Anseo atá tú: Baile > Sláinte > Sábháilteacht bia > An tÚdaras Éireannach um Shábhailteacht Bia

Print Page Send to a Friend

An tÚdaras Éireannach um Shábhailteacht Bia

Eolas

Cuireadh An tÚdarás Éireannach um Shábháilteacht Bia (ÚÉSB) ar bun mar chomhlacht reachtúil faoin Acht Údarás Éireannach um Shábháilteacht Bia 1998. Tá sé mar aidhm aige "sláinte tomhaltóirí a chosaint trí a bheith cinnte go shroicheann bia ite, dáilithe, díolta nó déanta in Éirinn na caighdeáin sábháilteachta bia agus sláinteachais is airde". Is é an príomhchomhlacht a chomhordnaíonn sábháilteacht bia in Éirinn, imeachtaí sábháilteachta bia réimse comhlachtaí, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS), údaráis áitiúla agus ranna Rialtais san áireamh.

Cuireann an t-údarás chun cinn, spreagann sé agus cothaíonn sé caighdeáin ard sábháilteachta agus sláinteachais ag gach céim den bhiashlabhra ó thairgeadh príomha d'úsáid deiridh an chustaméara ("ó fheirm go forc"). Tá sé mar aidhm ag a chuid oibre go nglacfar leis go bhfuil an phríomhfhreagrach i dtaobh iniúchta agus dul chun cinn sábháilteachta bia ag tairgeoirí, déantóirí, dáileoirí, miondíoltóirí agus riarthóirí. Ní mór don údarás dul i gcomhairle le tomhaltóirí chomh maith le daoine a bhfuil baint acu le chuile ghné den ghnó bia chun caighdeáin arda a chur chun cinn.

Struchtúr an ÚÉSB

Bord an Údaráis

Ceapann an tAire Sláinte bord an Údaráis. Tá sé freagrach as a bheith cinnte go bhfuil na córais chuí i dtaobh sábháilteachta bia i bhfeidhm.

An Coiste Comhairleach

Chuir an t-údarás Coiste Comhairleach um Shábháilteacht Bia ar bun a bhfuil bunús agus ionadaíocht leathan aige. Ceapann an tAire Sláinte; an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara; an tAire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha; an tAire Comhshaoil, Pobal agus Rialtais Áitiúil agus an tAire Post, Fiontar agus Nuálaíochta, agus Bord an Údaráis baill an choiste seo. Cé go gcaithfidh an t-údarás dearcadh an choiste a chur san áireamh, ní chaithfidh sé glacadh leo agus é ag déanamh cinnithe.

An Coiste Eolaíochta

Ceapann an tAire Sláinte an coiste eolaíochta, i gcomhairle leis an mbord. Ní foláir don Aire, agus é/í ag ceapadh ball, cáilíochtaí eolaíochta agus taithí chuí a chur san áireamh chun a bheith cinnte go mbeidh an réimse saineolais is leithne agus is féidir ar fáil.

Tugann an coiste eolaíochta comhairle faoi chúrsaí atá curtha faoina bhráid ag an mbord maidir le ceisteanna eolaíochta nó teicniúla, scrúdú bia agus cothú. Chun bunús eolaíochta an Údaráis a rathú, faigheann an bord dearcadh an choiste eolaíochta ar an gceist sula ndéanann sé cinneadh, ach ní chaithfidh sé glacadh leis.

Ní foláir do bhaill den bhord, den choiste eolaíochta, comhairleoirí agus foireann sinsear ráiteas leasmhar a dhéanamh chun iarracht a dhéanamh a bheith cinnte nach bhfuil easaontas leasa i gceist.

Príomhghníomhaíochtaí an ÚÉSB

Is iad príomhghníomhaíochtaí an ÚÉSB ná:

  • Comhordú a dhéanamh ar chláracha smachtaithe sábháilteachta bia.
  • Scrúdú, faomhú, ceadú agus clarú a dhéanamh ar áitribh a bhfuil baint acu le tairgeadh agus dáileadh bia ag léibhéil deantúis, mórdhíolta, agus miondíolta.
  • Iniúchadh a dhéanamh ar shábháilteacht bia in Éirinn chun a bheith cinnte go bhfuil na cleachtais is fearr in úsáid.
  • Nascadh a dhéanamh leis an Aonad Náisiúnta Faire ar Ghalair, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara chun eolas a bhailiú faoi ghalrú dhaoine agus ainmhithe. Déantar é seo chun tosaíocht sláinte phoiblí a aimsiú, chomh maith le fadhbanna, ionas go gcuirfear na smachta atá ag teastáil i bhfeidhm.
  • Oideachas agus comhairle a chur ar fáil do chuile dhuine, ó thairgeoirí príomha go dtí tomhaltóirí, ar an mbealach is fearr chun tinneas bia-iompartha a sheachaint.
  • Nascadh a dhéanamh le hAonad Cur Chun Cinn Sláinte na Roinne Sláinte chun comhairle a thabhairt ar cheisteanna ar nós cothú, teicneolaíocht bia, cleachtais tionsclaíocha, saothrú plandaí bia agus ainmhithe, lipeadú bia agus pacaistíocht, agus na córais chun eolas a thabhairt don phobal faoi shábháilteacht bia agus sláinteachas sa bhaile a fheabhsú.

Conarthaí seirbhíse

D'fhéadfadh an tÚdaras Éireannach um Shábháilteacht Bia a údarás a chur i bhfeidhm é féin, nó trí chonarthaí seirbhíse le heagrais eile. Tá conarthaí seirbhíse aige le húdaráis áitiúla, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara agus An Roinn Chumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha agus an Ghníomhaireacht Náisiúnta do Thomaltóirí.

Leagann gach conradh seirbhíse síos na spriocanna agus na cuspóirí atá le comhlíonadh ag an eagraíocht, chomh maith leis an sprioc-ama atá i gceist. Tá sonraí na gconarthaí foilsithe ag an údarás agus tá córas maoirseachta i bhfeidhm aige chun a bheith cinnte go bhfuiltear ag comhlíonadh na gconarthaí. Muna comhlíontar na conarthaí go sásúil, cuireann an t-údarás tuairisc chuig an Aire Sláinte agus eagraíonn an tAire go gcuirfear faoi bhráid an Oireachtais í.

Ní foláir don údarás athbhreithniú a dhéanamh ar gach gné de shábháilteacht bia agus ní mór dó tuairisc a dhéanamh chuig an Aire nó an ghníomhaireacht chuí ar bhonn bliantúil ar a laghad, ar na deiseanna atá ann chun seirbhísí scrúdaithe bia a fheabhsú.

Tá Meabhrán Tuisceana ag an Údarás Éireannach um Shábhailteacht Bia leis an Institiúid Éireannach um Chosaint Raideolaíoch go gcomhoibríonn siad chun maoirseacht a dhéanamh ar leibhéil raidighníomhaíochta i mbia.

Rialacha

Cur i bhfeidhm caighdeáin sábháilteachta bia

D'fhéadfadh an t-údarás na rudaí seo a leanas a dhéanamh chun a bheith cinnte go gcloítear le reachtaíocht bia.

  • Áitribh agus fearas a scrúdú, a fhaomhú, a cheadú agus a chlarú, áitribh agus fearas a úsáidtear i dtaobh déantúis, próiseála, cur de láimh, iompair agus stóráil bia san áireamh.
  • Bia agus tairgí bia, ábhair bia san áireamh, a scrúdú, samplaí a thógáil agus anailís a dhéanamh orthu.
  • Lipéadú bia a scrúdú agus anailís a dhéanamh air.

Déanann an tÚdarás Éireannach um Shábháilteacht Bia an obair seo trí chonarthaí seirbhíse leis na heagrais oifigiúla.

Chun a bheith cinnte go bhfuil gach rud inaimsithe, tagann feirmeacha, áiteanna eile ina ndéantar táirgeadh príomha, ionaid choireála uisce agus foinse aon ábhar atá in úsáid chun bia a tháirgeadh, faoina chúram.

Tá réimse leathan cumhachtaí ag an údarás tuairiscí a chuartú ó chomhlacht Stáit ar bith faoi cheist a bhfuil baint aici le sábháilteacht bia agus tuairisc a chur faoi bhráid an Aire Sláinte.

Oifigigh Cheadaithe

Tá oifigigh cheadaithe ag an údarás le cumhachtaí leathana chun go mbeidh siad in ann dul isteach in áitribh bia agus iad a scrúdú, iad a chaomhnú le haghaidh scrúdaithe níos deireanaí, taifid a scrúdú agus más gá, iad a thógáil. D'fhéadfadh na hoifigigh seo samplaí bia nó ábhair a bhaineann leis a thógail, agus anailís a dhéanamh orthu agus is coir í d'aon duine cosc a chur ar oifigeach agus é/í i mbun an dualgais seo. Is iad na hoifigigh cheadaithe ná foirne na n-eagras éagsúil a bhfuil baint acu le sábhailteacht bia, Oifigigh Sláinte Comhshaoil na Feidhmeannachta na Seirbhíse Sláinte (FSS) san áireamh.

Fógraí feabhais

Má cheapann oifigeach ceadaithe go bhfuil sláinte phoiblí i mbaol mar gheall ar áitreabh nó gníomhaíocht ar bith, tá an chumhacht aige/aice an obair atá ag teastáil chun an fhadhb a réiteach a leagan síos, agus sprioc-ama a chur leis an obair. D'fhéadfadh an t-oifigeach "fograí feabhais" a leagan ar an bhfaighteoir atá ceangailteach. Úsáidtear fógraí feabhais nuair atá sé soiléir go bhfuil obair fheabhais ag teastáil, ach nach mbeidh dúnadh iomlán riachtanach. Nuair nach gcomhlíontar fógra feabhais d'fhéadfadh an t-oifigeach ordú comhlíonta a chuartú ón gCúirt Chuarda - tugtar ordú feabhais ar seo.

Ordú dúnta

I gcásanna níos tromchúisí, nuair a chreideann an t-oifigeach go bhfuil bagairt láithreach agus tromchúiseach do shláinte phoiblí, d'fhéadfadh sé/sí ordú dúnta a dhéanamh. Ciallaíonn sé seo go gcaithfear stop a chur leis an gnó go dtí go bhfuil an fhadhb réitithe.

Ordú Coisc

Má bhí tairgí nó baisc táirgí dáilithe ag an tairgeoir agus má tá siad ar an margadh, d'fhéadfadh oifigigh cheadaithe ordú a dhéanamh go dtarraineofaí siar, go gcoinneofaí agus go scriosfaí faoi mhaoirseacht na tairgí a bhfuil contúirt do shlainte phoiblí ag baint leo - eisíonn siad Orduithe Coisc sna cásanna seo.

Cúisithe

D'fhéadfadh an tÚdarás Éireannach um Shábháilteacht Bia nó aon cheann de na heagrais duine nó eagraíocht a chuisiú má sháraítear dlíthe sábháilteachta bia.

Sábhailteacht bia a chur chun cinn

Cuireann an tÚdarás Éireannach um Shábháilteacht Bia eolas agus comhairle ar fáil i dtaobh réimse iomlán ceisteanna faoi shabháilteacht bia, galair bia-iompartha, contúirtí, agus cén chaoi is féidir nimhiú bia a sheachaint san áireamh. Tá eolas ar fail ón seoladh thíos nó ó shuíomh idirlín an Údaráis Éireannaigh um Shábhailteacht Bia. Tá sonraí ar an suíomh idirlín maidir le Fógraí Aireacha tarraingt siar agus tairgí chomh maith le códanna cleachtais a aontaíonn tairgeoirí bia éagsúla leo. Tá treoracha air chomh maith do mhiondíoltóirí ar dhlíthe a bhaineann le sábháilteacht bia agus comhairle do thomhaltóirí agus do thionscal an bhia.

Scéimeanna cinnteachta sábháilteachta bia

D'fhéadfadh an t-Údaras scéimeanna a bhunú chun leas tomhaltóirí a chosaint as a stuaim féin nó ag comhoibriú le hionadaithe tairgeoirí. Clúdaíonn na "scéimeanna cinnteachta sábháilteachta bia" seo chur chun cinn an chleachtais is fearr agus réiteach treoirlínte faoi amhábhair, próiseáil, pacáistíocht, réiteach, stóráil agus láimhseáil.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann

Cúirt na Mainistreach
Sráid na Mainistreach Íochtar
Baile Átha Cliath 1
Éire

Teil:+353 1 8171300
Lóghlao:1890 336677
Facs:+353 1 8171301
Láithreán Gréasáin: http://www.fsai.ie
R-phost: info@fsai.ie

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 15 September 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.