Cuireann Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) clár scagtha scoile agus clár imdhíonta scoile ar fáil do pháistí atá ag freastal ar bhunscoileanna poiblí. Is féidir le bunscoileanna príobháideacha an tseirbhís a iarraidh agus is faoin FSS atá sé cinneadh a dhéanamh an tseirbhís seo a chur ar fáil sna scoileanna sin.
Is iad na haltraí sláinte poiblí a chuireann an scagadh sláinte scoile ar fáil chomh maith le hoifigigh sláinte ceantair atá fostaithe ag an FSS. Déantar an scagadh seo i bhfoirgneamh na scoile agus cuirtear in iúl don phríomhoide cén dáta a bhfuil sé i gceist a bheith i láthair sa scoil ionas gur féidir scéal a chur chuig na tuismitheoirí agus is féidir leo a bheith i láthair más mian leo é. Déantar éisteacht agus amharc na bpáistí a scrúdú agus nuair a bhíonn sé iarrtha ag na tuismitheoirí nó má cheaptar go bhfuil gá leis is féidir scrúdú fisiceach a dhéanamh.
Má aimsítear fadhbanna ag na scrúduithe seo cuirtear cóir leighis ar fáil dóibh saor in aisce má thagann an páiste mar othar poiblí chuig rannóg na n-othar seachtrach in ospidéal. Is féidir aon chóir leighis a bhaineann leis an gcéad chuairt ar an rannóg seachtrach (mar othar seachtrach nó cónaitheach) a fháil saor in aisce mar othar poiblí.
Déanann Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) scagadh scoile a eagrú i gcomhair le príomhoide na scoile a chuireann liosta de na páistí sna ranganna ar fáil don Oifig Sláinte Áitiúil.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.