Anseo atá tú: Baile > Sláinte > Sábháilteacht bia > Lipéadú bia

Print Page Send to a Friend

Lipéadú bia

Eolas

Tugann lipéid ar tháirgí bia eolas dúinn ar a n-ábhair agus amanna ar a dtairbhe cothaitheach. Go minic is é an lipéad an t-aon fhoinse eolais atá againn faoin táirge. Mar sin, tá sé fiorthábhachtach go mbíonn lipéid bia soiléir agus furasta le tuiscint.

Rialacha

De réir an dlí ba cheart:

  • Go mbeadh lipéid bia soiléir, soléite, doscriosta, agus scríofa ar a laghad i mBéarla nó i mBéarla agus i nGaeilge araon.
  • Nach mbeadh eolas á thaispeáint acu a chuirfeadh daoine trína chéile nó amú.
  • Nach mbeadh siad clúdaithe faoi phictiúr nó eolas scríofa.

Ní fhéadfaidh an lipéad dearbhú go bhfuil earraí bia ar bith in ann cosc, cóir leighis ná leigheas a chur ar ghalar.

Lipéid ar bhia réamhphacáistithe

Ní foláir do lipéid ar bhia réamhphacáistithe a thaispeáint

  • Ainm an bhia
  • Glanchainníocht in aonaid mhéadrach
  • Dáta "b'fhearr roimh" nó má tá an bia thar a bheith solofa, dáta "úsáid roimh"
  • Liosta Ábhar
  • Treoracha stórála speisialta
  • Ainm agus seoladh an dhéantóra nó an phacáisteora, nó gan iad, ainm agus seoladh an dhíoltóra san Aontas Eorpach
  • Tír dhúchasach dá bhféadfadh daoine a bheith curtha amú gan é – mar shampla tá comhcheangal idir cáis Brie agus an Fhrainc, má tá sé déanta in áit eile ba cheart é sin a chur in iúl, mar shampla Brie Thiobraid Árann
  • Cén uair ar déanadh an táirge
  • Treoracha úsáide
  • Láidreacht alcóil i ndeochanna le níos mó ná 1.2% alcóil de réir toirte.
  • Má tá sé raidithe
  • Má cuireadh i bpacáiste é in atmasféar mionathraithe (má úsáidtear gás sa chóras pacáistíochta chun fad a chur leis an seilfré)

I gcúinsí áirithe, mar shampla, má chuireann an déantóir béim ar ábhair ar leith insan táirge, mar shampla sútha talún i iógart sú talún, ní foláir méid an ábhair a thaispeáint mar chéatadan den iomlán.

Lipéid ar bhia gan pacáiste

Níl ag taisteáil ar go leor cineálacha bia eile ach go mbíonn ainm an táirge á thaispeáint ar an lipéad nó ar fhógra gar dó.

Tá na cineálacha bia seo san áireamh:

  • Bia nach bhfuil i bpacáiste mar arán nó glasraí
  • Bia réamhphacáistithe ag an díoltóir le díol ar a áitreabh féin.

Lipéadú cothaitheach

Ciallaíonn lipéadú cothaitheach eolas ar bith ar lipéad ag cur síos ar thairbhe fuinnimh an bhia agus/nó a chothaithigh, mar shampla prótéin, carbaihiodráit, saill.

Tá lipéadú cothaitheach riachtanach nuair a dhéantar dearbhú cothaitheach. Má tá eolas cothaitheach ar lipéad (cé nach bhfuil sé riachtanach) caithfidh sé cloí le Rialachán 90/496/EEC an AE agus Rialacháin Sláinte (Lipéadú Cothaitheach do Bhia) 1993, SI No. 388 de 1993. Ciallaíonn dearbhú cothaitheach dearbhú ar bith go bhfuil cáilíocht ar leith ag earra bia mar gheall ar a thairbhe fuinnimh agus/nó a chothaithigh. Clúdaíonn sé seo táirgí a admhaíonn mar shampla go bhfuil méid íseal saill iontu. Ní foláir eolas cothaitheach a bheith á thaispeáint ar bhia agus bainne foirmle do leanaí.

Má tá lipéadú cothaitheach in úsáid ní foláir an t-eolas atá á thaispeáint ar an táirge a chur in aithne de réir ceann den dhá ghrúpa seo.

Grúpa a hAon

  • tairbhe fuinnimh
  • an meid próitéine, carbaihiodrait agus saill

Grúpa a dó

  • tairbhe fuinnimh
  • an meid próitéine, carbaihiodrait, siúcra, saill, ábhar sáithithe, gairbhseach, agus sóidiam

Ní foláir an tairbhe chothaitheach a thabhairt in aghaidh 100g/100ml. Is féidir tairbhe in aghaidh na coda a luaigh chomh maith. Dhá ghrinne an dearbhú is é is mó atá mioneolas ag teastáil ar na lipéid.

Ábhair breise i mbia

Ní foláir ábhair breise a bheith luaite insan liosta ábhair ar lipéad táirge bia. Ní foláir iad a ainmniú de réir cineáil (mar shampla "ábhar leasaithe" nó "oibrí dathú", lena sonraí AE nó a n-ainmneacha iomlána chun go mbeidh sé furasta iad a aithint. Tá réimse uimhreacha ó E100 go dtí E518 in úsáid le haghaidh ábhar breise ag an Aontas Eorpach.

Lipéadú bia atá mionathruithe géiniteach déanta air

Ciallaíonn orgánaigh atá mionathruithe géiniteach déanta orthu ainmhithe, plandaí, baictéir, víorais agus fungais ina athraíodh ábhar géiniteach i mbealach nach dtarlaíonn go nádurtha trí chupláil nó athchomhcheangal nádúrtha.

Tugadh isteach roinnt rialacha de chuid an Aontais Eorpaigh faoi lipéadú agus díol earraí bia atá mionathruithe géiniteach déanta orthu. Faoi na rialacha:

  • Ní foláir lipéid soiléir a bheith ar earraí bia a déanadh as pónairí soighe nó min bhuí atá mionathruithe géiniteach déanta orthu (AE Uimhir 1139/98)
  • Má thruaillítear bia le pónairí soighe nó min bhuí atá mionathruithe géiniteach déanta orthu trí thimpiste, ní foláir é a lipéadú má tá níos mó ná aon faoin gcéad den ábhar seo i gceist (AE Uimhir 49/2000)
  • Má tá ábhair breise nó blaisiú atá mionathruithe géiniteach déanta orthu, nó a déanadh as orgánaigh atá mionathruithe géiniteach déanta orthu ní foláir iad a lipéadú go soiléir (AE uimhir 50/2000)

Sna cuinsí áirithe seo go léir, ní mór do dhéantóirí bia agus díoltóirí an frása "déanta as pónairí soighe atá mionathruithe géiniteach déanta orthu" nó "déanta as min bhuí atá mionathruithe géiniteach déanta uirthi" a chur ar an lipéad.

Ní foláir gach bia nó ábhar bia atá mionathruithe géiniteach déanta air a bheith scrúdaithe de réir na heolaíochta ag coiste eolaíoch speisialta i ngach ballstáit sula ndíoltar é taobh istigh den Aontas Eorpach.

Conas iarratas a dhéanamh

Má tá gearán agat faoi lipéad a chuirfeadh duine amú, ba cheart duit dul i dteagmháil leis an Gníomhaireacht Náisiúnta do Thomhaltóirí.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

An Gníomhaireacht Náisiúnta do Thomhaltóirí

4 Bóthar Fhearchair
Baile Átha Cliath 2
Éire

Uaireanta Oscailte:- Línte oscailte Luan - Aoine 9rn - 6in
Teil:(01) 402 5555
Lóghlao:1890 432 432
Facs:(01) 402 5501
Láithreán Gréasáin: http://www.nca.ie/

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 14 September 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Orgánaigh ghéinmhodhnaithe
    Cuimsíonn cosaint chomhshaoil an AE rialachán maidir le hOrgánaigh Ghéinmhodhnaithe a úsáid. Tá creat leathan dlí ann chun a chinntiú go mbaineann táirgí Orgánaigh Ghéinmhodhnaithe agus táirgí a fhaightear ó Orgánaigh Ghéinmhodhnaithe a fhástar, a ndéantar margaíocht orthu agus a onnmhairítear chuig an AE, caighdeáin sábháilteachta faoi leith amach.
  • Caighdeáin do Lipéadú Táirgí
    Standards exist in the EU and Ireland regarding the labels that must appear on products. Duties of manufacturers and how your rights are protected.
  • Sábháilteacht i gcóir Táirgí ar Díol
    There are specific rules in the EU and in Ireland regarding the safety of products for sale. Product recalls, safety standards and more.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.