Anseo atá tú: Baile > Sláinte > Seirbhísí Lia-chleachtóirí > Seirbhísí atá ar fáil ó liachleachtóirí ginearálta agus ó chógaslanna - Réamhrá

Print Page Send to a Friend

Seirbhísí atá ar fáil ó liachleachtóirí ginearálta agus ó chógaslanna - Réamhrá

Eolas

Liachleachtóir ginearálta (LG) an téarma oifigiúil atá ann don dochtúir a chuireann seirbhísí ar fáil do dhaoine ina (h)áras féin nó i dteach an othair. Tagraíonn formhór na ndaoine don LG mar dhochtúir nó mar dhochtúir teaghlaigh.

Déanann na LG seirbhísí a chur ar fáil saor in aisce do shealbhóirí chártaí leighis. Tá cuairteanna ag sealbhóirí chártaí cuairte LG saor in aisce freisin ach ní fhéadhfadh seirbhísí eile bheith saor in aisce. Déanann LG áirithe seirbhísí máithreachais agus leasa naíonán agus seirbhísí do dhaoine atá ag fulaingt ó Heipitíteas C. Ní mór do na hothair áirithe eile íoc as seirbhísí LG.

Féadfaidh dochtúir cáilithe Cleachtas Ginearálta a chur ar bun, ar chuntar go gcomhlíonann sé/sí na riachtanais uile atá leagtha síos ag an gComhairle Leighis, an Comhlacht Rialacháin um Dhochtúirí. Déanann roinnt dochtúirí conarthaí le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) d'fhonn seirbhísí LG do shealbhóirí chartaí leighis a sholáthar. Déantar tagairt do na dochtúirí úd mar dhochtúirí a mbaineann leis an Seirbhís Aisíocaíochta Cúraim Phríomhúil (SACP). (Is scéim Seirbhísí Ginearálta Leighis (SGL) a tugadh ar an Sheirbhís Aisíocaíochta Cúraim Phríomhúil roimhe seo.) Ba cheart go mbeadh roinnt blianta taithí ag na dochtúirí agus iad in ann riachtanais eile a chomhlíonadh chun a bheith páirteach sa scéim seo. Roghnaíonn sealbhóirí chártaí leighis dochtúir faoi leith nó sanntar dochtúir dóibh i gcomhair na seirbhísí.

Ní fhreastalaíonn roinnt dochtúirí ach ar othair phríobháideacha amháin. Déanann formhór na n-dochtúirí, a fhreastalaíonn ar othair phríobháideacha amháin, seirbhísí a sholáthar dóibh thar ceann na FSS seirbhísí máithreachais agus leasa naíonán agus vacsaínithe mar shampla.

drugaí agus míochaine ar oideas atá formheasta saor in aisce do shealbhóirí chartaí leighis agus do dhaoine le Heipitíteas C a bhfuil Cártaí um Leasú Sláinte acu. (Ní fhormheastar nithe áirithe neamhchostasacha a bhfuil súil leis go gceannóidh tú thar an gcuntar iad). Féadfaidh daoine a bhfuil galair fhadthéarmacha áirithe acu na drugaí agus na leighis fhormheasta atá molta i gcomhair na ngalar sin, a fháil saor in aisce. De réir an Scéim um Íocaíocht Drugaí, níor cheart go gcaithfeadh aon duine nó aon aonad teaghlaigh níos mó ná €120 (2010) a íoc in aghaidh míosa féilire as na drugaí agus na leigheasanna formheasta atá molta.

De ghnáth, féadfar drugaí agus leigheasanna atá molta a fháil ó do shiopa poitigéara áitiúil. Tá conarthaí leis na FSS ag beagnach gach uile siopa poitigéara maidir le drugaí agus leigheasanna formheasta atá molta a sholáthar do shealbhóirí chártaí leighis, daoine le Heipitíteas C a bhfuil Cártaí um Leasú Sláinte acu agus sealbhóirí chártaí le galair fhadthéarmacha agus maidir leis an Scéim um Íocaíocht Drugaí a chur i bhfeidhm. Deirtear go mbaineann poitigéirí dá sórt leis an scéim Seirbhísí Ginearálta Leighis. I gcúinsí áirithe, is féidir le dochtúir, na hospidéil agus Institiúidí saineolacha drugaí agus leigheasanna a sholáthar go díreach.

Tá rialacháin cinnte maidir le bunú agus soláthar foirne sna siopaí poitigéara pobail. Baineann na rialacha seo le cáilíochtaí na foirne agus smachtú um dhíolachán drugaí go ginearálta.

Más sealbhóir chártaí leighis thú nó duine le Heipitíteas C a bhfuil Cárta um Leasú Sláinte agat nó sealbhóir chárta le galar fadthéarmach, féadfaidh tú dul go dtí cibé poitigéir pobail maidir leis an oideas agatsa a chomhlánú - ní othar thú de phoitigéir ar leith murab ionann agus dochtúir faoi leith.

Ní mór duit seirbhísí de cheann amháin de na poitigéirí pobail a úsáid laistigh de mhí faoi leith chun fónaimh a bhaint as an Scéim um Íocaíocht Drugaí.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 16 September 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Drugaí agus cógais ordaithe
    Tá cur síos sa cháipéis seo ar an gcineál cúnaimh atá ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas le deis a thabhairt dóibh a saol a chaitheamh chomh neamhspléach agus is féidir leo.
  • Scéim Tinneas Fadtéarmach
    Clúdaíonn an scéim na drugaí agus cóir leighis saor in aisce um chóireáil tinneas agus reachta áirithe.
  • Seirbhísí LG do dhaoine a bhfuil cártaí leighis acu
    Tá cur síos sa cháipéis seo ar na seirbhísí saor in aisce a chuireann Liachleachtóirí Ginearálta ar fáil do dhaoine a bhfuil cártaí leighis acu.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.