Cuireann Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) seirbhísí cluas ar fáil do dhaoine atá i dteideal dóibh, tástálacha éisteachta agus áiseanna éisteachta san áireamh.
Go ginearálta cuireann gairmithe na FSS an tseirbhís seo ar fáil ach i roinnt cásanna is féidir le liachleachtóirí ginearálta í a sholáthar.
Go hiondúil is é do liachleachtóir ginearálta a chuirfidh tú ar aghaidh chuig éisteolaí nó chuig speisialtóir ENT san ionad sláinte is gaire duit nó i gclinic do áiseanna éisteachta le haghaidh tástála éisteachta. B'fhéidir gur féidir leat dul i dteagmháil go díreach le do chlinic do áiseanna éisteachta nó ionad sláinte agus tástáil éisteachta a iarradh. Níl aon chostas ar thástáil éisteachta in ionad sláinte poiblí nó Oifig Sláinte Áitiúil nó clinic do áiseanna éisteachta in ospidéal poiblí. Is éard a dhéantar ag tástáil éisteachta go scrúdaíonn éisteolaí nó speisialtóir ENT do chluas le gléas formhéadaithe. Iarrfar ort cluasáin a chur ort agus éisteacht le fuaimeanna a mbeidh airde dhifriúil ag gach céanna acu ionas go mbeidh an éisteolaí in ann an leibhéal nach bhfuil tú in ann cloisteáil ann a aimsiú.
Is féidir tástálacha a dhéanamh ar naíonáin agus pháistí óga nach bhfuil in ann cluasáin a chaitheamh nó a chur in iúl nach bhfuil siad ann fuaimeanna a chloisteáil. Tá na tástálacha ar naíonáin agus pháistí óga cosúil leis na cinn a dhéantar ar dhaoine fásta (sé sin le rá, ní chuireann said isteach ar dhaoine) agus baintear feidhm as áiseanna speisialta sonóra. Déantar leibhéal éisteachta an pháiste a thomhas ansin agus moltar gníomhú ceartaitheach más gá.
Má tá cárta leighis agat nó má bhaineann tú le haon cheann de na grúpaí intofa luaite thíos, is féidir leat áis éisteachta a fháil saor in aisce. Mura bhfuil cárta leighis agat, cuirfidh do chlinic do áiseanna éisteachta i dteagmháil thú le soláthróirí áiseanna éisteachta agus beidh ort íoc as d'áis éisteachta tú féin.
Is Scéim Sochair Cóireála é scéim feidhmithe ag an Roinn Coimirce Sóisialaí. Faoin scéim seo íoctar ranníocaíochtaí íoctha ag daoine isteach i gciste árachais sóisialta náisiúnta ar ais chun sochair sláinte áirithe a mhaoiniú. Is iad na sochair seo a leanas: Sochar Fiacla, Sochar Súl, Tadhall-Lionsaí, Cluaisíní Cúnta.
Ní mór don Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte seirbhísí cluas a chur ar fáil saor in aisce do:
Nuair a fhaightear amach go bhfuil fadhbanna éisteachta acu ag scrúdaithe sláinte leanaí no scoile cuirtear leanaí ar aghaidh go dtí an lia comhairleach cuí le haghaidh cóireála. Má dhéantar an chóireáil seo ag roinn eisothair ospidéil phoiblí, tá an tseirbhís saor in aisce agus ní gá aon táillí ospidéil a íoc.
Mura bhfuil cárta leighis agat, clúdóidh an Scéim Sochair Chóireála tú agus do chéile cleithiúnach do chostas éigin na n-áiseanna éisteachta. B'fhéidir go bhféadfá faoiseamh cánach a éileamh ag an ráta cánach is airde atá agat ar chaiteachais leighis atá tabhaithe agat (lena n-áirítear costas na háise éisteachta, costais chuairteanna na ndochtúirí agus na lianna comhairleacha, srl.) trí mheán scéim na gCaiteachas Leighis.
Níl aon chostas ar thástáil éisteachta in ionad sláinte poiblí nó Oifig Sláinte Áitiúil nó clinic áiseanna do éisteachta in ospidéal poiblí is cuma má tá nó nach bhfuil cárta leighis agat. B'fhéidir go mbeadh ort íoc as áis éisteachta mura bhfuil cárta leighis agat nó má bhaineann tú le ceann de na grúpaí intofa thuasluaite nó tá do dhóthain ranníocaíochtaí árachais shóisialta agat agus tá tú cáilithe an Scéim Cóireála Leighis a fháil.
Déan teagmháil le d'Oifig Sláinte Áitiúil nó clinic áiseanna éisteachta chun coinne a dhéanamh. Is féidir aosaigh le fadhbanna éisteachta a bheith curtha ar aghaidh ag a liachleachtóir ginearálta chuig lia comhairleach cuí nó clinic do áiseanna éisteachta FSS. Is féidir le clinic do áiseanna éisteachta áiseanna éisteachta a sholáthar go díreach nó socrú a dhéanamh le go mbeidís ar fáil ó chleachtóir príobháideach. Is féidir áiseanna éisteachta a dheisiú ag an gclinic do áiseanna éisteachta.
35 Sráid Frederick Thuaidh
Dublin 1
Ireland
Teil:+353 (0)1 8175700
Facs:+353 (0)1 8723816
Láithreán Gréasáin: http://www.ihha.ie/
R-phost: ihha@deafhear.ie
30 Sráid Blessington
null
Ireland
Teil:+353 (0)1 8601878
Facs:+353 (0)1 8601960
Láithreán Gréasáin: http://www.deaf.ie/
R-phost: ids@indigo.ie
35 Sráid Frederick Thuaidh
Baile Átha Cliath 1
Éire
Teil:+353 (0)1 8723800
Facs:+353 (0)1 8723816
Láithreán Gréasáin: http://www.ihha.ie/
R-phost: yah@ihha.ie
Tá sé de dhualgas ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) fearais maidir le seirbhísí sláinte na gcluas a sholáthar saor in aisce de bhun Alt 67 den Acht Sláinte 1970 i gcomhair:
Chun an fhírinne a rá, tá sé de dhualgas ar FSS de bhun Alt 67 an Achta sin a leithéid de sheirbhísí a sholáthar do dhaoine a bhfuil incháilitheacht theoranta acu bíodh is nár tugadh feidhm don chuid sin riamh. Ciallaíonn sé sin nach bhfuil daoine a bhfuil Cártaí Cuairte Dochtúra agus daoine nach bhfuil cártaí leighis acu i dteideal seirbhísí sláinte cluas a fháil saor in aisce.
Ní shonraíonn an tAcht Sláinte 1970 an leibhéal seirbhísí cluas atá le cur ar fáil. Is éard a tharlaíonn i ndáiríre ná go mbíonn tosaíocht ag grúpaí áirithe daoine maidir le soláthar seirbhísí. Tá grúpaí ann a bhfuil teidlíocht acu ach nach bhfaigheann aon seirbhís.
Déanann an tAcht Sláinte (Leasú) 1996 foráil maidir le seirbhísí cluas a sholáthar saor in aisce do dhaoine a tholg Heipitíteas C go díreach nó go hindíreach as glóbailin imdhíonachta frith-D daonna a úsáid nó as aon táirge fola nó aistriú fola a fuarthas in Éirinn agus a bhfuil cártaí faoin Acht Sláinte Leasaithe acu.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.