Tá páistí agus daoine óga i dteideal seirbhísí imdhíonta áirithe saor in aisce. Soláthraítear na seirbhísí seo i máinliachtaí Dochtúirí Ginearálta (DG), in ospidéil, i gclinicí sláinte an FSS nó i scoileanna (ag brath ar na cúinsí).
Is dóigh shlán éifeachtach é imdhíonadh le cuidiú leis an gcorp galair áirithe a chomhrac. Soláthraítear imdhíonadh trí vacsaínithe. Faoin mBunchlár um Imdhíonadh Óige soláthraítear gach vacsaíniú agus a ndáileadh saor in aisce do gach páiste.
Ní mór aontú na dtuismitheoirí a fháil chun vacsaínithe a dháileadh do pháistí agus do dhaoine óga suas le 16 bliana d’aois.
Níl vacsaíniú éigeantach, ach molann an Roinn Sláinte go
mór é. Ba chóir duit aon imní a d’fhéadfadh a bheith agat a phlé le do
DG/dhochtúir teaghlaigh sula ndéanann tú aon chinneadh faoi imdhíonadh do
pháiste.
| Aois | Áit | Vacsaíniú |
| Breith | Ospidéal nó clinic FSS | Vacsaíniú BCG (vacsaíniú chun cosaint i gcoinne eitinne) |
| 2 mhí | DG | Vacsaíniú 6 in 1 (diftéire, teiteanas, triuch, polaimiailítis. HiB (Haemophilus Influenzae Cineál B agus Heipitíteas B) in aon instealladh amháin) móide vacsaíniú i gcoinne galar niúmacocúil in instealladh ar leith. |
| 4 mhí | DG | Vacsaíniú 6 in 1 (diftéire, teiteanas, triuch, polaimiailítis. HiB (Haemophilus Influenzae Cineál B agus Heipitíteas B) in aon instealladh amháin) móide vacsaíniú i gcoinne galar niúmacocúil agus Meiningíteas C in instealladh ar leith. |
| 6 mhí | DG | Vacsaíniú 6 in 1 (diftéire, teiteanas, triuch, polaimiailítis. HiB (Haemophilus Influenzae Cineál B agus Heipitíteas B) in aon instealladh amháin) móide vacsaíniú i gcoinne Meiningíteas C i ndá instealladh ar leith. |
| 12 mhí | DG | Vacsaíniú MMR (bruitíneach, leicneach agus bruitíneach dhearg) móide vacsaíniú i gcoinne galar niúmacocúil |
| 13 mhí | DG | Vacsaíniú i gcoinne Meiningíteas C agus HiB (Haemophilus Influenzae Cineál B) |
| 4-5 bliana | DG nó scoil | 4 in 1 (diftéire, teiteanas, triuch agus polaimiailítis) móide MMR (bruitíneach, leicneach agus bruitíneach dhearg) |
| 11-14 bliana | Scoil | Td (teiteanas agus dáileog íseal diftéire) |
| Cailíní sa chéad bhliain i scoileanna dara leibhéal | Scoil | HPV (vacsaín i gcoinne an víreas daonna papilloma) |
Ag 4-5 bliana: Dáiltear an vacsaíniú 4 in 1 (diftéire, teiteanas, triuch agus polaimiailítis) móide MMR (bruitíneach, leicneach agus bruitíneach dhearg).
Ag 11-14 bliana: Dáiltear an vacsaíniú Td (teiteanas agus dáileog íseal diftéire).
Cailíní sa chéad bhliain i scoileanna dara leibhéal: Dáiltear an HPV (vacsaín i gcoinne an víreas daonna papilloma). Thosaigh an clár seo i Meán Fomhair 2010.
Tá na vacsaínithe seo ar fáil saor in aisce.
De ghnáth cuirtear seirbhísí imdhíonta ar fáil do thuismitheoirí san ospidéal inar rugadh an leanbh agus trí theagmháil leis an FSS, trí DG agus tríd an gclár imdhíonta ar scoileanna.
Is féidir leat teagmháil a dhéanamh go díreach le d’Oifig Sláinte
Áitiúil nó le do DG chun leas a bhaint as an tseirbhís.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.