Anseo atá tú: Baile > Sláinte > Sláinte Leanaí > Seirbhísí Sláinte Leanaí

Print Page Send to a Friend

Seirbhísí Sláinte Leanaí

Eolas

Cleithiúnaithe dá dtuismitheoirí is ea páistí agus tá siad i dteideal na seirbhísí sláinte céanna agus atá a dtuismitheoirí. Ciallaíonn sin má tá cárta leighis ag do thuismitheoirí, go bhfuil tú áirithe mar chleithiúnaí ar an gcárta sin agus i dteideal an réimse céanna seirbhísí agus atá do thuismitheoirí.

Ag an am céanna tá réimse seirbhísí ar leith do pháistí agus cuirtear ar fáil seirbhísí áirithe saor in aisce do pháistí, fiú muna bhfuil cárta leighis ag a dtuismitheoirí. Go ginearálta cuirtear na seirbhísí seo ar fáil mar chuid de sheirbhísí leasa naíonán agus máithreachais, seirbhísí sláinte do pháistí réamhscoile agus seirbhísí sláinte scoile. Tá páistí freisin i dteideal seirbhísí vacsaínithe agus imdhíonta saor in aisce.

Ospidéil Pháistí

Is féidir cóir leighis a chur ar pháistí in ospidéil phoiblí nó príobháideacha ar an mbunús céanna le daoine fásta. Tá líon ospidéil speisialtóirí ann do pháistí. Go ginearálta is mar a chéile teidlíocht do sheirbhísí ospidéil sna hospidéil seo agus sna hospidéil phoiblí agus deonacha. Cuireann na hospidéil seo seirbhísí d'othair chónaitheacha, seirbhísí d'othair sheachtracha, cúram lae, seirbhísí timpiste agus éigeandála agus seirbhísí speisialtóra do pháistí ar fáil.

Má chuirtear páiste san ospidéal chun cóir leighis a chur ar éalanga a haimsíodh le linn scrúduithe sláinte leanaí scoile, ní gá dóibh na gnáth tháillí ospidéil d'othair chónaitheacha poiblí a íoc.

Céard is leanbh nó duine óg ann?

Níl aon aois faoi leith leagtha síos do pháistí le bheith incháilithe do sheirbhís sláinte, ach go hiondúil cuirtear críoch leis ag aois 16 bliain.

Cártaí leighis agus daoine óga ós cionn 16

Má tá tú ós cionn 16 bliain d'aois agus i do scoláire, nó ag brath ar do thuismitheoirí le haghaidh airgid, tá tú i dteideal seirbhísí cárta leighis, má tá cárta leighis ina seilbh acusan. Ciallaíonn seo go mbeidh tú áirithe ar a gcárta leighis, má tá cónaí ort sa bhaile agus gheobhaidh tú do chárta féin má tá cónaí ort as baile. Sa scrúdú maoine don chárta leighis tá liúntas do pháistí ós cionn 16 bliain d'aois. Dúblaítear an liúntas seo má tá an leanbh ag freastal ar oideachas triú leibhéil agus gan aon deontas dá fháil acu. Baineann an socrú seo le daoine óga suas go aois 25.

Faighteoirí Liúntas Míchumais

Faigheann daoine atá ag fáil Liúntas Míchumais cárta leighis dóibh féin. Is féidir le daoine óga cáiliú don liúntas seo ó aois 16 amach.

Páistí Altrama

Bíonn cártaí leighis dóibh féin ag páistí atá altramaithe. Is é seo an cás, is cuma cén teidlíocht atá ag na tuismitheoirí altrama. Tá tuilleadh eolais faoi altramú anseo.

Drugaí agus Míochaine ar Oideas

Breathnaítear ar pháistí mar chleithiúnaithe suas go dtí aois 18 bliain (nó 23 bliain más scoláire lánaimseartha tú) i gcomhair uasmhéid caiteachas teaghlaigh ar dhrugaí agus míochaine ar oideas.

Breathnaítear ar pháistí d'aon aois a bhfuil míchumas coirp nó meabhrach orthu, go dtí an pointe nach bhfuil siad in ann aire cheart a thabhairt dóibh féin agus atá ina gcónaí sa bhaile, mar chleithiúnaithe, i gcomhair na socruithe drugaí agus míochaine ar oideas.

Árachas Sláinte Príobháideach

Is féidir táille laghadaithe a ghearradh ar pháistí suas go aois 18 (nó 21 má tá siad ag freastal ar oideachas go lánaimseartha) faoi shocruithe don árachas sláinte príobháideach atá ag a dtuismitheoirí.

Toiliú do chóir leighis

Go ginearálta is féidir le páistí ós cionn 16, cinneadh a dhéanamh iad féin faoi mhodhanna máinliachta. Is é an cleachtadh ná toiliú tuistí a fháil i gcomhair modhanna leighis do pháistí faoin aois sin, cé nach bhfuil sé ró-shoiléir go bhfuil an cinneadh deireadh ag na tuismitheoirí. I gcás cúirte le gairid, rialaigh an Chúirt Uachtarach gur i gcúrsaí eisceachtúla amháin a dhéanadh an chúirt idirghabháil, chun ordú a dhéanamh a bheadh contrártha do chinneadh na dtuismitheoirí faoi mhodhanna leighis a bpáistí.

Mar sin, go ginearálta teastaíonn toiliú tuistí ó pháistí chun dul faoi scrúduithe agus modhanna máinliachta agus leighis, chun vacsaín agus ionaclú a fháil. Léigh tuilleadh eolais faoi toiliú don chóireáil leighis agus máinliach.

Tuilleadh eolais

An dlí maidir le soláthar seirbhísí sláinte do leanaí in Éirinn

Is é Acht Sláinte 1970 an phríomh-reachtaíocht a dhéanann foráil i gcomhair seirbhísí sláinte leanaí. Déanann Alt 66 den Acht Sláinte 1970 foráil go bhfuil oibleagáid ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte seirbhís scrúdaithe agus cóireála sláinte a chur ar fáil saor in aisce do leanaí faoi bhun 6 bliana d’aois agus do dhaltaí atá ag freastal ar bhunscoileanna, ag clinicí, ionaid sláinte nó in áiteanna eile. Ceadaíonn Alt 66 den Acht sin do scoileanna eile an tseirbhís a iarraidh, agus tá sé de lánrogha ag FSS an tseirbhís a shíneadh chuig scoileanna den sórt sin.

Ní shonraítear go beacht sa reachtaíocht cé acu seirbhísí atá le cur ar fáil. De ghnáth, cuimsíonn na seirbhísí seo seirbhísí imdhíonta, scrúduithe forbraíochta péidiatraiceacha, cuairteanna ó altraí sláinte poiblí, clinicí leasa leanaí agus scrúduithe sláinte scoile.

Déanann Alt 67 den Acht Sláinte 1970 foráil nach mór don FSS fearas agus cóireáil fiaclóireachta, oftalmacha agus cluas a chur ar fáil i leith máchailí a fuarthas ag scrúduithe sláinte scoile arna leagan síos faoi Alt 66 den Acht sin.

Déanann an tAcht Sláinte (Leasú) 1994 foráil nach mór don FSS seirbhísí fiaclóireachta saor in aisce a chur ar fáil do leanaí a d’fhreastail ar scoileanna lena mbaineann Alt 66 agus atá faoi aois áirithe.

Socraíonn IR 248/2000 Rialacháin Sláinte (Seirbhísí Fiaclóireachta do Leanaí) 2000 an teorainn aoise ag 15 bliana d’aois agus déanann sé foráil nach mór do na leanaí atá i gceist seirbhís cóireála fiaclóireachta coisctheach a fháil chomh maith le seirbhís scagthástála agus cóireáil príomhchúram sláinte fiacla maidir le máchail a fhaightear.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 9 September 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Seirbhísí na gcluas
    Cuireann na Limistéir Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) seirbhísí cluas ar fáil do dhaoine atá i dteideal dóibh, tástálacha éisteachta agus áiseanna éisteachta san áireamh. Faigh amach cé hiad atá cáilithe ó thaobh seirbhísí saor in aisce.
  • Seirbhísí optúla agus oftalmacha
    Tá seirbhísí optúla agus oftalmacha atá curtha ar fáil ag an seirbhís sláinte phoiblí saor in aisce do dhaoine áirithe. Teidlíochtaí, táillí agus rialacha.
  • Altramú
    Sa doiciméad seo déantar cur síos ar na cinéalacha cúram altramachta in Éirinn.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.