Má cheapann tú go bhfuil nimhiú bia ort tá sé tábhachtach go dtéann tú i dteagmháil le, nó go dtéann tú go dtí do dhochtúir. D'fhéadfadh na comharthaí a theacht chun solais laethanta tar éis duit an bia truaillithe a ithe.
De ghnáth bíonn ceann ar a laghad de na comharthaí seo a leanas san áireamh:
Ní mór duit tuairisc a chur chuig d'Oifig Sláinte Áitiuil nuair atá cás nimhiú bia deimhnithe. Is é seo an t-aon bhealach inar féidir fiosrúchán ceart a chur ar bun chun fáil amach céard ba chúis le do thinneas. Má dhéanann daoine eile tuairisc faoi thinneas atá baint aige le táirgí nó asraonta cosúla, cabhróidh do thuairisc le chur chun suntais an méid daoine atá ag goilleadh. Ligeann sé seo do dhochtúirí sláinte poiblí agus oifigigh sláinte comhshaoil fadhbanna a aithint. Má tharraingíonn tú aird ar an bhfadhb, d'fhéadfá daoine eile a chosaint ón tinneas.
Má tá tú tar éis bia a ithe nó a cheannach nach bhfuil sábháilte, nó nach sroicheann caighdeán sásúil, tá an ceart agat gearán foirmeálta a dhéanamh. Glactar leis nach bhfuil bia sábháilte má:
Chomh maith leis sin, d'fhéadfá gearán a dhéanamh má tá tú míshásta leis an gcaighdeán glaineachta in áitreabh bia, mar shampla ollmhargadh, bialann agus araile.
Coinnigh an bia truaillithe sa chuisneoir go dtí go mbeidh sé scrúdaithe ag na húdaráis
Is é €127 an gnáth-tháille chun anailís a dhéanamh ar shampla bia i Saotharlann Anailísí Poiblí
Má tá gearán agat maidir le bia nó áitreabh bia, ba cheart duit dul i dteagmháil leis an Oifigeach Sláinte Comhshaoil i d'Oifig Sláinte Áitiúil chomh luath agus is féidir. Má tá gearán agat faoi nimhiú bia, ba cheart duit dul i dteagmháil leis an dochtúir sláinte poiblí i d'Oifig Sláinte Áitiúil den FSS. Tugann an t-oifigeach sláinte comhshaoil agus an dochtúir sláinte poiblí araon seirbhís faoi rún agus cuirfidh siad comhairle ort faoin mbeart is fearr.
De ghnáth, déanfaidh oifigeach na FSS coinne leat chun foirm ghearáin oifigiúil a chomhlíonadh. Má dhéanann tú gearán faoi bhia, d'fhéadfaí an bia mífholláin a chur chuig an Saotharlann Anailísí Poiblí i do cheantar le haghaidh anailisiú, agus cuirfear ar an eolas tú faoin toradh - ar an taobh eile d'fhéadfá anailís neamhspleách a fháil ar bhia amhrasach ach dul i dteagmháil tú féin le do saotharlann anailísí poiblí áitiúil.
D'fhéadfadh tomhaltóirí dul i dteagmháil leis an Oifig Sláinte Áitiúil tríd an bpost, fón, faics, nó trí bhualadh isteach chuig an oifig áitiúil. Tá na seolta agus na huimhreacha teagmhála uilig ó Lárionad Faisnéise Shábháilteacht Bhia an Údaráis um Shábháilteacht Bhia.
Cúirt na Mainistreach
Sráid na Mainistreach Íochtar
Baile Átha Cliath 1
Éire
Teil:+353 1 8171300
Lóghlao:1890 336677
Facs:+353 1 8171301
Láithreán Gréasáin: http://www.fsai.ie
R-phost: info@fsai.ie
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.