Anseo atá tú: Baile > Sláinte > Seirbhísí Fiaclóireachta, Súl agus Cluas > Seirbhísí fiacla

Print Page Send to a Friend

Seirbhísí fiacla

Eolas

Cuireann Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) cóireáil fhiacla ar fáil saor in aisce do shaoránaigh áirithe. Tá seirbhísí curtha ar fáil ag fiaclóirí fostaithe ag Oifigí Sláinte Áitiúil i do cheantar agus ag fiaclóirí príobháideacha a bhfuil conarthaí acu le FSS. chun seirbhísí áirithe a sholáthar.

Mura bhfuil tú i dteideal sheirbhísí FSS, d’fhéadfadh sé go gcuirfidh fiaclóir príobháideach cóireáil ort. Ón 1 Meitheamh 2011 ní mór d’fhiaclóirí táillí príobháideacha a thaispeáint in áit inar féidir le hothair iad a fheiceáil roimh an gcomhairliú. Ní mór go mbeadh táille amháin a bheith ar ghnáthaimh ar leith ach is féidir na táillí a thaispeáint mar raon le haghaidh gnáthamh eile, le híosmhéid agus le huasmhéid léirithe go soiléir. Nuair atá raon táillí i gceist, ní cheadaítear íosphraghas amháin a leagadh amach.

Cód Cleachtais maidir le: Taispeáint Tháillí Príobháideacha i gCleachtais Fiaclóra (pdf) léirithe ag Comhairle na bhFiaclóirí.

An Scéim um Shochair Chóireála

D’fhéadfá scrúduithe fiaclóra saor in aisce a fháil faoin scéim um Shochair Chóireála atá faoi stiúr ag an Roinn Coimirce Sóisialaí.


Rialacha

Tá ar an FSS seirbhísí fiacla a chur ar fáil saor in aisce do:

  • Shealbhóirí cárta leighis agus a gcleithiúnaíthe
  • Dhaoine a bhfuil Heipitíteas C acu a fuair an galar trí glóbailin imdhíonachta dhaonna frith-A a úsáid nó trí aon táirge fola nó fuilaistriú a fháil in Éirinn agus a bhfuil Cárta an Achta um Leasú Sláinte acu.
  • Naíonáin réamhscoile agus leanaí bunscoile curtha ar aghaidh ó scrúdaithe de chuid na seirbhíse sláinte leanaí agus na seirbhíse sláinte scoile.

Go hiondúil tugtar tús áite do leanaí curtha ar aghaidh ó sheirbhísí sláinte leanaí agus scoile.

Cuirtear seirbhísí fiacla ar fáil do leanaí faoi 16 bliana d'aois a fhreastalaíonn ar bhunscoileanna stáit agus a chuirtear ar aghaidh ó sheirbhísí sláinte leanaí agus scoile i gclinicí FSS agus i mbunscoileanna. Cuirtear seirbhísí do dhaoine eile atá i dteideal do chóireáil fhiacla ar fáil i gclinicí FSS, nó déanann cleachtóirí príobháideacha a bhfuil socraithe acu leis an FSS iad a chur ar fáil. Is é an FSS a shocraíonn cé acu an ndéanfaidh duine dá fhiaclóirí féin nó cleachtóir príobháideach tú a chóireáil. Má tá cleachtóir príobháideach chun tú a chóireáil, is féidir leat é/í a roghnú ón liosta de fhiaclóirí a bhfuil socruithe acu leis an FSS i dtaca le seirbhísí a chur ar fáil.


Sealbhóirí Cárta Leighis

Tugadh isteach bearta nua ón 28 Aibreán 2010. Is é seo a leanas leibhéal ginearálta na seirbhíse atá ar fáil faoi Scéim na Seirbhísí Cóireála Fiaclóireachta (DTSS), ach bíonn éagsúlachtaí idir na réigiúin riaracháin FSS:

Faoi na bearta nua seo, tugtar tús áite do raon na gcóireálacha atá ar fáil de réir riachtanas tús áite cliniciúil. Tá sé i gceist leis na bearta nua seo rochtain ar chúram fiaclóireachta éigeandála a chosaint le haghaidh sealbhóirí cárta leighis, agus seirbhísí a chosaint le haghaidh leanaí agus grúpaí a bhfuil riachtanais speisialta acu.

Tá fáil i gcónaí ar sheirbhísí le haghaidh othar i bhfíorbhaol (lena n áirítear iad siúd a bhfuil riachtanais speisialta acu) agus le haghaidh othar a dteastaíonn cúram eisceachtúil uathu.

Tá gach soláthar cúraim eile faoi réir faomhadh roimh ré ó chliniceoir FSS, a thabharfaidh tús áite dóibh seo a leanas:

  • Othair i bhfíorbhaol agus othair eisceachtúla
  • Othair a dteastaíonn cúram éigeandála uathu
  • Othair a meastar go bhfuil práinn chliniciúil níos mó agus/nó riachtanas acu ó thaobh cúram a fháil.

Sa chás go dteastaíonn faomhadh roimh ré le haghaidh na cóireála, is iad Príomh-Dhéidlianna FSS a thabharfaidh tuairim ghairmiúil cibé acu an bhfuil éigeandáil chliniciúil i gceist nó nach bhfuil sna cúinsí áirithe sin, agus dá bhrí sin cibé acu ar cheart an chóireáil a fhaomhadh nó nár cheart.

Faoi Scéim na Seirbhísí Cóireála Fiaclóireachta (DTSS), is é an cliniceoir cóireála (an Fiaclóir Ginearálta ar conradh) a chinneann cás éigeandála, i gcomhar le Príomh-Dhéidlia áitiúil FSS nó le toscaire ar cliniceoir freisin é/í.

Sa chás go dteastaíonn cóireáil fiaclóireachta ón othar roimh dó/di cóir leighis a fháil, ní mór é seo a chur in iúl do Phríomh-Dhéidlia FSS.

Go sonrach maidir le galar drandail/galar peiridhéadach, cuirtear cóireáil pheiridhéadach ar fáil i gcónaí faoin scéim i gcásanna go bhfuil gá ar leith le cúram. Ina measc siúd, áirítear othair atá ag iompar clainne, duine ar bith ar a bhfuil diaibéiteas nó riochtaí a laghdaíonn an córas imdhíonachta, agus othair a bhfuil gnáthaimh mháinliachta amhail máinliacht chairdiach nó athchur ailt de dhíth orthu. Féadann an Príomh-Dhéidlia áitiúil cóireáil pheiridhéadach a fhaomhadh le haghaidh na n othar seo agus le haghaidh grúpaí ardriosca eile nó grúpaí eile a bhfuil riachtanais speisialta acu.

Cóireáil ortfhiaclóireachta

Tá an tseirbhís ortfhiaclóireachta in Éirinn á athstruchtúrú faoi láthair le go mbeadh sí in ann déileáil leis na liostaí fada feithimh. Caithfear tuilleadh ortfhiaclóirí a earcú agus a thraenáil agus oibrithe cúnta fiacla a thabhairt isteach i limistéar na hortfhiaclóireachta. Tá cleachtóirí príobháideacha fostaithe ag roinnt Limistéir FSS chun seirbhísí a chur ar fáil dóibh siúd atá i dteideal dóibh, páistí go príomha.

D'eisigh an Roinn Sláinte treoirlínte ortfhiaclóireachta i 1985 agus tá siad fós i bhfeidhm. Déantar leanaí a rangú de réir géire an riachtanais. Ciallaíonn Rang A go bhfuil cóireáil láithreach ag teastáil uait. Tá tú sa rang seo, mar shampla, má tá mínormáltacht chomhbheirthe agat, cosúil le liopa agus carball scoilte. Cuirtear othair i Rang B nach bhfuil fadhbanna chomh géar sin acu ar an liosta feithimh. Táthar ag iarraidh socrú ar bealach eile a thabhairt isteach le riachtanas a rangú faoi láthair.


Conas iarratas a dhéanamh

Cuirtear seirbhísí fiacla do leanaí réamhscoile agus leanaí faoi 16 bliana d'aois a fhreastalaíonn ar bhunscoileanna stáit ar aghaidh ó sheirbhísí sláinte leanaí agus scoile agus cuirtear ar fáil iad i gclinicí FSS agus i mbunscoileanna. Cuir iarratas isteach ar d' ionad sláinte nó clinic áitiúil le haghaidh tuilleadh eolais.

Tá roinnt foilseachán úsáideach faoi shláinte bhéil eisithe ag an bhFundúireacht Sláinte Fiacla in Éirinn.


Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 30 June 2011

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Seirbhísí Sláinte Leanaí
    Mínitear sa cháipéis seo faoi na seirbhísí sláinte ginearálta agus sonracha a bhfuil páistí ina dteideal.
  • Seirbhísí na gcluas
    Cuireann na Limistéir Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) seirbhísí cluas ar fáil do dhaoine atá i dteideal dóibh, tástálacha éisteachta agus áiseanna éisteachta san áireamh. Faigh amach cé hiad atá cáilithe ó thaobh seirbhísí saor in aisce.
  • Seirbhísí optúla agus oftalmacha
    Tá seirbhísí optúla agus oftalmacha atá curtha ar fáil ag an seirbhís sláinte phoiblí saor in aisce do dhaoine áirithe. Teidlíochtaí, táillí agus rialacha.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.