Tá trí chineál seirbhís otharchairr ar fáil;
D'fhéadfadh sé go mbeadh seirbhísí otharchairr curtha ar fáil ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte le daoine atá go dona tinn a thabhairt chuig an ospidéal nó idir ospidéil.
Tá na seirbhísí otharchairr ar fáil mar chuid de na seirbhísí éigeandála - ag an uimhir 999 nó 112. (Tá an uimhir 112 in úsáid ar fud an AE). Tá na glaonna sin go léir saor in aisce.
Cuireann Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) seirbhísí otharchairr ar fáil le daoine atá go dona tinn a thabhairt chuig an ospidéal nó idir ospidéil. I mBaile Átha Cliath, cuireann Briogáid Dóiteáin Átha Cliath seirbhísí otharchairr ar fáil do mhórcheantar Átha Cliath. Tá a chuid seirbhísí otharchairr freisin ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (an Údaráis Réigiúnda um Shláinte an Oirthir roimhe seo) atá ag feidhmiú as an seomra stiúrtha chéanna, ach, níl an dá sheirbhís chomhtháithe.
Tá an tseirbhís otharchairr teoranta le freastal ar ospidéil lae, ceardlanna, ionaid do dhaoine faoi mhíchumas foghlama, aonaid scagdhealaithe duánaigh agus clinicí seachtracha ospidéil. Cuireann cuid de Limistéir FSS seirbhísí iompair ar fáil chuig na hospidéil le freastal ar na clinicí seachtracha agus na hionaid lae. Déantar é seo go minic ar chonradh le oibreoirí príobháideacha iompair. Anois agus arís d'fhéadfadh sé go mbeadh FSS sásta cúnamh a thabhairt i dtreo na gcostas a thiteann ar dhuine a bhfuil bealach fada le taisteal aige/aici chuig an ospidéal a íoc. Braitheann an cás go mór ar an mbord sláinte atá i gceist, agus i roinnt cásanna, braitheann sé ar chúinsí pearsanta an othair freisin.
Níl aon cheart soiléir ann don tseirbhís otharchairr. Go ginearálta baintear úsáid as otharcharranna i gcásanna éigeandála. Is cinneadh leighis a dhéantar má tá otharcharr le n-úsáid taobh amuigh de chásanna éigeandála. Go ginearálta, is féidir táille a ghearradh ar dhaoine as an tseirbhís muna bhfuil cártaí leighis acu. Braitheann sé arís ar FSS agus is féidir i gcásanna faoi leith na táillí a mhaitheamh.
Tá roinnt seirbhísí príobháideacha otharchairr ar fáil, ina measc seirbhísí otharchairr aeir - cuireann tú glaoch orthu agus íocann tú as a gcuid seirbhísí ar bhonn tráchtála. Anois 's arís d'fhéadfadh FSS glaoch orthu le cúnamh a thabhairt i gcásanna éigeandála, sa chás sin, íocann FSS as a gcuid seirbhísí.
Tá roinnt eagraíochtaí deonacha otharchairr freisin ann. Baintear úsáid astu go hiondúil le cúnamh a thabhairt ar an láthair ag imeachtaí poiblí.
Féadfar táille a ghearradh ort as seirbhísí otharchairr a úsáid mura bhfuil cárta leighis agat. Bíonn cleachtais éagsúla i gceist in áiteanna éagsúla sa tír agus féadfar na táillí a chur ar leataobh i gcásanna áirithe (i gcásanna cruatain agus mar sin de).
Is seirbhísí tráchtála iad na seirbhísí otharchairr phríobháideacha. Cuireann tú glaoch teileafóin orthu agus íocann tú as a gcuid seirbhísí ar an ngnáthbhealach tráchtála.
Tá na seirbhísí otharchairr ar fáil mar chuid de na seirbhísí éigeandála - ag an uimhir 999 nó 112. (Tá an uimhir 112 in úsáid ar fud an AE).
De ghnáth, tá seirbhísí príobháideacha agus deonacha otharchairr liostaithe san eolaire teileafóin phoiblí.
Seirbhísí poiblí otharchairr
Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
Seirbhís Otharchairr Dóiteáin Átha Cliath
Ceanncheathrú Dóiteáin Átha Cliath
Sráid Chnoc na Lobhar
Baile Átha Cliath 2
Teil: (01) 677 8221
Facs: (01) 677 8229
Cuirtear oiliúint ar an gcuid is mó de fhoireann otharchairr na mbord sláinte ag:
Scoil Náisiúnta Oiliúna Otharchairr (NATS)
Ospidéal Mhuire
Páirc an Fhionnuisce
Baile Átha Cliath 20
Teil: (01) 671 5187
Facs: (01) 677 8274
Seirbhísí deonacha otharchairr
Briogáid Otharchairr Chumann Naomh Eoin
29 Sráid Chill Mochargán Uachtarach
Baile Átha Cliath 2
Teil: (01) 668 8077
Cór Otharchairr Ord
Mhálta
32 Bóthar Chluaidh
Baile Átha Cliath 4
Teil: (01) 668 4308
Cumann Croise Deirge na
hÉireann
16 Cearnóg Mhuirfean
Baile Átha Cliath 2
Teil: (01) 676 5135
Ríomh-phost: redcross@iol.ie
Cór Otharchairr Chosanta Sibhialta
Scoil Chosanta Sibhialta
Páirc an Fhionnuisce
Baile Átha Cliath 8
Teil. (01) 804 2000
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.