Thug an tÚdarás Éireannaigh um Shábháilteacht Bia comhairle tábhachtach do thomaltóirí maidir le siopadóireacht. Nuair atá tú ag siopadóireacht le haghaidh bia, tá cúpla rud ar cheart duit breathnú amach dóibh
Ariamh, ná ceannaigh:
Ba cheart sailéid a chur ar taispeáint in aonad dáileora fionnuar le iad a choinneáil úr agus ba cheart go mbeadh uirlis ar leith le haghaidh gach sailéad.
Úsáid soiteach ón dáileoir i gcónaí nó ceann atá curtha ar fáil duit.
Ná bí ag láimhsiú an bhia le do chuid lámha agus ná bí ag ligeáint sraoth nó ag casachtaí timpeall ar an bhia. Má fheiceann tú éinne ag baint mí-úsáide as an bhia, cuir duine den fhoireann ar an eolas faoi.
Freisin, ba cheart duit treoracha an ollmhargaidh a leanacht go cúramach i gcónaí.
Ba cheart duit seic a dhéanamh i gcónaí ar dhátaí b'fhearr roimh agus an dáta faoinar ceart bia a úsáid, go háirithe má tá fad saoil ghearr ag bia ar nós tairgí déiríochta. 'Séard atá i gceist leis an "dáta b'fhearr roimh" ná go bhfuil na tréithe is fearr ag an mbia sin roimh an dáta seo, sé sin má tá sé storáilte i gceart. 'Séard atá i gceist leis an "dáta faoinar ceart bia a úsáid" ná rabhadh atá ann nár ceart bia a ithe ná a dhíol i ndiaidh an dáta seo.
Nuair atá tú ag siopadóireacht ná roghnaigh bia fuar nó bia reoite ar nós feoil, tairgí déiríochta, tairgí deilí, uachtar reoite nó bia reoite go dtí deireadh an turais siopadóireachta agus coinnigh scarrtha iad ó bhia té. Ní bheidh Cáin Timpeallachta ar Mhálaí Plaisteacha le n-íoc agat má úsáideann tú málaí plaisteacha beaga le haghaidh tairgí feola, éisc agus éanlaithe, is cuma má tá siad i bpacáiste nó nach bhfuil. Sa bhreis ar sin, ní bheidh an cháin gearrtha ort má úsáideann tú málaí plaisteacha le haghaidh bia nach bhfuil pacáiste air ar nós tairgí déiríochta, torthaí, glasraí, cnónna, milseogra, bia fuar, bia a bhfuil cócaireacht déanta air agus oighear.
Déan cinnte nach gcuireann tú an-iomarca sa trucail mar is féidir leat an pacáiste atá ar bhia a bhriseadh.
Ná fág do chuid earraí grósaera ariamh i gcarr té mar is féidir le frídíní méadú le teocht té. Má tá turas fada agat, cuir do chuid tairgí fuar nó reoite i mála fionnuar nó bosca fionnuar go dtí go bhfaighidh tú abhaile - is féidir iad seo a cheannacht i go leor ollmhargaidh.
Nuair a sroicheann tú an baile, cuir na táirgí fuara nó reoite isteach sa chuisneoir nó reoiteoir láithreach. Breathnaigh ar na tairgí reoite agus ná déan athreo orthu má tá siad leáite. Déan cinnte go bhfuil teocht an chuisneora faoi bhun 4°C.
Cúirt na Mainistreach
Sráid na Mainistreach Íochtar
Baile Átha Cliath 1
Éire
Teil:+353 1 8171300
Lóghlao:1890 336677
Facs:+353 1 8171301
Láithreán Gréasáin: http://www.fsai.ie
R-phost: info@fsai.ie
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.