Anseo atá tú: Baile > Sláinte > Teidlíochtaí maidir le seirbhísí sláinte > Seirbhísí sláinte do chuairteoirí go hÉirinn

Print Page Send to a Friend

Seirbhísí sláinte do chuairteoirí go hÉirinn

Eolas

D'fhéadfadh cuairteoirí áirithe go hÉirinn a bheith i dteideal seirbhísí sláinte poiblí saor in aisce. Tá daoine ó bhallstáit eile de chuid an AE/Limistéar Eacnamaíoch Eorpach (LEE) agus ón Eilbhéis atá ar cuairt go hÉirinn go sealadach (mar shampla ar saoire nó ar ghnó) i dteideal seirbhísí sláinte éigeandála saor in aisce. Níor mhiste an Cárta Eorpach Árachas Sláinte a thabhairt leat agus tú ag taisteal go hÉirinn (ach amháin má tá cónaí ort sa Ríocht Aontaithe agus sa chás sin ní mór duit fianaise go bhfuil tú cónaitheach sa RA a thabhairt leat).

Tá oibrithe atá aistrithe anseo ó bhallstáit eile de chuid an AE/Limistéar Eacnamaíoch Eorpach (LEE) agus ón Eilbhéis i dteideal cárta leighis.

Tá mic léinn ó bhallstáit eile de chuid an AE/Limistéar Eacnamaíoch Eorpach (LEE) agus ón Eilbhéis i dteideal cárta leighis ag brath ar fhad a gcuairte.

Is cosúil go nglacfar leis go bhfuil daoine eile a thagann go hÉirinn le cónaí, obair nó staidéar nó a thagann anseo agus iad ar scor ina gcónaí anseo ("cónaitheach de ghnáth" is ea an téarma dlí) agus go dtiocfaidh siad faoi na rialacha mar a leagtar amach iad i dTeidlíocht do Sheirbhísí Sláinte Poiblí agus Cártaí Leighis.

Níl cuairteoirí eile go hÉirinn i dteideal seirbhísí sláinte poiblí saor nó fóirdheonaithe ach amháin i gcás an anró. De ghnáth, má tá orthu seirbhísí sláinte a úsáid, caithfidh siad costas eacnamaíoch iomlán na seirbhísí sin a íoc.

Rialacha

Tá do theidlíocht do sheirbhísí sláinte in Éirinn bunaithe ar chónaí agus ar acmhainní, seachas ar do cháin nó Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasa (ÁSPC) a bheith íoctha. Go ginearálta, má tá tú i do chónaí anseo agus má tá sé ar intinn agat fanacht anseo go ceann bliana ar a laghad, glacfar leis go bhfuil tú "cónaitheach de ghnáth" anseo. Níl seo ag brath ar cén náisiúntacht atá agat, agus tá teidlíocht iomlán (do chárta leighis, mar shampla) nó teidlíocht teoranta do sheirbhísí sláinte ag duine ar bith a nglacann Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) leis go bhfuil sé "cónaitheach de ghnáth" in Éirinn. Déantar roinnt eisceachtaí agus tugtar eolas futhu siúd thíos.

Níl do theidlíocht ag brath ar do náisiúntacht inti féin, ach clúdaíonn rialacha ar leith saoránaigh de chuid an AE/LEE chomh maith le saoránaigh na hEilbhéise.

D'eisigh An Roinn Sláinte treoracha do na hOifigí Sláinte Áitiúla a léiríonn conas a shocrú cé acu an bhfuil nó nach bhfuil duine cónaitheach de ghnáth. Fágtar faoin FSS na mbord sláinte seirbhísí sláinte a thabhairt do dhuine ar bith i gcruachás.

Saoránaigh an AE/LEE nó na hEilbhéise

Dá mba rud é go raibh cónaí ort agus go raibh tú ag obair i mballstát de chuid an AE/LEE nó san Eilbhéis, d'fhéadfadh teidlíocht a bheith agat faoi rialacha an AE mar thoradh ar chónaí nó ar fhostaíocht i mballstát de chuid an AE.

  • Pinsinéirí

Má tá pinsin árachais shóisialaigh agat ó bhallstát de chuid an AE/LEE nó ón Eilbhéis ach gan pinsin leasa shóisialaigh Éireannaigh a bheith agat (mar shealbhóir nó mar chleithiúnaí) agus muna bhfuil tú fostaithe nó féin-fhostaithe in Éirinn, d'fhéadfá a bheith i dteideal cárta leighis ach foirm E121 de chuid an AE a chur isteach.

  • Daoine dífhostaithe

Má d'aistrigh tú do Shochar Dífhostaíochta ó bhallstát de chuid an AE/LEE nó ón Eilbhéis go hÉirinn agus má tá tú ag lorg oibre anseo, d'fhéadfá a bheith i dteideal cárta leighis. Eisítear Foirm E119 i do thír féin agus is féidir leat cárta leighis a bheith agat in Éirinn le linn an ama luaite san Fhoirm E119.

Tugtar cártaí leighis do chleithiúnaithe pinsinéirí nó daoine dífhostaithe sa chás nach bhfuil siad (nó i gcás páistí, an céile nó an duine atá ag tabhairt cúraim dóibh) fostaithe nó féin-fhostaithe in Éirinn.

  • Oibrithe Aistrithe

Má chuireann d'fhostóir chun obair in Éirinn thú ar bhonn sealadach (níos lú ná 12 mhí), tá tú i dteideal seirbhísí práinneacha sláinte saor in aisce. Ba chóir go mbeadh an Cárta Eorpach Árachas Sláinte agat, ag glacadh leis nach mbeidh tú anseo thar 12 mhí, agus nach bhfuil tú ag tógáil áite duine eile leis an obair chéanna. Má aistrítear go hÉirinn tú ar feadh tréimhse níos faide nó má ghlacann tú áit duine eile, níl aon fheidhm ag rialacha an AE agus glacfar leis go bhfuil tú "cónaitheach de ghnáth" in Éirinn. Má tháinig tú ón mBreatain ní bheidh an Cárta Eorpach Árachas Sláinte ag teastáil uait i gcomhair seirbhísí práinneacha sláinte saor in aisce, ach beidh ort cruthú go bhfuil tú cónaitheach sa RA.

Muna bhfuil tú cónaitheach de ghnáth anseo, d'fhéadfá a bheith i dteideal seirbhísí sláinte poiblí sa chúinsí seo a leanas:

Seirbhísí práinneacha sláinte

Is éard atá i gceist le seirbhísí práinneacha sláinte:

Ní chlúdaítear

  • cóireáil neamh-phráinneach nó roghnach arbh fhéidir í a chur siar go dtí go bhfillfidh tú ar do thír féin.
  • cás ar bith nuair a thagann duine go hÉirinn , d'aon ghnó chun cóireáil leighis a fháil.

Saoránaigh ó stáit nach ballstáit iad de chuid an AE/LEE (ach amháin an Eilbhéis)

Go ginearálta, más saoránach stáit tú nach ballstát é de chuid an AE nó an LEE (ach amháin an Eilbhéis), glactar leat mar dhuine atá cónaitheach de ghnáth in Éirinn más féidir leat dearbhú don bhord sláinte go mbeidh tú anseo go ceann bliana ar a laghad. Is féidir leis an mbord sláinte fianaise a lorg uait a thaispeánann go bhfuil tú i dteideal de réir dlí cur fút anseo go ceann bliana ar a laghad. Seo roinnt samplaí den fhianaise seo:

  • ceadúnas oibre nó víosa, ráiteas ó d'fhostóir nó conradh fostaíochta
  • Fianaise go bhfuil airgead aistrithe, sonraí ar chuntais bhainc agus ar phinsin
  • Cruthú go bhfuil teach ceannaithe nó tógtha ar cíos agat (mar shampla, léas) chomh maith le cruthú gurb í do phríomh áit chónaithe é an teach i gceist
  • Cead cónaithe Biúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Inimirce (BNGSI) stampáilte ar do phas.

Más cleithiúnaí tú de shaoránach ó stát nach ballstát é den AE/LEE nó nach saoránach Eilbhíseach é/í, baineann na rialacha céanna maidir le gnáth chónaí leat. Is é sin le rá, má éiríonn le saoránach ó stát nach ballstát é den AE/LEE nó nach saoránach Eilbhíseach é/í a léiriú go bhfuil sé/sí i dteideal seirbhísí sláinte anseo, ní chiallaíonn sin go bhfuil cleithiúnaithe neamh-cónaitheacha i dteideal seirbhísí sláinte in Éirinn freisin.

Mic léinn ó stáit nach ballstáit iad de chuid an AE/LEE (ach amháin an Eilbhéis)

Más mac léinn tú ó stát nach ballstát é de chuid an AE nó an LEE (ach amháin an Eilbhéis), glactar leat mar dhuine atá cónaitheach de ghnáth in Éirinn má tá tú cláraithe ar chúrsa a leanfaidh ar aghaidh go ceann bliana acadúla amháin ar a laghad.

Má tá tú anseo do thréimhse níos giorra, glactar leat mar chuairteoir agus níl tú i dteideal seirbhísí sláinte saor in aisce nó fóirdheontaithe.

Iarrthóirí tearmainn agus dídeanaithe

Tugtar cártaí leighis do iarrthóirí tearmainn don tréimhse nuair atá a n-iarratas ar stádas dídine á mheasúnú. Má thugtar stádas dídine duit, glactar leat mar dhuine atá cónaitheach de ghnáth, agus baineann na gnáth rialacha maidir le teidlíocht do sheirbhísí sláinte leat.

Saoránaigh Éireannacha a bhí ina gcónaí taobh amuigh d'Éire

Má fhilleann tú ar Éirinn agus má tá tú ag obair nó má tá tú féin-fhostaithe anseo nó má tá sé ar intinn agat fanacht go ceann bliana, sa chás sin tá tú cónaitheach de ghnáth agus baineann na gnáth rialacha leat.

Má tá cúinsí eile i gceist, agus má bhí tú ag cur fút agus ag obair i mballstát eile de chuid an AE/LEE nó san Eilbhéis, meastar do theidlíocht do sheirbhísí sláinte nuair a thagann tú ar ais faoi na rialacha a bhaineann le saoránaigh de chuid an AE.

Má bhí tú thar lear ar chonradh gearrthéarmach, glactar leat mar dhuine atá cónaitheach de ghnáth anseo.

Má bhí tú i do chónaí thar lear ar feadh tréimhse suas go dtí trí bliana ach má tá d'Oifig Sláinte Áitiúil na FSS sásta nár chuir tú isteach ar theidlíocht do sheirbhísí sláinte in aon stát eile, ba chóir go nglacfadh an FSS leat mar dhuine atá cónaitheach de ghnáth in Éirinn má tá cóireáil ag teastáil uait nuair a thagann tú ar ais go hÉirinn. Tá seo tábhachtach, óir deimhníonn sé nach gcailleann eisimircigh ó Éirinn a dteidlíocht do sheirbhísí sláinte ar bhonn cónaithe sula mbeidh an deis acu teidlíocht a fháil in aon áit eile. Níl aon fheidhm ag an bhforáil seo sa chás go bhfuil duine clúdaithe faoi rialacha an AE i stát eile, agus ní ligfeadh sé ach go háirithe do dhuine ag cur faoi go sealadach i stát eile de chuid an AE iarradh ar an FSS an Cárta Eorpach Árachas Sláinte a leathnú thar an gnáth-thréimhse.

Daoine nach bhfuil i dteideal seirbhísí sláinte saor in aisce

Muna bhfuil tú cónaitheach de ghnáth agus muna gclúdaítear tú faoi na ceannteidil thuasluaite, is féidir leis an FSS luach iomlán na seirbhísí a ghearradh nó cóireáil phráinneach a chur ar fáil ar tháillí laghdaithe nó gan aon táillí i gcruachás.

De ghnáth, má tá ort seirbhísí sláinte a úsáid, caithfidh tú luach eacnamaíoch iomlán na seirbhísí sin a íoc. Má theann tú go dtí ospidéal poiblí, mar shampla, gearrtar an luach iomlán ort, seachas na luachanna socraithe a íocann othair i leapacha príobháideacha in ospidéil phoiblí. Déantar é seo is cuma má tá leaba phoiblí nó phríobháideach agat.

Conas iarratas a dhéanamh

Cuir iarratas isteach chuig do bhord sláinte áitiúil maidir leis na doiciméid agus na seirbhísí cuí.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 16 September 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.