Travelling from Ireland for healthcare in Europe

Réamhrá

Má tá cónaí in Éirinn ort, féadfaidh tú a roghnú chun rochtain a fháil ar chúram sláinte i dtíortha eile san Aontas Eorpach (an AE), an Limistéar Eorpach Eacnamaíochta (tá an Íoslainn, Lichtinstéin agus Iorua sa LEE chomh maith) nó san Eilvéis.

Féadfaidh tú cúram sláinte pleanáilte a fháil faoin Scéim um Chóireáil Thar Lear nó faoin Treoir um Chúram Sláinte Trasteorann.

Go ginearálta, ní chumhdaíonn an Treoir um Chúram Sláinte Trasteorann cóireálacha atá ar fáil in Éirinn agus cumhdaíonn an Scéim um Chóireáil Thar Lear cóireálacha nach bhfuil ar fáil in Éirinn.

Má tá cóireáil cumhdaithe faoin Scéim um Chóireáil Thar Lear, ní féidir leat aisíocaíocht a fháil di faoin Scéim um Chóireáil Thar Lear, mar sin, is tábhachtach chun iarratas a dhéanamh faoin scéim chuí. Tugtar achoimre ar na difríochtaí thíos, agus soláthraítear naisc le faisnéis níos mionsonraithe.

Ní thugann an Cárta Eorpach um Árachas Sláinte an teidlíocht duit taisteal thar lear agus é ina aidhm cúram sláinte poiblí a fháil. Cumhdaíonn sé cúram sláinte neamhphleanáilte do chónaitheoirí na hÉireann a dtagann breoiteacht orthu nó a ngortaítear iad fad atá siad ag taisteal i dtír eile san AE, LEE nó san Eilvéis.

An Treoir um Chúram Sláinte Trasteorann

Má tá tú i dteideal seirbhísí sláinte a fháil a chistítear go poiblí agus atá ar fáil in Éirinn, féadfaidh tú a roghnú chun na seirbhísí siúd a rochtain i mballstát eile an AE nó an LEE faoin Treoir um Chúram Sláinte Trasteorann.

  • Féadfaidh an chóireáil thar lear a bheith i gcúram sláinte poiblí nó príobháideach.
  • Is gá roinnt saghsanna de chóireáil a údarú roimh ré.
  • Íocann tú as an gcúram sláinte agus déanann tú iarratas ar aisíocaíocht ina dhiaidh sin.
  • Teastaíonn an saghas céanna d’atreorú uait le haghaidh cúram sláinte thar lear a bheadh ag teastáil uait le haghaidh cúram sláinte in Éirinn. Mar shampla, atreorú ó LG (dochtúir teaghlaigh) nó ó chomhairleach ospidéil.
  • Ní chumhdaítear costais taistil agus costais mhaireachtála thar lear.

Is féidir níos mó a léamh faoin Treoir um Chúram Sláinte Trasteorann anseo.

An Scéim um Chóireáil Thar Lear

Más othar cúram sláinte poiblí thú agus má theastaíonn cóireáil uait nach bhfuil ar fáil in Éirinn nó, agus do chúinsí leighis á gcur san áireamh, nach bhfuil ar fáil laistigh den tréimhse ama is gnách go dteastaíonn go gcuirfear an chóireáil sin ort, b’fhéidir go mbeidh tú in ann an Scéim um Chóireáil Thar Lear a úsáid go gcuirfear an chóireáil ort i dtír eile san AE, an LEE nó san Eilvéis.

  • Ní mór go mbeidh an chóireáil thar lear i gcúram sláinte poiblí.
  • Ní mór go mbeadh an chóireáil réamhúdaraithe.
  • Ní gá duit an soláthraí cúram sláinte thar lear a íoc as cóireáil réamhúdaraithe.
  • Ní mór go n-atreoróidh comhairleach atá bunaithe in Éirinn thú a bhfuil cóir leighis á cur aige/aici ort mar othar poiblí, i dtaobh cóireála thar lear. Ní féidir leat tú féin a atreorú ná ní féidir le LG thú a atreorú.
  • D’fhéadfadh an Scéim um Chóireáil Thar Lear cúnamh a sholáthar leis na costais taistil a mbíonn ar an othar íoc astu agus costais chompánach taistil, nuair is cuí.

Is féidir níos mó a léamh faoin Scéim um Chóireáil Thar Lear anseo.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 16 Márta 2016