Anseo atá tú: Baile > Sláinte > Sábháilteacht bia > Biaslán - An Bord um Chur Chun Cinn na Sábháilteachta Bia

Print Page Send to a Friend

Biaslán - An Bord um Chur Chun Cinn na Sábháilteachta Bia

Eolas

Tá Biaslán (An Bord um Chur Chun Cinn na Sábháilteachta Bia), ar cheann de na comhlachtaí Thuaidh/Theas a bunaíodh in Éirinn mar thoradh ar Chomhaontú Aoine an Chéasta. Bunaíodh an eagraíocht seo chun sláinte phoiblí a chosaint agus a fheabhsú, trí mhuinín a chothú agus a chaomhnú sa soláthar bia ar oileán iomlán na hÉireann, i gcomhpháirt le daoine eile.

Tá Biaslán bunaithe in Éirinn, agus déanann sé a chuid oibre ar bhunús uile-oileáin. Tá an eagraíocht freagrach don Chomhairle Aireachta Thuaidh/Theas.

Cad a dhéanann Biaslán?

Tá sé d’aidhm ag Biaslán timpeallacht a chruthú inar féidir le tomhaltóirí i ngach áit in Éirinn muinín a bheith acu as an mbia a itheann siad. Cuireann siad comhairle agus treoir ar fáil don tionscal bia agus do thomhaltóirí. Tá Biaslán freagrach go sonrach astu seo a leanas:

  • Cur chun cinn sábháilteachta bia
  • Taighde maidir le sábháilteacht bia
  • Foláirimh bia a chur in iúl
  • Faireachas a dhéanamh ar ghalair a iompraítear i mbia
  • Comhoibriú eolaíoch agus naisc idir saotharlanna a chur chun cinn
  • Forbairt áiseanna ar chostas éifeachtach i gcomhair tástála saotharlainne speisialtóra.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Biaslán

7 Ascaill an Gheata Thoir
An Geata Thoir
Corcaigh
Éire

Teil:+ 353 (0) 21 230 4100
Facs:+ 353 (0) 21 230 4111
Láithreán Gréasáin: http://www.safefoodonline.com/en/
R-phost: info@safefoodonline.com


Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 21 April 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.