Faoin Scéim Íocaíochta Drugaí níl ar dhuine nó ar chlann a íoc ach uasmhéid €132 (ó Eanáir 2012) i gcomhair an méid iomlán drugaí ar oideas dhochtúra, cóir leighis, nó fearais a bhfuil ar an duine nó an clann sin a úsáid i rith na míosa sin. Caithfidh tú bheith gnáthchónaí ort chun cáiliú don scéim seo.
Tá an duine a dhéanann an iarratas, a lanúin/páirtí agus páistí faoi 18 bliana d'aois - no faoi 23 bliana d'aois má tá siad in oideachas lán-aimseartha - faoi scáth chaiteachais clann. Má tá cleithiúnaí le tinneas/ míchumas fisiciúil nó intinne ina c(h)ónaí sa teaghlach nach bhfuil Cárta Leighis aige/aici agus nach bhfuil sé/sí ábalta é/í féin a chothú go hiomlán, is féidir é/ í a chomhaireamh i gcaiteachas an chlann is cuma cén aois.
Nuair tá tú cláraithe don scéim, eiseoidh d'Oifig Sláinte Áitiúil cárta plaisteach faidhpeáil duit. Ba cheart duit an cárta seo a thabhairt leat chuile uair atá tú ag fáil cogaisí dochtúra líonta.
Tá tuilleadh eolais ar fáil ó d'Oifig Sláinte Áitiúil.
Tá an fhoirm iarratais ar fáil ó phoitigéirí nó d'Oifig Sláinte Áitiúil. Lena chois sin féadfaidh tú foirm iarratais na Scéime um Íocaíocht Drugaí (pdf) a íoslódáil. Beidh an fhoireann i do chógaslann nó i d’Oifig Sláinte Áitiúil sásta comhairle agus cabhair a thabhairt duit má bhíonn deacrachtaí agat an fhoirm a chomhlánú.
Seol d’iarratas comhlánaithe chuig d’Oifig Sláinte Áitiúil.
D’fhéadfadh sé suas le 4 seachtaine a thógáil d’iarratas ar Chárta
nua a phróiseáil. Coinnigh d’admhálacha go dtí go bhfaighidh tú do
Chárta má bhíonn costais incháilithe agat le linn an ama sin agus seol na
hadmhálacha chuig Rannán na Scéime um Íocaíocht Drugaí i d’Oifig
Sláinte Áitiúil mar aon le nóta mínithe.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.