Anseo atá tú: Baile > Sláinte > Seirbhísí Lia-chleachtóirí > Seirbhísí LG do dhaoine a bhfuil cártaí leighis acu

Print Page Send to a Friend

Seirbhísí LG do dhaoine a bhfuil cártaí leighis acu

Eolas

Cuireann Liachleachtóirí Ginearálta (LG) seirbhísí ar fáil saor in aisce do Shealbhóirí Chartaí Leighis. Déanann na Liachleachtóirí Ginearálta, a ghlacann páirt sa scéim Seirbhísí Ginearálta Leighis (SGL), conarthaí le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte maidir le seirbhísí a sholáthar.

De ghnáth, is féidir leis na hothair a ndochtúir féin a roghnú ó phainéal na ndochtúirí a bhaineann leis an scéim, ar chuntar go bhfuil an dochtúir sásta iad a ghlacadh mar othair. Go ginearálta, ba cheart do do dhochtúir féin na seirbhísí a chur ar fáil ach tá socruithe i bhfeidhm i gcás éigeandála agus i gcás daoine a fhágann an ceantar.

Ní mór do na dochtúirí cúram a chur ar fáil d'othair chartaí leighis sa chaoi chéanna is a chuireann siad cúram ar fáil d'othair phríobháideacha.

Rialacha

Ag roghnú dochtúra duit féin

Nuair a dhéanann tú iarratas ar chárta leighis chuig d'Oifig Sláinte Áitiúil, cuirtear liosta dochtúirí maraon le Foirm Ghlactha Dhochtúra ar fáil duit. Ansin, is féidir leat dochtúir a roghnú ón liosta, iarraidh ar an dochtúir an Fhoirm Ghlactha a shíniú agus í a sheoladh ar ais chuig an Oifig Sláinte Áitiúil. De ghnáth, caithfidh tú dochtúir a roghnú a bhfuil a Áras dochtúra laistigh de 7 míle ó do theach féin ach amháin mura bhfuil dochtúir ar bith laistigh den limistéar sin.

D'fhéadfadh sé tarlú nach mbeadh an dochtúir sásta othair nua a ghlacadh, mar shampla, má tá an iomarca othar aige nó aici cheana féin - de ghnáth ní cóir go mbeadh níos mó ná 2,000 othar SGL ag dochtúir. Mura bhfuil tú in ann teacht ar dhochtúir a bheadh sásta tusa a ghlacadh mar othar tar éis do thriúr liachleachtóirí ginearálta seirbhís a dhiúltú duit, déanfaidh Feidmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) dochtúir a shannadh duit.

Taispeánann an cárta leighis d'ainm, do dháta breithe agus d'uimhir PSP maraon leis an dáta ar a dtéann an cárta in éag má éisítear do chárta ar feadh tréimhse teoranta. Más mian leat dochtúir a athrú, caithfidh tú foirm dhochtúra a chomhlánú (ar fáil ón Oifig Sláinte Áitiúil) ag sonrú an dochtúra nua.

Eisítear roinnt cartaí leighis ar feadh tréimhse teoranta agus taispeántar dáta áthbhreithnithe ar an gcárta. De ghnáth, ciallaíonn sé sin go ndéanfaidh an FSS athscrúdú chun fáil amach an bhfuil tú i dteideal cárta. De ghnáth ní bhíonn dochtúir le roghnú arís.

Seirbhísí á soláthar ag LG faoin SGL

Sonraíonn conradh an Liachleachtóra Ghinearálta leis an FSS an réimse seirbhísí a gcaithfidh an dochtúir a sholáthar i gcomhair sealbhóirí chártaí leighis. Tríd is tríd, ba cheart na seirbhísí seo a sholáthar ag an leibhéal céanna agus ar aon bhonn leis na seirbhísí d'othair phríobháideacha an LG. Ciallaíonn sé sin, mar shampla go mba cheart go mbeadh uaireanta clinic mar an gcéanna do na hothair go léir maraon le saoráid chuairteanna baile, srl.

I measc na seirbhísí a gcaithfidh an LG a sholáthar do shealbhóirí chartaí leighis tá:

  • Seirbhísí comhchomhairle ag áras máinliachta an LG nó i do theach féin mar is cuí
  • Cúram ceart agus riachtanach den sórt a nglacfadh LG air féin a dhéanamh go ginearálta - baineann sé sin le breithiúnas leighis phearsanta ach san áireamh tá seirbhísí mar díonadh agus vacsaíniú le haghaidh páistí
  • Teastais leighis riachtanacha, m.sh, d'iarratais maidir le íocaíochtaí leasa shóisialaigh agus neamhláithreacht ón obair. Cumhdaíonn an cárta leighis an chéad teastas leighis a eisiúint agus an ceann deireanach chun neamhláithreacht ón obair a mhíniú. D'fhéadfadh sé go mbeadh ort íoc as deimhnithe leighis eile ach déanann an Roinn Coimirce Sóisialaí íocaíocht ar dheimhnithe leighis a bhaineann le iarratas ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh.
  • Oidis le haghaidh drugaí, leigheasanna agus fearais faoi mar is gá iad. I gcásanna áirithe, caithfidh na LG drugaí agus leigheasanna a ullmhú. Tá tú i dteideal na seirbhíse seo mura bhfuil ach ionad cleachtais amháin ag an LG agus má bhíonn sé trí mhíle nó níos faide ón bpoitigéir miondíol is giorra. Glaotar "dochtúirí ullmhaithe" uaireanta ar dhochtúirí a ullmhaíonn drugaí agus leigheasanna de réir na socruithe seo. In áiteanna ar fud na tíre, is é an "siopa poitigéara" an t-ainm a thugtar fós ar áras an dochtúra fiú mura dochtúir ullmhaithe é an dochtúir.

Tá seirbhísí áirithe ann nach bhfuil iallach ar LG a sholáthar saor in aisce, mar shampla, teisteanna súl i gcomhair ceadúnais tiomána nó árachais saoil.

Seirbhísí éigeandála

Ní mór do na LG atá páirteach sa scéim SGL seirbhísí éigeandála cuí a sholáthar nó socruithe a chur i bhfeidhm don soláthar sin dá othair a bhfuil cártaí leighis acu. D'fhéadfadh córais de réir oird a bheith ann d'fhonn socruithe croschumhdacha dhochtúirí a sholáthar lasmuigh de thráthanna oifige.

Ag aistriú go ceantar eile

Má aistríonn tú go dtí limistéar FSS nua, caithfidh tú iarratas a athdhéanamh ar chárta nua leighis le foirm ghlactha nua ón dochtúir. Fanann an cárta leighis atá ann bailí ar feadh trí mhí. Ba cheart duit socruithe a dhéanamh leis an Oifig Sláinte Áitiúil sa cheantar nua chun teacht ar sheirbhísí i rith na trí mhí úd.

Conas iarratas a dhéanamh

Ba cheart iarratas ar chárta a dhéanamh chuig d'Oifig Sláinte Áitiúil. Tabharfaidh siad liosta duit de na dochtúirí a ghlacann páirt sa scéim SGL.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 16 September 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.