Anseo atá tú: Baile > Sláinte > Sábháilteacht bia > Sábháilteacht bia agus seirbhísí sláinte comhshaoil

Print Page Send to a Friend

Sábháilteacht bia agus seirbhísí sláinte comhshaoil

Eolas

Tá ról ag roinnt gníomhaireachtaí éagsúla i seirbhísí sábháilteachta bia agus sláinte comhshaoil in Éirinn agus ar fud an Aontais Eorpaigh. Is é an cuspóir atá leis an doiciméad seo ná cuid den phríomhreachtaíocht in Éirinn agus san AE maidir le sábháilteacht bia a leagan síos agus cur síos a dhéanamh ar na príomhghníomhaireachtaí atá freagrach as cur i bhfeidhm na rialacha.

Tá ról beartais foriomlán ag an Roinn Sláinte maidir le sábháilteacht agus sláinteachas bia. Tá an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara freagrach as roinnt réimsí, táirgí bia príomhúla agus sláinte ainmhithe den chuid is mó. Tá ról ag Oifig Stiúrthóir Ghnóthaí Tomhaltóirí, údaráis áitiúla agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) i gcur i bhfeidhm rialacha sábháilteachta bia freisin.

Tá an ról comhordaithe foriomlán do mhonatóireacht bia agus gníomhaíochtaí rialacháin na ngníomhaireachtaí eile atá i gceist ag Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann.

Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) bainteach le cur i bhfeidhm réimse reachtaíochta a bhaineann le sláinteachas agus sábháilteacht bhia - is iad na hOifigigh Sláinte Comhshaoil a chuireann an obair seo i gcrích.

Is comhlacht é Safefood - An Bord um Chur Chun Cinn Sábháilteachta Bia - a cuireadh i bhfeidhm faoi Comhaontú Aoine an Chéasta chun sábháilteacht bia a chur chun cinn ar oileán na hÉireann.

Reachtaíocht faoi shábháilteacht bia

Tá réimse reachtaíochta faoi shábháilteacht bia ar fáil. Is iad na hAchtanna seo a leanas na príomhphíosaí reachtaíochta a bhaineann leis.

Ceadaíonn na hAchtanna Sláinte, 1947, 1953 & 1970 rialacháin sábháilteachta bia a dhéanamh. Socraítear na Rialacha um Shláinteachas Bia faoi na hachtanna seo. Díol bia galrach nó truaillithe a sheacaint is cuspóir na rialacha agus mionshonraí réamhchúraim maidir le déantús, réiteach, díol agus riaradh bia a leagan síos. Socraíonn na rialacha seo cumhachtaí na n-Oifigeach Sláinte Comhshaoil i dtaobh iniúchta áitribh bia agus sáraithe dlí.

Tá líon mór orduithe déanta freisin faoi reachtaíocht an AE, lena n-áirítear reachtaíocht maidir le rialú breiseáin, sláinteachas bia, caighdeáin bia srl. Is é an príomhreachtaíocht de chuid an AE maidir le sábháilteacht bhia ná Rialachán 178/2002 de chuid an AE a bhunaíonn an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bhia agus a leagann níos nósanna imeachta maidir le sábháilteacht bhia. Ní mór nósanna imeachta agus prionsabail dlí bia a bhí ann cheana féin a bheith curtha i bhfeidhm faoin 1 Eanáir 2007. Is iad na hOifigigh Sláinte Comhshaoil agus Cigireacht na Roinne Talmhaíochta na príomhghníomhaireachtaí atá bainteach le cur i bhfeidhm na rialachán seo.

Beartais bia agus sláinte an AE

Cuimsíonn an Coimisiún Eorpach Ard-Stiúrthóireacht Sláinte Poiblí agus Gnóthaí Tomhaltóirí. Tá an Ard-Stiúrthóireacht freagrach as rialú agus cigireacht bia chomh maith le gach coiste eolaíochta ábhartha a chuireann comhairle ar fáil maidir le gnéithe eolaíochta éagsúla de bhia.

Cé go gcuireann an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia comhairle ar fáil maidir le sábháilteacht bhia, is ar institiúidí an AE (An Coimisiún Eorpach, Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, .i. Ballstáit an AE) atá an fhreagracht maidir le bainistíocht riosca. Is é ról institiúidí an AE, ag tógáil comhairle an Údaráis Eorpach um Shábháilteacht Bhia agus nithe eile san áireamh, reachtaíocht agus bearta rialacháin agus rialaithe a mholadh agus a ghlacadh sa chás gur cuí agus nuair is cuí. Is gníomhaireacht Eorpach atá neamhspleách go hiomlán é an tÚdarás.

An tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bhia

Is é an príomhról atá ag an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bhia ná comhairle eolaíochta neamhspleách a chur ar fáil. Déanann sé measúnú freisin ar na rioscaí a bhaineann leis an slabhra bia agus cuireann sé an pobal ar an eolas dá réir.

Oifig Bia agus Tréidliachta na hEorpa

Oifig Bia agus Tréidliachta na hEorpa freagrach as monatóireacht a dhéanamh ar chomhlíonadh dlíthe éagsúla de chuid an AE, lena n-áirítear iad siúd maidir le sláinteachas bia. Déanann sé cigireachtaí agus iniúchtaí i mballstáit agus i dtíortha a dhéanann onnmhairiú chuig an AE maidir le bia-ábhar a thagann ó ainmhithe agus ó ghlasraí. Déanann sé iniúchtaí freisin maidir le húsáid cheimiceán (lotnaidicídí, cógais tréidliachta, spreagthaigh fáis) sláinte agus leas ainmhithe agus sláinte plandaí.

An tÚdarás Éireannach um Shábháilteacht Bia

Is é príomhdualgas an Údaráis Éireannaigh um Shábháilteacht Bia gach céim réasúnta a thógáil chun a bheith cinnte go shroicheann bia déanta in Éirinn nó dáilithe nó díolta anseo na caighdeáin sábháilteachta bia agus sláinteachais is airde. Comhordaíonn an tÚdarás obair na n-eagras sábháilteachta bia uilig.

Déanann na heagrais seo a leanas a gcuid oibre a bhaineann le sábháilteacht bia faoi chonradh seirbhíse leis an Údarás Éireannach um Shábháilteacht Bia.

Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)

Oifigigh Sláinte Comhshaoil agus seirbhísí saotharlainne

Tá Oifigigh Sláinte Comhshaoil fostaithe ag na Limistéir Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) agus cuireann siad dlíthe náisiúnta agus dlíthe an AE i dtaobh sábháilteacht bia agus sláinteachas i bhfeidhm. Cuireann siad seirbhísí ar fáil d'údaráis áitiúla ó am go chéile chomh maith. Tá na dualgais seo a leanas laistigh dóibh siúd atá acu maidir le sábháilteacht bia:

  • Smachtú Bia, i gceist anseo beidh clár áitribh bia a choinneáil, gach áitreabh ina ndéantar nó ina ndíoltar bia a scrúdú, chomh maith le gearáin i dtaobh bia do-ite a iniúchadh.
  • Na dlíthe maidir le caitheamh tobac in áiteanna poiblí a chur i bhfeidhm
  • Na rialacha maidir le díol agus stóráil nimhe a chur i bhfeidhm

Tá dualgais eile ar Oifigigh Sláinte Comhshaoil maidir le sláinte agus comhshaoil, smachtú lotnaidí, maoirseacht a dhéanamh ar thithe sealadacha, iniúchadh a dhéanamh ar fhoirgnimh phoiblí ar nós scoileanna agus áiteanna siamsaíochta, agus sláinteachas tionscail.

D'fhéadfadh daoine dul i dteagmháil le hOifigigh Sláinte Comhshaoil chun gearán a dhéanamh faoi rudaí ar nós sláinteachas in áitribh bia, nó caighdeán uisce. I gcúinsí áirithe d'fhéadfadh an tOifigeach Sláinte Comhshaoil seirbhís a chur ar fáil do dhuine ar leith chun deileáil le lotnaidí.

An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara

Tá baint díreach ag an Roinn le sábhailteacht bia sa chaoi is gur aici atá an príomhdhualgas maidir le sláinte agus leas ainmhithe agus le réimsí áirithe sláinte plandaí. Tá freagracht díreach aici chomh maith i dtaobh táirgí príomha áirithe. Laistigh de réimse dualgais na Roinne tá:

  • Mí-úsáid leighis tréidliachta
  • Rialacha maidir le smachtú lotnaidicíd
  • Caighdeáin sláinte phoiblí in áitribh bhainne agus i mbainne agus táirgí bainne a chaomhnú
  • Muiceoil a scrúdú agus monarcha leasaithe a chlarú
  • Clár maoirseachta Salmonella ar éanlaith clóis agus uibheacha
  • Caighdeán margaíochta d'uibheacha
  • Caighdeán margaíochta d'fheoil éanlaithe clóis
  • Scrúdú agus clárú seamlais phoiblí agus monarcha táirgthe feola
  • Scéim Náisiúnta Cinnteachta Máirteola.

Tá a foireann chigireachta féin ag an Roinn. Comhlíonann Seirbhísí Tréidliachta na n-údarás áitiúil réimse dualgas tréidliachta ar son na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Forbartha Tuaithe agus ar son an Údaráis Éireannaigh um Shábhailteacht Bia maidir le smachtú galar agus scrúdú bainne leachtaigh agus feola.

Is féidir gearáin faoi chaighdeán torthaí, glasraí, táirgí déiríochta, uibheacha, feoil agus bia úr eile a dhéanamh chuig an Roinn.

Bord Leighis na hÉireann

Is é seo an comhlacht reachtúil a dhéanann measúnacht ar shábháilteacht, caighdeán agus éifeacht drugaí i gcomhair daoine agus ainmhithe.

An Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt agus Mara

Tá an Roinn seo freagrach as bia mara.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann

Cúirt na Mainistreach
Sráid na Mainistreach Íochtar
Baile Átha Cliath 1
Éire

Teil:+353 1 8171300
Lóghlao:1890 336677
Facs:+353 1 8171301
Láithreán Gréasáin: http://www.fsai.ie
R-phost: info@fsai.ie

An Roinn Talamhaíochta, Bia agus Mara

Caisleán Bhaile Sheonach
Loch Garman
Éire

Teil:+353 53 9163400
Lóghlao:1890 200509
Láithreán Gréasáin: http://www.agriculture.gov.ie
R-phost: ers@agriculture.gov.ie

Bord Leigheasra na hÉireann

Teach Caoimhín Ó Máille
Lárionad Phort an Iarla
Ardán Phort an Iarla
Baile Átha Cliath 2
Ireland

Teil:+353 (0)1 676 4971
Facs:+353 (0)1 676 7836
Láithreán Gréasáin: http://www.imb.ie
R-phost: imb@imb.ie

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 7 January 2011

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.