Seirbhísí otharchairr agus iompair
Tá na seirbhísí otharchairr agus iompair curtha ar fáil ag an tseirbhís sláinte poiblí agus ag eagraíochtaí deonacha agus príobháideacha
Seirbhísí éigeandála sláinte
Is dualgas é de chuid Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) seirbhísí éigeandála sláinte poiblí a chur ar fáil. Conas mar a dhéantar na seirbhísí a eagrú, cé atá i dteideal rochtain a fháil orthu agus conas is féidir rochtain a fháil ar chúnamh lasmuigh de ghnáthuaireanta i gcás éigeandála.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.