Treatment Abroad Scheme

Conas a oibríonn an Scéim Cóireála Thar Lear?

Más othar cúram sláinte poiblí tú agus má theastaíonn cóireáil uait nach bhfuil ar fáil duit in Éirinn, b’fhéidir go mbeifeá in ann iarratas a dhéanamh ar an Scéim Cóireála Thar Lear (TAS). Ligeann sé seo duit an chóireáil leighis a fháil i dtír eile san Aontas Eorpach (AE), sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (áirítear sa LEE freisin an Íoslainn, Lichtinstéin agus an Iorua) nó san Eilvéis.

Sula dtaistealaíonn tú le haghaidh cóireála, ní mór don FSS d’iarratas a mheasúnú agus a fhaomhadh.

Má tá an chóireáil ar fáil in Éirinn, is féidir leat rochtain a fháil uirthi thar lear ag baint úsáide as an Treoir maidir le Cúram Sláinte Trasteorann.

Conas cáiliú don Scéim Cóireála Thar Lear

Ní mór duit a bheith i do ghnáthchónaí in Éirinn chun cáiliú don Scéim Cóireála Thar Lear. Ciallaíonn sé seo go bhfuil cónaí ort in Éirinn agus go bhfuil sé ar intinn agat cónaí anseo ar feadh bliana ar a laghad.

Caithfidh an chóireáil leighis a theastaíonn uait:

  • A bheith ar fáil in Éirinn nó
  • Gan a bheith ar fáil laistigh den am a theastaíonn de ghnáth chun í a fháil in Éirinn, ag cur do shláinte reatha agus cúrsa dóchúil do riocht míochaine nó do ghalair san áireamh.

Ní féidir leat tú féin a atreorú le haghaidh TAS. Ní féidir ach le comhairleoir ospidéil phoiblí atá lonnaithe in Éirinn tú a atreorú le haghaidh cóireála thar lear. Ní féidir le Dochtúir Ginearálta tú a atreorú don scéim seo.

Conas iarratas a dhéanamh ar an Scéim Cóireála Thar Lear

Ní mór duitse agus don chomhairleoir a thagraíonn duit foirm iarratais E112 (pdf) a líonadh.

Ní mór duit é seo a sheoladh chuig oifig TAS an FSS in éineacht le cóip den litir atreorúcháin ó do chomhairleoir agus tú ag déanamh iarratais.

Ba cheart duit iarratas a dhéanamh go luath, mar beidh ort fanacht go bhféadfaidh an FSS do chóireáil a cheadú thar lear sula dtaistealaíonn tú.

San fhoirm E112, ní mór do do chomhairleoir a dhearbhú:

  • Gurb é/í an comhairleoir atá ag cur cóir leighis ort faoi láthair.
  • Go ndearna siad measúnú ort laistigh de thréimhse 2 sheachtain roimh iarratas a dhéanamh chuig an FSS.
  • Go bhfuil an t-iarratas bunaithe ar a dtuairim leighis féin. Ní féidir le comhairleoir foirm a líonadh i gcás ina n-iarrann duine eile orthu é sin a dhéanamh.

Iarrfaidh an fhoirm E112 ar do chomhairleoir a dheimhniú go bhfuil an chóireáil thar lear:

  • riachtanach ó thaobh leighis de agus go bhfreastalóidh sé ar do chuid riachtanas
  • aitheanta ag dlí na hÉireann (níl cóireálacha neamhchruthaithe nó trialacha clúdaithe)
  • ar fáil thar lear i suíomh cúram sláinte poiblí atá á reáchtáil ag lia-chleachtóir cláraithe.
  • déanta in ospidéal aitheanta nó in institiúid eile a ghlacann leis an bhfoirm E112.

Cathain a gheobhaidh mé cinneadh ar m'iarratas ar TAS?

Gheobhaidh tú cinneadh ar d’iarratas trí litir, de ghnáth laistigh de 15 go 20 lá oibre.

Cad a tharlaíonn tar éis faomhadh d’iarratas TAS?

Má cheadaítear d’iarratas, ciallaíonn sé seo go n-íocfaidh an FSS as cuid de chostas na cóireála thar lear nó as costas iomlán na cóireála. Eiseoidh an FSS litir cheadaithe chugat a léireoidh na chéad chéimeanna eile.

Ní mór do d’iarratas a bheith ceadaithe ag an FSS sula dtaistealaíonn tú nó sula dtosaíonn do chóireáil thar lear. Ní mór duit eolas a thabhairt don FSS faoi gach coinne a bhfuil ort freastal air.

Cad a tharlóidh má dhiúltaítear do m'iarratas TAS?

Má dhiúltaíonn an FSS d’iarratas TAS, inseofar duit na cúiseanna agus tabharfar faisnéis duit maidir le conas achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh.

Costais clúdaithe ag an Scéim Cóireála Thar Lear

D’fhéadfaí an méid is féidir leis an FSS a chlúdach a bheith difriúil ag brath ar an tír ina bhfaigheann tú cóireáil agus an chóireáil a theastaíonn uait. Is féidir leat fiafraí den ospidéal thar lear cé mhéad a bheidh ort a íoc.

Ní mór duit dearbhú a sholáthar maidir le gach coinne a bhfuil ort freastal uirthi ionas gur féidir le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) d’fhoirm E112 a cheadú chun costas do chuairte a chlúdach. Mura bhfuil an doiciméad agat ag do choinne, d’fhéadfadh go ngearrfar táille ort agus nach bhfaighidh tú aisíocaíocht ó oifig TAS an FSS.

Mura bhfuil d’fhoirm cheadaithe E112 agat ag do choinne thar lear, beidh seans go mbeadh ort íoc as do chuairt ar an ospidéal. Sa chás seo, ní aisíocfaidh oifig TAS an FSS na costais seo.

D’fhéadfáí go mbeadh tú in ann an Scéim Cóireála Thar Lear a fháil chun íoc as cuid de na táillí ar thaisteal aeir nó farraige duit féin agus an duine ag taisteal leat. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach polasaí na Scéime Cóireála Thar Lear ar chostais taistil (pdf).

Othair phríobháideacha

Más othar príobháideach thú, ní féidir le comhairleoir ospidéil phríobháideach tú a atreorú don scéim.

Ba cheart duit iarratas a dhéanamh chuig do sholáthraí árachas sláinte príobháideach chun an chóireáil a mhaoiniú thar lear. Má dhiúltaíonn do sholáthraí árachas sláinte príobháideach d’iarratas agus gur diúltaíodh duit ar achomharc, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar an Scéim Cóireála Thar Lear.

Nuair a dhéanann tú iarratas ar TAS mar othar príobháideach ní mór duit na rudaí seo a leanas a thaispeáint:

  • D’iarratas diúltaithe ó do sholáthraí árachais
  • Doiciméid chun taispeáint go bhfuil iarracht déanta agat achomharc a dhéanamh i gcoinne chinneadh an tsoláthraí árachais

Cá bhfuil mé in ann iarratas a dhéanamh?

None

Teil: 056 778 4900 or 056 778 4908
Facs: 056 778 4549
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 17 Meitheamh 2022