Tairiscíonn roinnt comhlachtaí in Éirinn árachas sláinte príobháideach deonach.
Is é an Bord Árachais Sláinte Dheonaigh (VHI) an soláthraí is mó árachais sláinte dheonaigh phríobháidigh. Comhlacht leathstáit is ea é a ndéanann an tAire Sláinte a bhord a cheapadh. Is é Laya Healthcare an dara soláthraí is mó árachais sláinte dheonaigh phríobháidigh. Is é Hibernian Aviva an tríú soláthraí is mó árachais sláinte dheonaigh phríobháidigh. Tá roinnt soláthraithe árachais sláinte seanbhunaithe ann a dheailáileann le grúpaí áirithe fostaithe – ní féidir ach le fostaithe agus fostaithe ar scor agus a gcleithiúnaithe a bheith ina mbaill dóibh. Cuirtear scéimeanna le ballraíocht theoranta ar na scéimeanna seo – áirítear mar shamplaí na scéimeanna do na Gardaí, do oifigigh phríosúin agus do fhostaithe an BSE. Baineann na rialacha i dtaca le hárachas sláinte go cothrom leis na soláthraithe uile, ach déantar roinnt eisceachtaí i gcás na scéimeanna le ballraíocht theoranta.
Úsáidtear árachas sláinte chun íoc as cúram príobháideach ospidéil nó cúram ó ghairmithe éagsúla sláinte san hospidéil nó ina gcuid cleachtas féin. Tá socruithe éagsúla ann ó chomhlacht go céile, ach tá socruithe ag an gcuid is mó de na comhlachtaí a ligeann don chomhlacht an ospidéal an íoc go díreach. De ghnáth íocann tú an gairmí sláinte agus ansin cuireann tú éileamh isteach ar an gcomhlacht sláinte árachais. Ba chóir duit fáil amach ó do chomhlacht féin cén nósanna imeachta atá acu.
Rialóir neamhspléach reachtúil do mhargadh an árachais phríobháidigh sláinte in Éirinn é an tÚdarás um Árachas Sláinte. Déanann sé monatóireacht ar oibriú an ghnó um árachas sláinte in Éirinn agus cuireann sé comhairle ar an Aire Sláinte ina thaobh, san áireamh déanann sé measúnú ar an tionchar atá ag aon rialacháin nó reachtaíocht nua ar thomhaltóirí. Tá sé mar aidhm ag an Údarás déanamh cinnte go bhfuil tomhaltóirí ar an eolas maidir lena gcearta; go bhfuil cur síos cothrom déanta ar an gclúdach i bpolasaithe agus in ábhar bolscaireachta ar bhealach gur féidir comparáid a dhéanamh idir pholasaithe, go bhfuil cosaint agus cothú déanta ar rátáil phobail, saor bhallraíocht agus clúdach saoil. Déanann an tÚdarás athbhreithniú chomh maith ar oiriúnacht na gcleachtas a mbaineann lucht árachais úsáid astu agus iad ag deileáil le tomhaltóirí.
Tá tuairisc foilsithe ag an Údarás um Árachas Sláinte ar a tugtar "Mo Chearta, mo Roghanna" (pdf) agus Táirgí Árachais Phríobháidigh Sláinte a Roghnú" (pdf), Is féidir iad ar líne a léamh nó iarratas ar chruacóíp a dhéanamh.
Is féidir comparáid na príomhchostais agus sochair a bhaineann le táirgí árachais sláinte difríúla a dhéanamh tríd an uirlis comparáide táirgí.
Baineann ceann de bhunfheidhmeanna an Údaráis um Árachas Sláinte le hoibriú Scéime um Chothromú Riosca. Próiséas é cothromú riosca a bhfuil sé mar aidhm aige difríochtaí i gcostais árachóirí a neodrú go cothrom. Tarlaíonn na difríochtaí sin de bharr éagsúlachtaí i stádas sláinte na mball. Tá an próiséas seo ábhartha don thomhaltóir sa mhéid agus go bhféadfadh sé tionchar a bheith aige ar rátáil phobail nó ar chomórtas idir árachóirí.
Coinníonn an tÚdarás clár de na cuideachtaí árachais atá i dteideal árachais sláinte a thairiscint in Éirinn.
Go dtí 1994, ba iad an VHI agus na comhlachtaí bunaithe ar bhallraíocht theoranta amháin a chuir seirbhísí ar fáil. Rinne an Tríú Threoir de chuid an AE ar Árachas Neamhshaoil, a tháinig i bhfeidhm ar 1 Iúil 1994, a ligean do chomhlachtaí eile árachas sláinte príobháideach a thairiscint agus ansin tháinigh QUINN-healthcare agus Hibernian Aviva isteach sa mhargadh Éireannach. Ag an am céanna, ceadaíodh an tAcht Árachais Sláinte 1994, a rialaigh margadh an árachais sláinte. Tugann an Acht Árachais Sláinte (Leasú) 2001 agus an Acht Árachais Sláinte (Leasú) 2003 ról feabhsaithe don Údarás Árachais Sláinte agus ligeann sé don rátáil phobail feadh saoil a thabhairt isteach.
Ní mór do gach árachóir sláinte a chlárú leis an Údarás Árachais Sláinte. Is iondúil go mbíonn ar árachóirí riachtanais éagsúla stuamachta a shásamh, a bhaineann leis Roinn Post, Fiontar agus Fostaíochta – baineann na riachtanais seo go ginearálta leis na comhlachtaí go léir árachais agus seirbhísí airgeadais, agus le hábhair cosúil le feidhmiú airgeadais agus polasaithe infheistíochta. Cé go bhfuil díolúine ag an VHI i dtaca leis na riachtanais seo a shásamh, coinníonn sé cúlchiste suntasach, go mór thar an íosleibhéal a theastaíonn ó reachtaíocht ábhartha an AE.
I láthair na huaire, ní mór do chomhlachtaí a thariscíonn clúdach i dtaca le seirbhísí ospidéil íosleibhéal sochar a chur ar fáil. Ní mór dóibh íosleibhéal clúdaigh a thairiscint maidir le:
Is é an íosleibhéal cóiríochta cóiríocht leathphríobháideach in ospidéal poiblí.
Tá sé de chead ag comhlachtaí conarthaí a thairiscint atá teoranta do sheirbhísí áirithe sláinte, mar shampla do sheirbhísí fiacla agus optúla, gan a bheith orthu na riachtanais ghinearálta i dtaca le rátáil phobail a shásamh, clárú oscailte agus clúdach feadh saoil. Is féidir leo chomh maith conarthaí a thairiscint maidir le seirbhísí liachleachtóir ginearálta agus eisothair gan bheith orthu na riachtanais ó thaobh iosleibhéal sochair.
Baineann trí phrionsabal ghinearálta le hárachas sláinte:
Faoi láthair, ní mór do chomhlachtaí árachais sláinte glacadh le héinne faoi 65 bliana ar mian leo clárú, is cuma cén aois, gnéas no stádas sláinte atá acu - cuirtear "clárú oscailte" air seo. Ní mór do scéimeanna le ballraíocht theoranta glacadh le gach duine incháilithe.
Nuair a chláraíonn tú agus nuair leanann tú ar aghaidh ag íoc do phréimheanna, ní féidir leis an gcomhlacht árachais gan clúdach a thabhairt duit - cuirtear "clúdach feadh saoil" air seo.
Ciallaíonn "rátáil phobail" nach mór don chomhlacht árachais an ráta céanna a chur ar leibhéal áirithe seirbhísí, gan bacadh le haois, gnéas nó stádas sláinte a chur san áireamh. Mar sin íocann aosaigh uile an méid céanna as na sochair chéanna. Murab ionann agus árachas mótair nó árachas saoil, níl aon tionchar ag gnéas, claonadh gnéasach, sláinte nó stair éileamh ar na táillí a chaitear a íoc as árachas.
Is féidir go mbeidh táillí níos lú ná na gnáth táillí d'aosaigh i gcás daoine faoi 18 mbliana, daoine idir 18 agus 23 bliana, daoine ar scor a bhfuil socrú speisialta acu le scéim árachais a gcomhlachta agus daoine i scéimeanna grúpa árachais sláinte.
Ní féidir leis an gcomhlacht árachais sláinte diúltú duit ar bhonn do stádas sláinte ach is féidir leat an clúdach a theorannú i gcúinsí áirithe.
Má tá 65 bliana nó a thuilleadh slánaithe agat nuair a n-iarrann tú ar chlárú, níl ar an gcomhlacht árachais glacadh leat. Má tá tí i do bhall cheana nuair a sroicheann tú 65 bliana, tá tú i dteideal fanacht mar bhall. De ghnáth ní ghlacann na comhlachtaí árachais sláinte atá ag tairiscint clúdach árachais sláinte in Éirinn le hiarrthóirí thar 65 bliana (ach amháin sa chás go bhfuil tú ag aistriú ó chomhlacht árachais eile).
Má tá tú i do bhall de scéim árachais sláinte agus má théann an comhlacht as gnó nuair atá tú thar 65 bliana, tá tú i dteideal clárú i gcomhlacht eile laistigh de 13 seachtain tar éis a leithéid a tharlú.
Ina theannta sin, is féidir leis an gcomhlacht árachais sláinte gan clúdach a thabhairt duit maidir le riochtanna a bhí agat cheana ar feadh tréimhsí níos faide tar éis duit clárú. Mar shampla má tá tú diabéiteach, d'fhéadfadh an comhlacht árachais gan aon chlúdach do dhiabéiteas a thabhairt duit ar feadh tréimhse luaite, ach caithfidh sé clúdach a thabhairt duit maidir le galar ar bith eile tar éis don tréimhse thosaigh fheithimh a bheith thart.
Ní mór duit iarratas a chur isteach go díreach chuig an comhlacht árachais ar mian leat clárú ann. Caithfidh gach comhlacht glacadh leis na rialacha ginearálta luaite ach i ndiaidh sin is féidir leo a rialacha féin a cheapadh. Tá leibhéil éagsúla ar fáil agus tá rátaí éagsúla íocaíochta ag na comhlachtaí éagsúla.
Prionsabal ginearálta é i gcúrsaí árachais go bhfuil ort do shonraí ábhartha ar fad a thabhairt don chomhlacht árachais. Mura ndéanann tú sin, d'fhéadfadh an conradh ar fat a bheith neamhnitheach.
Má tá fadhbanna agat ag fáil clúdaigh, ba chóir duit a dhul i dteagmháil leis an Roinn Sláinte nó leis an Údarás Árachais Sláinte.
Tá tuilleadh eolais faoi na rialacha árachais sláinte príobháideach ar fáil ó:
Teach na Canálach
Bóthar na Canálach
Baile Átha Cliath 6
Éire
Teil:+353 (0)1 4060080
Lóghlao:1850 929 166
Facs:+353 (0)1 4060081
Láithreán Gréasáin: http://www.hia.ie
Teach Hawkins
Sráid Hawkins
Baile Átha Cliath 2
Éire
Teil:+353 1 635 4000
Lóghlao:1890 200 311
Facs:+353 1 635 4001
Láithreán Gréasáin: http://www.dohc.ie
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.