Tá teidlíochtaí maidir le seirbhísí sláinte in Éirinn bunaithe go príomha ar chónaitheacht agus ar mhaoin, seachas ar cháin nó árachas sóisialta pá-choibhneasa (ÁSPC) a íoc. Tá aon duine, is cuma cén náisiúntacht é/í, lena nglacann Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte mar dhuine ar a bhfuil gnáthchónaí in Éirinn, i dteideal teidlíocht iomlán (Catagóir 1; sealbhóirí cártaí leighis) nó teidlíocht theoranta (Catagóir 2) ar sheirbhísí sláinte.
D'fhéadfadh Cuairteoirí go hÉirinn a bheith i dteideal seirbhísí saor in aisce nó seirbhísí fóirdheontaithe i gcúinsí áirithe.
Tá an daonra Éireannach roinnte i ndá ghrúpa maidir le teidlíocht seirbhísí sláinte - iad siúd a bhfuil cárta leighis acu agus iad siúd nach bhfuil cárta leighis acu.
Má tá cárta leighis agat tá tú i dteideal:
Muna bhfuil cárta leighis agat, tá tú i dteideal seirbhísí ospidéil phoiblí saor in aisce ach b'fhéidir go mbeidh ort táillí ospidéil do sheirbhísí othair chónaithigh agus eisothair a íoc. Tá tú i dteideal drugaí agus míochaine ar oideas freisin chomh maith le seirbhísí máithreachais agus cúraim naíonán agus d'fhéadfá a bheith i dteideal seirbhísí cúraim phobail agus seirbhísí pearsanta sóisialta saor in aisce nó fóirdheontaithe.
Mura mbíonn Cárta Cuairte LG agat níl tú i dteideal seirbhísí liachleachtóirí ginearálta saor in aisce.
D'fheadfá a bheith i dteideal roinnt seirbhísí cúraim phobail agus seirbhísí pearsanta sóisialta.
Tá roinnt seirbhísí ar fáil do dhaoine de réir an riachtanais nó an stádais sláinte atá acu, is cuma má tá nó muna bhfuil cárta leighis acu.
Mar shampla,
Má tá tú ag teacht chun cónaí in Éirinn nó ag filleadh anseo chun cónaí ann, ní mór duit a chruthú d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) go bhfuil “gnáthchónaí” ort anseo.
D’fhéadfadh sé go dteastódh siad seo a leanas ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) chun a chruthú go bhfuil gnáthchónaí ar dhuine:
Tá aon duine, is cuma cén náisiúntacht é/í, lena nglacann Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte mar dhuine ar a bhfuil gnáthchónaí in Éirinn, i dteideal teidlíocht iomlán (Catagóir 1, .i. sealbhóirí cártaí leighis) nó teidlíocht theoranta (Catagóir 2) ar sheirbhísí sláinte.
Díreach mar gheall go bhfuil náisiúnach nach as an AE dó/di tar éis a (h)incháilitheacht maidir le seirbhísí sláinte a chruthú ní hé sin le rá go bhfuil a gcleithiúnaithe incháilithe freisin.
D’fhéadfadh sé go mbeadh ar chleithiúnaithe náisiúnach nach as an AE dóibh na riachtanais thuas a shásamh freisin.
Faoi rialacha an AE, má tá cónaí ort in Éirinn agus tú ag fáil Pinsean Slándála Sóisialaí ó Stát eile san AE, d’fhéadfá a bheith i dteideal cárta leighis anseo gan iallach a bheith ort an gnáth-thástáil mhaoine a shásamh ar an gcoinníoll nach bhfuil tú ag fáil Pinsean Leasa Shóisialaigh Éireannach agus nach bhfuil tú fostaithe nó féinfhostaithe anseo. Má tá ioncam neamhthuillte os cionn €3,174.34 in aghaidh na bliana agat, d’fhéadfaí féachaint ort mar dhuine féinfhostaithe agus d’fhéadfadh sé go mbeadh ort tástáil mhaoine a shásamh chun cárta leighis a fháil.
Go hiondúil, má tá tú ag obair i mBallstát amháin agus i do chónaí i gceann eile, tá tú i dteideal seirbhísí sláinte a fháil sa stát ina gcónaíonn tú agus sa stát ina n-oibríonn tú. Ciallaíonn sé seo go bhfuil oibrithe a chónaíonn anseo ach a oibríonn i dTuaisceart Éireann i dteideal cártaí leighis a fháil anseo gan tástáil mhaoine a dhéanamh. Tá a dteaghlaigh i dteideal cárta leighis in Éirinn freisin gan tástáil mhaoine chomh fada is nach bhfuil an chéile fostaithe nó féinfhostaithe anseo.
Ba chóir do náisiúnach Ballstáit eile de chuid an AE nach bhfuil clúdaithe do sheirbhísí sláinte faoi rialacha an AE a stádas maidir le “gnáthchónaí” a sheiceáil le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) chun a n-incháilitheacht maidir le seirbhísí sláinte anseo a dhearbhú.
Tá tuilleadh eolais ar fáil ó d'Oifig Sláinte Áitiúil.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.