Anseo atá tú: Baile > Sláinte > Seirbhísí Fiaclóireachta, Súl agus Cluas > Seirbhísí optúla agus oftalmacha

Print Page Send to a Friend

Seirbhísí optúla agus oftalmacha

Eolas

Cuirtear seirbhísí optúla agus oftalmacha saor in aisce do dhaoine áirithe ag radharceolaithe agus máinlianna oftalmacha fostaithe go díreach ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) agus cleachtóirí príobháideacha a bhfuil conartha acu leis na boird shláinte chun roinnt seirbhísí a chur ar fáil. Scrudaíonn radharceolaithe oftalmacha (a gcuirtear oftaimeatraithe orthu chomh maith) do chuid súl chun fadhbanna radhairc agus galair súl a dhiagnóiseadh. Úsáideann siad gléasanna agus déanann siad monatóireacht chun sláinte na súl a scrúdú agus géire radhairc, an cumas atá ag othair doimhne agus dathanna a aithint a thástáil agus chun fáil amach cén cumas atá acu ó thaobh a súile a dhíriú agus a chomhordú. Tá radharceolaithe oftalmacha cáilithe le spéaclaí agus lionsaí teagmhála a ordú.

Molann agus dáileann radharceolaithe dáileacháin frámaí spéaclaí, lionsaí, lionsaí teagmhála etc., tar éis dóibh do oideas, do shlí bheatha, stíl mhaireachtála agus caithimh aimsire a chur san áireamh. Ní féidir le radharceolaí dáileacháin spéaclaí nó lionsaí teagmhála ar oideas a ordú duit, ina áit sin dáileann agus molann sé/sí spéaclaí agus lionsaí teagmhála a d'oirfeadh duit, ag cur do stíl mhaireachtála san áireamh.

Is dochtúirí iad máinlianna oftalmacha a dhéanann máinliacht súl, agus a dhéanann aicídí agus gortú súl a dhiagnóiseadh agus a chóireáil. Mar a dhéanann radhareolaithe oftalmacha, is féidir le máinlianna oftalmacha súile a scrúdú agus spéaclaí agus lionsaí teagmhála a ordú.

Is féidir le duine na sochair seo a leanas a fháil faoin Scéim Chóir Leighis: Sochar Fiaclóireacha, Sochar Súl, Tadhall-Lionsaí, Cluaisíní Cúnta.

Rialacha

Tá sé d'oibleagáid ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) optúla a chur ar fáil saor in aisce do:

  • Shealbhóirí cárta leighis agus a gcleithiúnaíthe
  • Dhaoine a bhfuil Heipitíteas C acu a fuair an galar trí glóbailin imdhíonachta dhaonna frith-A a úsáid nó trí aon táirge fola nó fuilaistriú a fháil in Éirinn agus a bhfuil Cárta an Achta um Leasú Sláinte acu.
  • Naíonáin réamhscoile agus leanaí bunscoile curtha ar aghaidh ó scrúdaithe de chuid na seirbhíse sláinte leanaí agus na seirbhíse sláinte scoile.

Is féidir le foireann FSS nó cleachtóirí príobháideacha seirbhísí optúla a sholáthar. Tá tástálacha radhairc agus gnáthspéaclaí ar oideas (ar gá iad ar chúiseanna leighis seachas ar chúiseanna cosmmaideacha) saor in aisce do na grúpa thuasluaite.

Nuair a fhaightear amach go bhfuil fadhbanna éisteachta acu ag scrúdaithe sláinte leanaí no scoile cuirtear leanaí ar aghaidh go dtí an lia comhairleach cuí le haghaidh cóireála. Má dhéantar an chóireáil seo ag roinn eisothair ospidéil phoiblí, tá an tseirbhís saor in aisce agus ní gá aon táillí ospidéil a íoc.

Rataí

Ní bheidh ort íoc as seirbhísí optúla má bhaineann tú leis na grúpaí incháilithe thuas.

Beidh costas na spéaclaí, lionsaí agus lionsí teagmhála ag brath ar do rogha féin, agus bíonn difríochtaí móra sna praghasanna.

Conas iarratas a dhéanamh

Ba chóir duit iarratas a dhéanamh ar do Limistéir (FSS) nó chlinic áitiúil le haghaidh tástáil radhairc a fháil. Is féidir le liachleachtóir ginearálta aosaigh a chur ar aghaidh le haghaidh tástálacha agus cóireála. Déanann an bord sláinte cinneadh ansin cé acu iad a chur chuig a gclinicí féin nó chuig cleachtóir príobháideach.

Ní mór do gach radharceolaí oftalmach (nó oftaimeatraí), radharceolaithe dáileacháin agus oftailmeolaithe atá fostaithe in Éirinn a bheith cláraithe leis na Limistéir (FSS) seo a leanas. Is féidir leat deimhniú go bhfuil do chleachtóir cláraithe leis an Limistéir nó más mian leat gearán a dhéanamh faoi chleachtóir, ba cheart duit na trí chumann liostaithe faoin gceannteideal "Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas" a theagmháil.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

An Rannóg Sochair Cóireála

Bóthar Naomh Oilibhéar Pluincéad
Leitir Ceanainn
Dún na nGall
ÉIRE

Teil:(074) 916 4480
Lóghlao:1890 400 400
Láithreán Gréasáin: http://www.welfare.ie

Irish Association of Dispensing Opticians Ltd.

f/ch 5-6 Cé Lavitts
12 Pembroke Road
Ballsbridge
Corcaigh
Ireland

Teil:+353 (0)1 668 0566
Láithreán Gréasáin: http://iado.ie/index.php?page=home.php
R-phost: info@iado.ie

Tuilleadh eolais

Seirbhísí sláinte optúla agus oftalmacha agus an dlí

Tá sé de dhualgas ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) seirbhísí sláinte oftalmacha agus fearais oftalmacha a sholáthar saor in aisce de bhun Alt 67 den Acht Sláinte 1970 i gcomhair:

Chun an fhírinne a rá, tá sé de dhualgas ar FSS de bhun Alt 67 an Achta sin a leithéid de sheirbhísí a sholáthar do dhaoine a bhfuil incháilitheacht theoranta acu bíodh is nár tugadh feidhm don chuid sin riamh. Ciallaíonn sé sin nach bhfuil daoine a bhfuil Cártaí Cuairte Dochtúra agus daoine nach bhfuil cártaí leighis acu i dteideal seirbhísí sláinte oftalmacha a fháil saor in aisce.

Ní shonraíonn an tAcht Sláinte 1970 an leibhéal seirbhísí sláinte oftalmacha atá le cur ar fáil. Is éard a tharlaíonn i ndáiríre ná go mbíonn tosaíocht ag grúpaí áirithe daoine maidir le soláthar seirbhísí. Tá grúpaí ann a bhfuil teidlíocht acu ach nach bhfaigheann aon seirbhís.

Déanann an tAcht Sláinte (Leasú) 1996 foráil maidir le seirbhísí sláinte oftalmacha a sholáthar saor in aisce do dhaoine a tholg Heipitíteas C go díreach nó go hindíreach as glóbailin imdhíonachta frith-D daonna a úsáid nó as aon táirge fola nó aistriú fola a fuarthas in Éirinn agus a bhfuil cártaí faoin Acht Sláinte Leasaithe acu.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 19 January 2011

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Seirbhísí na gcluas
    Cuireann na Limistéir Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) seirbhísí cluas ar fáil do dhaoine atá i dteideal dóibh, tástálacha éisteachta agus áiseanna éisteachta san áireamh. Faigh amach cé hiad atá cáilithe ó thaobh seirbhísí saor in aisce.
  • Sceim Sochair Coireala
    Is scéim í an Scéim um Shochar Cóireála a reáchtálann an Roinn Coimirce Sóisialaí agus a chuireann seirbhísí fiaclóireachta, súl agus cluas ar fáil do dhaoine atá an méid riachtanach ranníocaíochtaí ÁSPC acu.
  • Seirbhísí agus teidlíochtaí leighis d'iarrthóirí tearmann
    Más iarrthóir tearmainn thú tá seirbhísí leighis ag súil leat.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.