Cuireann altraí sláinte poiblí agus Dochtúirí Oifigiúla Ceantair arna bhfostú ag FSS seirbhísí ar fáil do leanaí réamhscoile. Glacann gach altra sláinte poiblí le hatreorú díreach ó thuismitheoirí.
Cuirtear altraí sláinte phoiblí ar an eolas faoi gach breith ina gceantar - tríd an ospidéal inar tharla an bhreith, nó tríd an mbean chabhrach a bhí i láthair do bhreith sa bhaile. Tar éis na breithe, tabharfaidh an t-altra sláinte poiblí cuairt ort agus ar do leanbh sa bhaile, go hiondúil taobh istigh de 48 uair an chloig ón am a scaoiltear amach as an ospidéal tú, agus de réir mar is gá ina dhiaidh sin.
Cuireann altraí sláinte poiblí comhairle ar thuismitheoirí maidir le forbairt shainiúil agus sláinte ghinearálta agus déanann siad monatóireacht ar fhorbairt an linbh.
Cuireann an Dochtúir Oifigiúil Ceantair scrúdú forbartha ar fáil do gach leanbh nuair a bhíonn siad thart ar 9 mí d’aois, le coinne, san ionad sláinte áitiúil. Clúdaíonn an scrúdú seo gach gné d’fhorbairt an linbh, lena n-áirítear éisteacht, amharc, forbairt teanga, forbairt fisiciúil, srl, agus cuirtear ar fáil é beag beann ar ioncam an teaghlaigh.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.