceantar éigin chun seirbhís a chur ar fáil istoíche nó ag an deireadh seachtaine.

Cárta leighis

Féadann tú cárta leighis a fháil má bhíonn d’ioncam faoi bhun leibhéil éigin. (Is féidir le daoine áirithe cárta a fháil gan tástáil ioncaim, mar shampla, leanaí le hailse.)

Is féidir leat seirbhísí sláinte poiblí a fháil saor in aisce le cárta leighis, lena n-áirítear cuairteanna chuig an lia agus chuig seirbhísí ospidéil phoiblí.

Clúdaíonn an cárta leighis costas na gcógas leighis ar oideas, ach íocann tú muirear seasta nuair a fhaigheann tú na cógais – is ionann an muirear oidis sin i leith gach aon mhír.

Cárta cuairt dochtúra

Má bhíonn d’ioncam os cionn na teorann i leith cárta leighis, b'fhéidir go mbeifeá in ann cárta cuairt dochtúra a fháil. Baineann tástáil ioncaim le teorainn níos airde leis. Ní chlúdaíonn an cárta cuairt dochtúra ach amháin cuairteanna saora in aisce chuig do lia teaghlaigh. Ní theastaíonn an tástáil ioncaim do dhuine ar bith faoi bhun 6 bliana d’aois ná os cionn 70 bliain d’aois – is féidir le gach uile dhuine sna haoisghrúpaí úd cárta cuairte dochtúra a fháil.

Ionaid Sláinte

Is féidir leat rochtain a fháil ar sheirbhísí sláinte agus sóisialta pearsanta tríd an Oifig Sláinte Áitiúil i gcomhair do cheantair. Is iad roinnt Ionad Sláinte Áitiúil i ngach aon cheantar a sholáthraíonn na seirbhísí úd. Is éagsúil é réimse na seirbhísí a sholáthraítear ó cheantar amháin go chéile, ach áirítear leo cúram altranais, cosliacht, teiripe urlabhra, fisiteiripe, seirbhísí meabhairshláinte agus a thuilleadh nach iad. Is féidir seirbhísí sláinte a sholáthar i do bhaile féin ar uairibh. D’fhéadfadh an t-ionad sláinte cabhair leis an obair bhaile a eagrú freisin do dhaoine scothaosta nó do dhaoine le míchumais trí mheán seirbhíse cabhrach baile.

Seirbhísí ospidéil

Féadtar tú a atreorú chuig ospidéal mar othar poiblí nó mar othar príobháideach. Is féidir leat leas a bhaint as seirbhísí ospidéil mar othar seachtrach nó mar othar cónaitheach. Tugtar léargas tosaigh sa chuid seo don chóras. Is féidir leat eolas mionsonraithe a léamh faoi mhuirir ospidéil anseo.

Seirbhísí othar seachtrach

Féadfaidh do lia teaghlaigh (GP) tú a atreorú chuig an rannóg othar seachtrach le hospidéal poiblí, mar shampla, le d’fheiceáil ag comhairleach is speisialtóir nó le tástálacha diagnóiseacha ar nós x-ghathanna a fháil.

Is seirbhísí othar seachtrach iad na seirbhísí tionóisce agus éigeandála, agus ní bhaineann aon mhuirear leo más GP a atreoraíonn tú.. Tá muirear seasta ann má thugann tú cuairt ar rannóg tionóisce agus éigeandála gan atreorú le GP.

Is é GP a chaithfidh tú a atreorú chun cuairt a thabhairt ar chomhairleach (speisialtóir míochaine). Ní gá duit íoc as seirbhísí an chomhairligh agus ní bhfaigheann tú an deis chun do chomhairleach a roghnú mar othar poiblí. Tá liostaí feithimh ann do sheirbhísí neamh-éigeandála i go leor ceantar.

Má thoghann tú chun atreorú chuig comhairleach a fháil mar othar príobháideach, is amhlaidh ar tusa a íocann as seirbhísí an chomhairligh. Socraíonn ospidéil phríobháideacha a gcuid muirear féin. Má bhíonn árachas sláinte príobháideach agat, b’fhéidir go gclúdaíonn sé roinn de na muirir nó iad go léir.

Seirbhísí othar cónaitheach

Féadfar tú a ghlacadh isteach san ospidéal mar othar cónaitheach faoi chúram comhairligh.

Tá muirear seasta laethúil ann d’othair chónaitheacha má thagann tú chun an ospidéil mar othar poiblí, agus gan cárta leighis bheith agat. Baineann uasteorainn leis an méid a ghearrfar ort thar thréimhse 12 mí.

Má ghlactar isteach chun ospidéil phoiblí mar othar príobháideach le comhairleach tú, íocfaidh tú muirear ospidéil laethúil éagsúil i leith othar cónaitheach.

Drugaí agus cógais leighis

ghnáthchónaíonn tú in Éirinn, is féidir leat drugaí agus cógais leighis ar oideas agus áiseanna agus fearais leighis agus máinliachta áirithe a fháil saor in aisce nó faoi fhóirdheontas.

Bíonn muirear oidis seasta ann do shealbhóirí cárta leighis. Mura bhfuil cárta leighis agat, is féidir leat cúnamh a fháil le costas na gcógas leighis ar oideas faoin Scéim Íocaíochta Drugaí. Is féidir le daoine a fhulaingíonn le riochtaí áirithe cógais leighis a fháil do chóireáil na riochtaí úd faoin Scéim Breoiteachta Fadtéarmaí.

Seirbhísí eile

Áirítear leis an réimse seirbhísí sláinte a sholáthraíonn an FSS:

Gearáin

córas gearán ann do na seirbhísí sláinte poiblí a sholáthraíonn FSS nó a sholáthraítear thar a ceannsa.

Tabhair cuair ar healthcomplaints.ie i gcomhair eolais faoi ghearán a dhéanamh faoi sheirbhís sláinte poiblí, ar láithreán gréasáin é a sholáthraíonn eolas faoin gcaoi chun gearán a dhéanamh nó chun aiseolas a fháil faoi sheirbhísí sláinte agus cúraim shláinte.

Faoisimh chánach

Is féidir leat faoiseamh cánach i leith caiteachas leighis a éileamh. Is ann do roinnt creidmheasanna agus faoiseamh cánach do dhaoine le míchumais.

Tacaíochtaí eile

Is ann do shochair leasa shóisialaigh do dhaoine atá breoite nó le míchumas. Tá íocaíochtaí agus sochair ann do chúramóirí freisin.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 21 Márta 2017