Féadfaidh le daoine ar leith nach gcáilíonn do chárta leighis cur isteach ar Chárta Cuairte LG (dochtúir teaghlaigh). Ceadaíonn Cártaí Cuairte LG, do dhaoine aonair agus teaghlaigh a cháilíonn, cuairt a thabhairt ar a ndochtúir teaghlaigh saor in aisce. Tá forléargas ar sheirbhísí GP (dochtúir teaghlaigh) ar fáil anseo.
Mura bhfuil cárta leighis nó Cárta Cuairte LG agat, níl cuairteanna ar dhochtúirí teaghlaigh saor in aisce. Chun cur isteach ar Chárta Cuairte LG, ba cheart go mbeadh gnáthchónaí ort in Éirinn. Is é sin, caithfidh tú a bheith i do chónaí anseo, agus tá sé i gceist agat maireachtáil anseo ar feadh bliana. Is féidir leat níos mó a léamh faoi theidlíocht ar sheirbhísí sláinte phoiblí anseo. Caithfidh tú treoirlínte ioncaim shonracha a chomhlíonadh chomh maith chun cáiliú do Chárta.
I gcásanna ina mbíonn cóireáil leighis ar leith nó fadtéarmach ag teastáil nó cuairteanna ar dhochtúir, is féidir le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) Cárta a thabairt do dhuine nó do chlann fiú mura gcomhlíonann siad na treoirlínte. Go hiondúil, ní chuirtear iarratais den saghas seo san áireamh ach i gcásanna ina bhféadfadh cruatan míchuí airgeadais a bheith i gceist.
Is cárta plaisteach é an Cárta Cuairte LG, ar chomhmhéid le cárta
creidmheasa. Ar an gcárta bíonn d'ainm iomlán/do shloinne, d'inscne, ainm do
dhochtúra agus tréimhse bailíochta an Chárta.
Athbreithnithe ar an gCárta Cuairte LG
Ós rud é go mbíonn an Cárta Cuairte bailí ar feadh tréimhse ar leith
déantar chuile iarratas a athbhreithniú i gcaitheamh an ama. An bhunchúis
atá leis an athbhreithniú seo ná go bhféadfaí go dtiocfadh athruithe ar
leibhéal ioncaim, go bhfásfadh cleithiúnaithe suas nó go dtarlódh
athruithe eile a d'fhéadfadh tionchar a bheith acu ar do theidlíocht. Go
hiondúil, is ionann iad dátaí athbhreithnithe na gCártaí Cuairte LG agus
na gCártaí Leighis.
An t-aon cheart a thugann Cárta Cuairte duit ná cuairt a thabhairt ar do
liachleachtóir ginearálta saor in aisce. Is gá íoc as aon drugaí a
ordaítear de bharr na cuairte. Nó is féidir iarratas a dhéanamh ar
rannpháirtíocht sa Scéim
Íocaíochta Druga, íá bhíonn Seirbhísí
Ospidéil Phoiblí d'Othair Chónaitheacha nó Seirbhísí
Ospidéil Phoiblí d'Othair Sheachtracha i gceist, beidh siad saor ach
beidh ort roinnt táillí ospidéil a
íoc.
Bíonn scrúdú maoine i gceist le bheith i dteideal Cárta Cuairte LG. Is é sin le rá, déanann an FSS d'ioncam a mheasúnú mar chuid den phróiseas iarratais. Is ionann na rialacha a bhaineann le bheith i dteideal Cárta Cuairte LG agus na rialacha do chárta leighis, seachas go bhfuil an teorainn ioncaim 50% níos airde. Ar an mórgóir, beidh tú i dteideal Cárta Cuairte LG:
Má dhiúltaítear do d'iarratas ar Chárta Cuairte LG, gheobhaidh tú litir á rá leat. Míneoidh an litir na cúiseanna ar diúltaíodh do d'iarratas freisin. Is féidir leat achomharc a dhéanamh trí athbhreithniú a iarraidh ó d'oifig sláinte áitiúil. Má iarrann tú achomharc, ba chóir aird a dhíriú ar aon athrú atá tar éis teacht ar do chúinsí pearsanta ón am a rinne tú an chéad iarratas. Ba chóir duit aon ghnéithe eile a mheasann tú bheith ábhartha a lua freisin.
Mar mhalairt rogha, is féidir leat achomharc a dhéanamh chuig Oifigeach Achomhairc de chuid an FSS. Beidh na sonraí teagmhála le fáil sa litir diúltaithe.
Is iad na teorainneacha ioncaim seachtainiúla (ollmhéid lúide cáin agus
asbhaintí ÁSPC) ó 1 Eanáir 2009 le bheith i dteideal Cárta Cuairte LG ná:
Catagóir |
Faoi 66 bliana d'aois | Idir 66 agus 69 mbliana |
| Duine singil ina chónaí leis féin | €276 | €302 |
| Duine singil ina chónaí lena chlann | €246 | €260 |
| Lanúineacha pósta nó lanúineacha comhchónaitheacha (nó tuismitheoir aonair le leanaí cleithiúnacha) | €400 | €447 |
| Liúntas don chéad dá pháiste faoi 16 bliain d'aois | €57 | €57 |
| Liúntas don triú páiste agus páistí ina dhiaidh sin faoi 16 bliain d'aois | €61.50 | €61.50 |
| Liúntas don chéad dá pháiste thar 16 bliain d'aois (gan ioncam) | €58.50 | €58.50 |
| Liúntas don triú páiste agus páistí ina dhiaidh sin thar 16 bliain d'aois (gan ioncam) | €64 | €64 |
| Cleithiúnaithe thar 16 bliain d'aois in oideachas triú leibhéal lánaimseartha gan deontas. | €117 | €117 |
Tá liúntais ann do roinnt costas eile maidir le cúram
leanaí agus íocaíochtaí cíosa/morgáiste.
Ní léiríonn an FSS an luach beacht na gcostas cóiríochta agus
cúram leanaí. Deghnáth tá treoracha i ngach Oifig
Sláinte Áitiúil a thógann táillí áitiúla san áireamh. Tá roinnt
samplaí praiticiúla den bhealach ina bhféadfá
bheith i dteideal Cárta Cuairte LG ar fáil anseo.
Measúnaítear na liúntais do chostais sheachtainiúla iompair bunaithe ar chostas iompair poiblí, is é sin, 30 cent in aghaidh an mhíle.
Is é an fhoirm iarratais chéanna a úsáidtear don Chárta Cuairte LG agus don chárta leighis. Agus d'iarratas ar Chárta Cuairt á mheas, measfaidh an FSS do theidlíocht chun críche cárta leighis iomlán g an am céanna.
Is féidir foirm
iarratais ar Chárta Cuairte LG agus ar Chárta Leighis a íoslódáil anseo
(pdf). Comhlánaigh an chuid den fhoirm a bhaineann leatsa agus seol ar ais
í chuid d'Oifig nó Ionad Sláinte Áitiúil. Cuimhnigh d'Uimhir PSP (agus
(uimhreacha do chleithiúnaithe) a chur ar an bhfoirm.
Téigh i dteagmháil le d'Oifig Sláinte Áitiúil le tuilleadh eolais a fháil. Seol an fhoirm iarratas chomhlánaithe chuig d'ionad sláinte áitiúil nó d'Oifig Sláinte Áitiúil.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 8in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.