Anseo atá tú: Baile > Sláinte > Seirbhísí Lia-chleachtóirí > Liachleachtóirí Ginearálta agus Othair Phríobháideacha

Print Page Send to a Friend

Liachleachtóirí Ginearálta agus Othair Phríobháideacha

Eolas

Mura bhfuil cárta leighis agat, ní foláir duit cuairt a thabhairt ar Liachleachtóir ginearálta mar othar príobháideach. Caithfidh tú íoc as na seirbhísí a chuirfear ar fáil duit.

Tá roinnt Liachleachtóirí ginearálta ann nach gcuireann seirbhísí ar fáil ach amháin d'othair phríobháideacha. Ní féidir leis na Liachleachtóirí ginearálta atá sa scéim Seirbhísí Ginearálta Leighis caitheamh ar bhealach difriúil le othair príobháideacha agus le sealbhóirí chartaí leighis. Ba cheart don dochtúir freastal a dhéanamh ort san áitreabh céanna agus ba cheart duit a bheith in ann teacht ar na huaireanta céanna clinic leis na hothair phríobháideacha.

Níl aon táillí socraithe i gcomhair seirbhísí an Liachleachtóra.

Rialacha

Go bunúsach is conradh é an gaol idir othar príobháideach agus liachleachtóir ginearálta - déanann tú conradh le do Liachleachtóir ginearálta le seirbhís a sholáthar duit agus íocann tú as an tseirbhís. Is fút féin agus faoin liachleachtóir ginearálta costas na seirbhíse a shocrú eadraibh.

Seirbhísí atá saor in aisce d'othair phríobháideacha.

Féadfaidh Liachleachtóirí ginearálta seirbhísí faoi leith a sholáthar do na hothair phríobháideacha saor in aisce - mar shampla, seirbhísí máithreachais agus leasa naíonán agus seirbhísí díonta agus vacsaínithe má bhíonn comhaontú acu le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte déanamh amhlaidh.

Maidir le roinnt seirbhísí áirithe, mar shampla, an vacsaín fliú, cuirtear an vacsaín féin ar fáil saor in aisce d'othair phríobháideacha ach ní mór dóibh féin íoc as seirbhís an Liachleachtóra ghinearálta.

Tá tástálacha fola saor in aisce freisin, mar tá siad próiseáilte sna hospidéil phoiblí. Arís, caithfidh tú an choinne LG a íoc.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 16 September 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.