Anseo atá tú: Baile > Sláinte > Teidlíochtaí maidir le seirbhísí sláinte > Cúnamh pearsanta do dhaoine faoi mhíchumas

Print Page Send to a Friend

Cúnamh pearsanta do dhaoine faoi mhíchumas

Eolas

Tá seirbhísí cúnamh baile agus seirbhísí tacaíochta baile ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas. Tá béim leagtha ag na seirbhísí seo ar chúnamh a chur ar fáil do dhaoine le maireachtáil ó lá go lá, mar shampla cócaireacht, glanadh & rl a dhéanamh. I gceantair áirithe, tá cúntóirí chúram baile ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas dá gcúram pearsanta - iad féin a ghléasadh agus a níochán, & rl. D'fhéadfadh sé go mbeadh cúntóirí pearsanta fostaithe le cúnamh a chur ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas, mar shampla, le dul ó áit go háit, len iad féin a chur in iúl agus le maireachtáil taobh amuigh den bhaile agus ag an obair.

Is iad altraí sláinte phoiblí a eagraíonn cúnamh baile agus cúntóirí cúram baile go díreach nó tríd eagraíochtaí deonacha.

Go ginearálta tugann cúntóirí pearsanta cúnamh do dhaoine faoi mhíchumas maireachtáil ar bhealach chomh neamhspléach agus is féidir. Tagann an cúntóir pearsanta ar réiteach maidir leis na tascanna atá le déanamh leis an duine atá faoi mhíchumas. Braitheann siad seo ar an duine féin. I measc an chineál cúnaimh gur féidir le cúntóirí pearsanta a chur ar fáil téann siad in éineacht le duine faoi mhíchumas chuig imeachtaí sóisialta agus siamsaíochta agus déanann siad teangaireacht do dhaoine a bhfuil fadhbanna urlabhra acu.

Rialacha

Níl aon scéim fhoirmiúil ann le cúntóirí pearsanta a chur ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas. Eagraíonn eagraíochtaí deonacha faoi leith i gcomhar leis an Limistéir Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) seirbhís den chineál do dhaoine aonair.

Conas iarratas a dhéanamh

Is féidir iarratas a chur chuig an Limistéir Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) nó chuig eagraíocht deonach a chuireann seirbhísí ar fáil don mhíchumas atá ort.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 8 January 2009

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.