Anseo atá tú: Baile > Sláinte > Teidlíochtaí maidir le seirbhísí sláinte > Cártaí leighis

Print Page Send to a Friend

Cártaí leighis

Réamhrá

Má eisíonn Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) cárta leighis do dhuine bíonn an té sin i dteideal seirbhísí áirithe sláinte a fháil saor in aisce.

Caithfidh d'ioncam seachtainiúil bheith faoi bhun figiúr áirithe do mhéid do chlann chun cáiliú i gcomhar chárta leighis. Cuirtear caipiteal, coigilteas, infheistithe agus maoin san áireamh sa tástáil acmhainne - féach treoracha ioncaim ginearálta thíos.

De ghnáth bíonn a c(h)éile cleithiúnach agus a leanaí i dteideal an réimse céanna seirbhísí sláinte a fháil. Is éard atá i gcártaí leighis ná cártaí beaga plaisteacha (ar chomh-mhéid le cárta creidmheasa). Bíonn ainm do dhochtúra air. Eisítear iad de ghnáth ar feadh bliana agus déantar athbhreithniú orthu ansin.

Bíonn díolúine acu siúd a bhfuil cártaí leighis acu ón dleacht sláinte agus ón tobhach ioncaim , atá tugtha isteach i 2009, a íoc mar chuid dá n-árachas sóisialta. D’fhéadfadh siad díolúine a bheith acu freisin ó tháillí iompair scoile, agus táillí na scrúduithe Stáit a íoc i scoileanna dara leibhéal atá maoinithe go poiblí. D’fhéadfaidís cúnamh airgid a fháil chun leabhair scoile a cheannach i scoileanna áirithe.

Cárta Cuairte Dochtúra Teaglaigh: Beidh ort íoc as cuairt a thabhairt ar do dhochtúir ginearálta (dochtúir teaghlaigh) mura bhfuil cárta leighis agat. Mura bhfuil tú incháilithe cárta leighis a bheith agat de bharr d’ioncam d’fhéadfá a bheith incháilithe Cárta Cuairte Dochtúra a fháil. Déantar tástáil mhaoine sula dtugtar é ach ní bhíonn an teorainn ioncaim chomh hard is a bhíonn sé i gcás an chárta leighis.

Cad iad na seirbhísí sláinte a chlúdaítear de ghnáth?

Má tá cárta leighis agat tá tú i dteideal:

Má bhogann tú isteach i dteach eile

Féadfaidh tú do chárta leighis a úsáid ar feadh tréimhse suas go dtí 3 mhí má tá tú ag cur fút go sealadach lasmuigh de do cheantar Oifig Shláinte Áitiúil. Sa chás sin, féadfaidh tú dul chuig aon dochtúir ginearálta (dochtúir teaghlaigh) sa cheantar atá páirteach i scéim cártaí leighis. Ba chóir duit dul chuig Oifig Shláinte Áitiúil an cheantair sin chun cárta leighis a fháil má tá tú le bheith as baile ar feadh tréimhse níos faide ná 3 mhí. Má bhogann tú chuig limistéar difriúil de do Limistéar Oifig Shláinte Áitiúil, féadfaidh tú iarratas a dhéanamh dochtúir eile a fháil.

Tar éis a eisítear do chárta duit

Is gnách go n-eisítear an cárta ar feadh bliain amháin agus déantar é athbhreithniú ina dhiaidh sin. Ag brath ar do chúinsí, d’fhéadfaí é a eisiúint ar feadh tréimhse níos faide.

Má thagann athrú ar do chúinsí, ní mór duit FSS a chur ar an eolas de bharr gur seans nach mbeifeá incháilithe don chárta a thuilleadh. Mar shampla, má thagann athrú ar d’ioncam nó ar do chúinsí teaghlaigh, ní mór duit an rannóg cártaí leighis ag d’Oifig Sláinte Áitiúil a chur ar an eolas chomh luath agus is féidir.

Pé scéal é, is gnách go n-iarrfaidh FSS ort uair sa bhliain chun do chuid cúinsí a dhearbhú. Seoltar foirm athbhreithnithe, nach mór duit a chomhlánú agus í a sheoladh ar ais chuig d’Oifig Sláinte Áitiúil. Mura seolann tú ar ais d’fhoirm athbhreithnithe, ní féidir athmheasúnú a dhéanamh ar d’iarratas agus d’fhéadfaí gan do chárta a atheisiúint.

Catagóirí eile de dhaoine incháilithe

D'fhéadfá cárta leighis gan tástáil mhaoine i gcásanna áirithe a fháil, mar shampla, faoi Rialacháin AE. Tugtar cártaí leighis de ghnáth do leanaí faoi chúram altrama. D’fhéadfadh mic léinn atá neamhspleách ar a dtuismitheoirí ó thaobh airgid a bheith i dteideal cárta leighis a bheith acu. Má tá íocaíocht leasa shóisialaigh á fháil agat, agus má fhilleann tú ar obair, féadfaidh tú do chárta leighis a choinneáil ar feadh tréimhse suas go dtí 3 bliana. Tá níos mó sonraí faoi na cúinsí seo sa Tuilleadh mar gheall ar an ábhar seo.

Táillí oidis i gcomhair sealbhóirí cártaí leighis

Ón 1 Deireadh Fómhair 2010 beidh ar shealbhóirí cártaí leighis táille 50 cent a íoc in aghaidh gach míre oidis, faoi réir uasteorainn mhíosúil €10 in aghaidh an teaghlaigh.

Ní bhaineann an táille seo le leanaí atá i gcúram FSS a bhfuil a gcártaí leighis féin acu. Áirítear leo siúd leanaí atá faoi chúram cónaitheach, faoi chúram altrama, faoi chúram altrama le gaolta agus i socrúcháin cúraim eile.

Treoracha ioncaim ginearálta

De ghnáth, cuirtear d'iomlán ioncaim san áireamh sa tástáil acmhainne maidir le cárta leighis. Tá treoracha difriúla le haghaidh daoine faoi bhun 70 bliana d'aois agus daoine os cionn 70 bliana d'aois. Cuirtear caipiteal, coigilteas, infheistithe agus maoin (seachas do theach féin) san áireamh freisin. Áfach tá eisceachtaí áirithe ann.

De réir na dtreoracha FSS, mura dtagann d'ioncam ach amháin de liúntais nó sochair leasa shóisialaigh nó liúntais FSS, tabharfar cárta leighis duit, de ghnáth, cé go bhfuil os cionn na dtreoracha ioncaim le haghaidh d'aois agus do chúinse.

Nuair a dhéantar lánúin a mheas chun cárta leighis a fháil is ar aois an duine is sine acu a dhéantar é sin.

Ioncam nach gcuirtear san áireamh nuair atá ioncam á mheas chun críche cártaí leighis

Dámhachtainí cúitimh áirithe:

  • Íocaíochtaí cúitimh a rinne an Bord um Shásamh i leith Foras Cónaithe
  • Aisíocaíochtaí a rinneadh faoin Scéim (Aisíoca) Sláinte (is é sin a rá, an scéim aisíoca maidir le Teach Altranais)
  • Dámhachtainí a bronnadh ar dhaoine a tholg Heipitíteas C nó VEID ó tháirgí truaillithe fola (ná an t-ioncam a fhaigheann siad ón airgead sin a infheistiú).
  • Íocaíochtaí ex-gratia a d’fhaomh an Bord Sásamh d’Ospidéal Lourdes faoi théarmaí na Scéime Sásamh d’Ospidéal Lourdes 2007.

Íocaíochtaí áirithe a rinne an Stát:

  • Íocaíochtaí FSS: Liúntas um Chúram Altramais, Liúntas Gluaiseachta, Liúntas na nDall, forlíontaí seachtainiúla íoctha faoin Scéim Liúntas Forlíontach Leasa Shóisialaigh
  • Íocaíochtaí leasa shóisialaigh: Forlíonadh Ioncaim Teaghlaigh, Sochar Leanaí, Liúntas Cúramóra, Liúntas Cúram Baile íocaíochtaí caomhnóra (mar shampla, pinsean dílleachta) agus Liúntas Breosla, Liúntas Oileáin, Liúntas Maireachtála Aonair agus Liúntas os cionn 80.
  • Íocaíochtaí eile: Deontais chothaithe oideachais tríú leibhéal, Liúntas Cothaithe Athshlánúcháin, tuilleamh ó fhostaíocht athshlánúcháin (chomh hard le €120.00 in aghaidh na seachtaine).

Faoi bhun 70 bliana d'aois: treoracha ioncaim agus caipitil

Déantar tuismitheoirí aonair a bhfuil cleithiúnaithe acu a mheas de réir na dteorainneacha ioncaim sin a bhaineann le daoine pósta.

Teorainn ioncaim sheachtainiúil (Ollthuilleamh, lúide cáin agus ÁSPC)
Catagóir Faoi bhun 66 Idir 66 agus 69
Duine singil ina c(h)ónaí ina (h)aonar €184 €201.50
Duine singil ina c(h)ónaí lena t(h)eaghlach €164 €173.50
Lánúin phósta/aontuismitheoir le leanaí cleithiúnacha €266.50 €298
Liúntas le haghaidh gach duine den chéad bheirt leanaí faoi bhun 16 €38 €38
Liúntas le haghaidh an tríú leanbh agus gach leanbh ina dhiaidh sin atá faoi bhun 16 €41 €41
Liúntas le haghaidh gach duine den chéad bheirt leanaí atá os cionn 16 (nach bhfuil aon ioncam acu) €39 €39
Liúntas le haghaidh an tríú leanbh agus gach leanbh ina dhiaidh sin atá os cionn 16 (nach bhfuil aon ioncam acu) €42.50 €42.50
Gach leanbh cleithiúnach os cionn 16 atá i mbun oideachais tríú leibhéal lánaimseartha, is nach bhfuil deontas á fháil aige nó aici €78 €78

Ceadaítear speansais réasúnta a thabhaítear de bharr costais cúram leanaí agus íocaíochtaí cíosa/morgáiste. (Níl aon sainmhíniú cruinn ann áfach faoi cad is ‘speansais réasúnta’ ann ó thaobh costais tithíochta nó cúram leanaí).

Costais sheachtainiúla a bhaineann le taisteal chun oibre: Ceadaítear fíorchostas iompair phoiblí. I gcás úinéara gluaisteáin, ceadaítear míleáiste ar ráta 30 cent in aghaidh an mhíle nó 18 cent in aghaidh an chiliméadair, chomh maith le €50 sa tseachtain chun buanmhuirir (dímheas agus costais reatha) a chlúdach. Más rud é go dteastaíonn dhá ghluaisteán ó lánúin chun taisteal chun oibre, ceadaítear méid dúbalta.

Áfach, má tá d'ioncam os cionn na dteorainneacha sin is féidir leat cur isteach ar chárta leighis nó Cárta Cuairte LG: mar shampla, má bhíonn costais arda mhíochaine acu, mar ag íoc maidir teach altranais.

Conas a n-áirítear caipiteal le haghaidh daoine faoi bhun 70

Cuirtear gach cineál caipitil (coigilteas agus infheistithe) san áireamh chun críche cárta leighis a thabhairt. Ní chuirtear an t-ioncam a fhaightear ón gcéad €36,000 den coigilteas/infheistithe nó réadmhaoin san áireamh i gcas duine singil agus den chéad €72,000 i gcás lánúine.

Ní bhaineann an figiúr neamhairde ach uair amháin nuair a mheasúnitear coigilteas agus réadmhaoin (seachas do theach féin) le chéile.

Cuirtear an t-iarmhéid san áireamh trí fíor-ráta an úis a fuarthas a mheas má sholáthraíonn tú teastas faoin ús a íocadh sa bhliain féilire iomlán deireanach, nó trí ráta barúlach a úsáid. Bainfidh FSS leas as cibé modh ríofa is fearr a oireann don iarratasóir.

Is éard a tharlaíonn go bunúsach ná nach ndéantar ach an t-ús nó an t-ioncam a fhaightear ar choigiltis agus ar infheistíochtaí cosúla a áireamh mar ioncam agus ní luach iomlán na gcoigilteas nó na n-infheistíochtaí féin.

Measúnú úis barúlach

Caipiteal Maoin sheachtainiúil measúnaithe
An chéad €36,000 (duine singil), €72,000 (lánúin) Dada
An chéad €10,000 eile €1 in aghaidh gach €1,000
An chéad €10,000 eile €2 in aghaidh gach €1,000
Iarmhéid €4 in aghaidh gach €1,000

Maidir le táirgí coigiltis téarmaí seasta nó fadtéarmacha, nuair nach n-íoctar an t-ús ach ag deireadh tréimhse socraithe, ní chuirfidh FSS an t-ús a thuilleann tú san áireamh ach amháin ar an dáta a mbeidh an infheistíocht aibí, más é sin atá uait. Áirítear Cáin Choinneála ar Ús Taisce nuair atá ús á ríomh. Féadfaidh FSS an ráta barúlach a chur i bhfeidhm arís más mian leis an iarratasóir go ndéanfaí é sin.

Maoin (seachas áras an teaghlaigh)
Más rud é go bhfuil tailte nó foirgnimh ar léas ag duine eile is é an t-ioncam a mheasfar ná an t-ollioncam lúide costais ab éigean a thabhú .i. rudaí mar phréimheanna árachais, íocaíochtaí ar iasachtaí nó morgáiste, costais chothabhála srl. a bhaineann leis an maoin sin.

Más rud é go bhfuil tailte nó foirgnimh ann nach bhfuil á n-úsáid agus a d’fhéadfaí a ligean ar léas nó a dhíol is féidir na roghanna measúnaithe seo a leanas a úsáid agus leas a bhaint as cibé ceann is tairbhí don iarratasóir.

  • Measúnú barúlach ar an gcíos nó ar an léas bunaithe ar ráta coitianta sa cheantar.
  • Measúnú ar a luach caipitiúil faoi mar atá sa tábla i gcomhair caipitil thuas.

Seo roinnt samplaí den bhealach a dhéanfar d’ioncam a áireamh/mheas

D'fhoilsigh an FSS Teorainn Measúnachta Náisiúnta Cárta Leighis/Cárta Cuairte maidir le daoine faoi bhun 70 bliana d'aois.

Os cionn 70 bliana d’aois: treoracha ioncaim agus caipitil

Bhí gach duine os cionn 70 bliana d’aois i dteideal cárta leighis a bheith acu gan aon tástáil mhaoine a dhéanamh sa tréimhse idir 2001 agus 2008. I ndiaidh sin tháinig tástáil mhaoine isteach, agus éifeacht aige ó Eanáir 2009.

Tá teorainneacha ollioncaim de €700 in aghaidh na seachtaine i gceist i gcás duine singil agus €1,400 i gcás lánúine pósta ó Eanáir 2009 ar aghaidh. Ní cheadófar aon asbhaintí caighdeánacha (faoi mar a tharlaíonn i gcás cáin ioncaim, mar shampla).

Áfach, má tá d'ioncam os cionn na dteorainneacha sin is féidir leat cur isteach ar chárta leighis nó Cárta Cuairte LG: mar shampla, má bhíonn costais arda mhíochaine acu, mar ag íoc maidir teach altranais.

Cuirtear pinsin, tuilleamh, ús ar chaipiteal agus gach aon ioncam eile san áireamh sa tástáil mhaoine.

Conas a n-áirítear caipiteal le haghaidh daoine faoi bhun 70

Ní chuirtear an t-ioncam a fhaightear ón gcéad €36,000 den coigilteas/infheistithe comhchosúla san áireamh i gcas duine singil agus den chéad €72,000 i gcás lánúine. Cuirtear measúnú úis barúlach i bhfeidhm ar an iarmhéid.

  • Déanfaidh FSS an ráta barúlach a shocrú gach ráithe trí mheánráta reatha úis ar thaiscí i roinnt de na bainc mhóra Éireannacha agus cumainn foirgníochta a ghlacadh ar ar an gcéad lá d’Eanáir, d’Aibreán, d’Iúil agus de Mheán Fómhair.
  • Nó más mian leis an iarratasóir é, féadfar an fíor-ráta a chur i bhfeidhm má sholáthraíonn sé nó sí teastas faoin ús a íocadh ar choigilteas sa bhliain féilire iomlán deireanach, agus cuirfidh FSS an modh measúnaithe sin i bhfeidhm.
  • Maidir le táirgí coigiltis téarmaí seasta nó fadtéarmacha, nuair nach n-íoctar an t-ús ach ag deireadh tréimhse socraithe, ní chuirfidh FSS an t-ús a thuilltear san áireamh ach amháin ar an dáta a bhíonn an infheistíocht aibí, más é sin atá uait.

Áirítear Cáin Choinneála ar Ús Taisce nuair atá ús á ríomh. Féadfaidh FSS an ráta barúlach a chur i bhfeidhm arís más mian leis an iarratasóir go ndéanfaí é sin.

Is éard a tharlaíonn go bunúsach ná nach ndéantar ach an t-ús nó an t-ioncam a fhaightear ar choigiltis agus ar infheistíochtaí cosúla a áireamh mar ioncam agus ní áirítear luach iomlán na gcoigilteas nó na n-infheistíochtaí féin.

Sampla: duine singil a bhfuil coigilteas €50,000 aige nó aici agus ús 3% á fháil air.

Ní chuirtear ach €14,000 san áireamh: déantar neamhshuim don chéad €36,000.

Déantar an t-ioncam a mheas mar 3% de €14,000, rud is ionann agus €420.00 in aghaidh na bliana nó €8.05 in aghaidh na seachtaine.

Tabhair faoi deara go gcaithfear Cáin Choinneála ar Ús Taisce a chur san áireamh aon uair atá ús á áireamh.

Maoin
Ní dhéanfar ioncam ó mhaoin a mheasúnú (bíodh sé ó áras teaghlaigh, ó áras saoire nó ó aon mhaoin eile)mura bhfuil cíos á fháil mar ioncam uaidh. Más rud é go bhfuil tailte nó foirgnimh ar léas ag duine eile is é an t-ioncam a mheasfar ná an t-ioncam iarbhír lúide aon chostais ab éigean a thabhú ar nós préimheanna árachais, íocaíochtaí ar iasachtaí nó morgáiste, cothabháil srl. a bhaineann leis an maoin sin.

Céilí faoi bhun 70 bliana d’aois: Má tá céile amháin os cionn 70 bliana d’aois agus céile eile faoi bhun 70 bliana d’aois beidh siad araon i dteideal cárta leighis a bheith acu má tá a n-ioncam faoi bhun €1,400 in aghaidh na seachtaine.

Baintreach: Má fhaigheann do chéile nó do pháirtí atá ag maireachtáil i bhfochair a chéile bás i ndiaidh 1 Eanáir 2009 agus má tá tú os cionn 70 bliana d'aois beidh tú i dteideal do chárta leighis a choimeád go ceann 3 bliana má tá d'ioncam faoi bhun €1,400 in aghaidh na seachtaine. Tar éis 3 bliana beidh an teorann ioncaim árbhatha do dhuine singil i bhfeidhm.

Má fhaigheann do chéile nó do pháirtí atá ag maireachtáil i bhfochair a chéile bás agus má tá tú faoi bhun 70 bliana d’aois, nó má fhaigheann do chéile nó do pháirtí atá ag maireachtáil i bhfochair a chéile bás roimh 1 Eanáir 2009 agus má tá tú aon aois, tá an teorann ioncaim árbhatha do dhuine singil i bhfeidhm.

Daoine ar eisíodh cárta leighis dóibh roimh 31 Nollaig 2008

Beidh na cártaí leighis sin a heisíodh do dhaoine os cionn 70 bliana d’aois bailí fós go dtí 2 Márta 2009. Ón dáta sin amach, beidh siad bailí fós má tá ioncam an té sin faoi bhun na tairsí ábhartha nua. Ní bheidh sé riachtanach tástáil mhaoine a dhéanamh ar dhaoine a bhfuil cártaí leighis acu ach amháin má bhíonn siad os cionn na dteorainneacha ioncaim, agus más mian leo cur isteach ar chárta leighis lánroghnach ar bhunús a gcúinsí pearsanta féin.

Scríobh FSS chuig na daoine sin go léir atá os cionn 70 bliana d’aois ag insint dóibh faoi na socruithe nua.Is ar na daoine sin amháin a bhfuil a n-ioncam os cionn na dteorainneacha iarrfar freagra a thabhairt ar an FSS. Coinneoidh gach aon duine eile a gcártaí.

Bíonn dáta éagtha ar gach cárta leighis agus déantar athbhreithniú orthu. Is i gcomhair tréimhse dhá bhliain de ghnáth a eisítear na cártaí leighis faoin Acht Sláinte 2008 i láthair na huaire do dhaoine atá 70 bliain d’aois nó os a chionn.

Is feidir leat iarratas a dhéanamh ar an Scéim Íocaíochta Drugaí is cuma cén aois atá agat.

D'fhoilsigh an FSS Teorainn Measúnachta Náisiúnta Cárta Leighis/Cárta Cuairte 2009 maidir le daoine os cionn 70 bliana d'aois.

Conas iarratas a dhéanamh

Má bhíonn aon cheisteanna agat sula seolann tú d’iarratas, is féidir leat glao gutháin a chur ar Lóghlao 1890 252 919 nó dul i dteagmháil le d’Oifig Sláinte Áitiúil.

Féadfaidh tú foirm iarratais agus liosta de na dochtúirí ginearálta atá páirteach sa scéim a fháil ó do ionad sláinte áitiúil, nó ó Oifig Sláinte Áitiúil do cheantair.

Nó féadfaidh tú foirm iarratais le haghaidh cárta leighis ar líne tríd medicalcard.ie

Nó féadfaidh tú foirm iarratais le haghaidh cárta leighis a íoslódáil anseo:

Foirm iarratais MC1 (pdf) do dhaoine faoi bhun 70 bliana d'aois agus daoine os cionn 70 bliana d'aois le ioncam níos mó ná €700/1400.

Foirm iarratais MC1a (pdf) do dhaoine os cionn 70 bliana d'aois le ioncam níos lú ná €700/1400

Caithfidh tú é a chomhlánú agus é a thabhairt go dtí an dochtúir ginearálta a roghnaíonn tú ó liosta na ndochtúirí atá ag glacadh páirte sa scéim.

De ghnáth, caithfidh lialann an dochtúra sin a bheith laistigh de 7 míle ón áit sin ina bhfuil cónaí ort. Caithfidh an dochtúir ginearálta a bheith sásta glacadh leat mar othar. Léigh tuilleadh faoi seirbhísí dochtúirí ginearálta do dhaoine a bhfuil Cártaí Leighis acu.

Má ghlacann an dochtúir ginearálta leat mar othar síníonn sé nó sí an fhoirm. Caithfidh d’fhostóir an fhoirm a shíniú agus d’ioncam a dhearbhú nó caithfear an fhoirm a stampáil san Oifig Leasa Shóisialaigh Áitiúil má tá íocaíochtaí leasa shóisialaigh á éileamh agat. Ní mór do dhaoine féinfhostaithe an fhoirm mheasúnaithe chánach, nó an tacar cuntas trádála, is déanaí acu a chur isteach.

Má tá tú faoi bhun 70 bliana d'aois ba chóir an fhoirm iarratais a chur ar ais chuig an Oifig Sláinte Áitiúil.

Má tá tú os cionn 70 bliana d'aois ba chóir an fhoirm iarratais a chur ar ais chuig an Seirbhís Aisíocaíochta Cúraim Phríomhúil na FSS.

Is féidir leat an dul chun cinn de d'iarratas ar chárta leighis a lorg ag http://www.medicalcard.ie/

Treoir maidir le Cártaí Leighis eisithe ag FSS, ina bhfreagraítear ceisteanna coitianta.

Cárta Cuairte LG: Má tá tú faoi bhun 70 bliana d'aois agus má tá d’ioncam os cionn na dtreoirlínte déanfar tú a mheasúnú sa ghnáthchúrsa ó thaobh Cárta Cuairte Dochtúra Ghinearálta a fháil. Má tá tú os cionn 70 bliana d'aois agus má tá d’ioncam os cionn na dtreoirlínte le haghaidh iad os cionn 70 bliana d'aois, d'fhéadfá a bheith measúnaithe ó thaobh chárta leighis ginearálta agus ó thaobh Chárta Cuairte LG a fháil.

Is feidir leat iarratas a dhéanamh ar an Scéim Íocaíochta Drugaí is cuma cén aois atá agat.

Achomhairc

Má tharlaíonn sé go ndiúltaítear cárta leighis ort agus mura bhfuil tú sásta leis an gcinneadh sin féadfaidh tú a iarraidh go ndéanfar athbhreithniú air san Oifig Sláinte Áitiúil. D’fhéadfadh athrú a bheith tagtha ar do chúinsí féin, nó d’fhéadfadh eolas ábhartha éigin a bheith fágtha amach agat san iarratas bunaidh. Má bhíonn tú fós míshásta ina dhiaidh sin féadfaidh tú achomharc a dhéanamh chuig Oifig Achomharc do Cheantar FSS. (Beidh na sonraí teagmhála le fáil san litir dhiúltaithe a fuair tú). Déanfaidh an Oifig Achomharc measúnú ar d’iarratas. Foireann FSS nach raibh baint acu le d’iarratas bunaidh a dhéanfaidh é seo.

Déan teagmháil le d’ionad sláinte áitiúil nó le d’Oifig Sláinte Áitiúil má tá aon cheist agat faoi chártaí leighis nó faoi chúrsaí incháilitheachta.

Is féidir leat dul i dteagmháil leis an líne fhaisnéis FSS: Glao sabhála 1850 24 1850

Seirbhís Aisíocaíochta Cúraim Phríomhúil na FSS

Bealach Amach 5 M50
An Bóthar Thuaidh
Fionnghlas
Baile Átha Cliath 11
Éire

Teil:+353 (0)1 864 7100
Facs:+353 1 834 3589
R-phost: pcrs@hse.ie

Tuilleadh eolais

Tugtar cártaí leighis de ghnáth do leanaí faoi chúram altrama.

D'fhéadfá a bheith i dteideal cárta leighis a bheith agat faoi Rialacha an AE:

  • Má tú i do chónaí in Éirinn agus ag fáil íocaíochta slándála sóisalaí ó thír eile san Aontas Eorpach/ Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (AE/LEE) nó ón Eilvéis agus nach bhfuil aon íocaíocht leasa shóisialaigh de chuid na hÉireann á fháil agat (seachas Sochar Leanaí nó Forlíonadh um Luathchúram Leanaí). Ní féidir leat a bheith fostaithe nó féinfhostaithe, is é sin le rá go bhfuil ort ÁSPC a íoc)
  • Má tá tú i do chónaí in Éirinn agus ag obair i dtír eile de chuid an AE/LEE nó san Eilvéis agus go bhfuil ort ranníocaíochtaí árachais shóisialta a íoc sa tír sin.
  • Má tá tú i do chónaí in Éirinn agus is céile cleithiúnach nó leanbh cleithiúnach thú le duine atá fostaithe i dtír eile de chuid an AE/LEE nó san Eilvéis. Ní féidir leat a bheith ag fáil íocaíochtaí leasa shóisialaigh na hÉireann seachas Sochar Leanaí nó Forlíonadh um Luathchúram Leanaí, agus níl ort ranníocaíochtaí a íoc le córas leasa shóisialaigh na hÉireann, is é sin le rá, ÁSPC a íoc ar d’ioncam.

Ní bhíonn mic léinn lánaimseartha ó 16 go 25 bliana d'aois atá cleithiúnach ó thaobh airgid de ar a dtuismitheoirí, i dteideal cártaí leighis a fháil de ghnáth mura bhfuil ceann ag a dtuismitheoirí. D’fhéadfadh mic léinn atá neamhspleách ar a dtuismitheoirí ó thaobh airgid de, mar shampla, mic léinn a bhfuil ioncam dá gcuid féin acu de bharr obair pháirtaimseartha, agus a shásaíonn critéir na tástála maoine, a bheith i dteideal cárta leighis a bheith acu. Sa chás sin is í Oifig Sláinte Áitiúil an choláiste sin a bhfuil an mac léinn ag freastal air a d’eiseodh an cárta leighis. De ghnáth bíonn mac léinn a bhfuil Liúntas Míchumais á fháil aige nó aici i dteideal cárta leighis a fháil.

Filleadh ar obair

Má tá íocaíocht leasa shóisialaigh á fháil agat, agus má fhilleann tú ar obair, féadfaidh tú do chárta leighis a choinneáil ar feadh tréimhse suas go dtí 3 bliana.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 16 February 2012

Ábhar Gaolmhar

  • Medical Card: Examples of capital assessment
    Examples of scenarios income + capital
  • Muirear Sóisialta Uilíoch (MSU)
    The Universal Social Charge is a tax payable on gross income that came into effect on 1 January 2011.
  • Tástáil mhaoine
    Chun cáiliú d' íocaíocht cúnaimh shóisialaigh caithfidh tú tástáil mhaoine a shásamh. Scrúdaíonn tástáil mhaoine d'fhoinsí ioncaim go léir. Mar sin féin, ní thógtar roinnt ioncaim san áireamh agus do mhaoin á meas.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.