Anseo atá tú: Baile > Sláinte > Sláinte Leanaí > Ag tabhairt aire do leanbh atá faoi mhíchumas

Print Page Send to a Friend

Ag tabhairt aire do leanbh atá faoi mhíchumas

Réamhrá

Má tá leanbh agat atá faoi mhíchumas ba chóir duit a bheith ar an eolas faoi na seirbhísí áirithe atá ann chun tacú leat. De réir an dlí in Éirinn, is leanbh é duine atá faoi 18 mbliana d’aois. Is minic, áfach, a leanann tuismitheoirí (nó baill eile teaghlaigh) d’aire a thabhairt do pháistí atá faoi mhíchumas i bhfad i ndiaidh dóibh aosacht a bhaint amach.

Bíonn leanaí atá faoi mhíchumas i dteideal na seirbhísí céanna agus na sochar céanna teaghlaigh agus a bhíonn leanaí eile. Tá an bhéim san eolas seo a leanas ar na seirbhísí agus na híocaíochtaí sin a bhfuil baint faoi leith acu le míchumas. Téann siad i bhfeidhm má rugadh an leanbh faoi mhíchumas nó mar tháinig sé air níos moille.

Gheobhaidh tú tuilleadh eolais mar gheall ar sheirbhísí agus tacaí inár leabhrán ar theidlíochtaí do pháistí faoi mhíchumas.

Ag soláthar do leanbh faoi mhíchumas

Bíonn sé de dhualgas ar thuismitheoirí a gcuid páistí a chothabháil go dtí go mbaineann siad aosacht amach, ach is féidir leanbh faoi mhíchumas a chothabháil beag beann ar aois. Ní sholáthraíonn sé seo teidlíocht ar bith faoi leith dóibh maidir le soláthar i dtiomna tuismitheora, áfach.

Tá cead agat úsáid a bhaint as cúnant mar bhealach cáinéifeachtúil chun airgead a thabhairt do leanbh atá thar 18 mbliana d’aois, ach d’fhéadfadh sé seo cur isteach ar theidlíocht an linbh chun Liúntas Míchumais a fháil.

Dá mba mhaith leat soláthar faoi leith a dhéanamh do do leanbh, ba chóir duit comhairle dlí a lorg. Rogha amháin is ea iontaobhas a bhféadfadh do leanbh leas a bhaint as i ndiaidh do bháis. Baineann roinnt mhaith tuismitheoirí úsáid as iontaobhais lánroghnacha chun soláthar do leanbh faoi mhíchumas gan cur isteach ar theidlíocht le haghaidh sochar.

Tá soláthair ag an gcuid is mó de scéimeanna pinsean gairme, san earnáil phoiblí, agus cuid acu i scéimeanna na hearnála príobháidí, a cheadaíonn do shocruithe pinsin le haghaidh páistí cleithiúnacha leanúint ar feadh fad saoil linbh atá ar éagumas buan.

Tacaíocht ioncaim

Liúntas míosúil tástáilte ó thaobh acmhainne is ea an Liúntas Cúram Baile a íoctar ón Roinn Coimirce Sóisialaí le cúramóir linbh atá faoi aois 16 bliana agus a bhfuil míchumas trom air agus a chomhlíonann na coinníollacha. Is féidir go bhfaighidh tú an íocaíocht seo má tá an leanbh faoi chúram faoisimh go páirtaimseartha. D’íocadh í ón FSS (Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte) roimhe sin.

Nuair a bhaineann do leanbh aois 16 bliana amach is féidir go mbeidh siad i dteideal Liúntas Míchumais. Is iad acmhainní an linbh a ndéanfar tástáil orthu.

Má thugann do leanbh faoi fhostaíocht, is féidir go gcuirfear isteach ar a Liúntas Míchumais. Chun tuilleadh eolais a fháil air seo, féach Íocaíochtaí Míchumais agus obair.

Costais iompair

Is féidir go n-íocfaidh an FSS Deontas Iompair Mótair le cuidiú le gluaisteán a cheannach nó a chur in oiriúint le haghaidh duine atá thar 17 mbliana a bhfuil míchumas trom air agus a bhfuil sé de dhíth orthu le haghaidh oibre. Is féidir fosta go mbeidh sé iníoctha má bhíonn imthosca eisceachtúla ann cionn is go bhfuil cónaí ort i gceantar iargúlta agus nach féidir le do leanbh úsáid a bhaint as iompar poiblí. Arís, má bhíonn do leanbh thar 16 bliana d’aois is féidir go mbeidh siad incháilithe le haghaidh Liúntas Gluaiseachta.

Tá réimse d’fhaoisimh cánach ar fáil le haghaidh ceannach agus úsáid feithiclí de réir Scéim na dTiománaithe agus na bPaisinéirí faoi Mhíchumas.

Ag cur baile in oiriúint

Is féidir go mbeidh tú incháilithe le haghaidh an Deontais Oiriúnaithe Tí má bhíonn ort do theach a chur in oiriúint le haghaidh riachtanais do linbh. Ba chóir duit iarratas a chur chuig d’údarás áitiúil.

Seirbhísí sláinte

Tá teidlíocht do linbh chun seirbhísí sláinte ag brath ar imthosca do theaghlaigh. Mura mbíonn do theaghlach i dteideal cárta leighis ná Cárta Cuairte Dochtúra, is féidir go bhfaighidh do leanbh cárta leighis aonair má bhaineann costais ar leith leighis leo, nó má bhíonn siad i dteideal a leanas:

  • Seirbhís ospidéil phoiblí saor in aisce;
  • Ní ghearrtar costais ghearrchónaithe othair chónaitheacha ná othair sheachtracha má bhíonn ceann de roinnt sainriochtaí fadtéarmacha ar do leanbh nó má tharchuireann seirbhísí sláinte leanaí nó seirbhísí sláinte scoileanna iad
  • Cógais ordaithe saor in aisce agus leigheasanna le haghaidh sainriochtaí fadtéarmacha
  • Seirbhísí áirithe sláinte le haghaidh daoine atá faoi mhíchumas
  • Seirbhísí áirithe cúraim don phobal

Táillí fadchónaithe

Má tá do leanbh faoi chúram cónaithe agus thar 18 mbliana d’aois, is féidir go n-éileofaí íocaíocht táillí cúraim fhadchónaithe.

Oideachas

Is féidir go mbeidh riachtanais speisialta oideachais ag leanaí atá faoi mhíchumas agus tá siad i dteideal freagra ar na riachtanais sin. De réir Acht um Oideachas do Dhaoine a bhfuil Riachtanas Speisialta Oideachais Acu 2004 tá forálacha leagtha amach dóibh siúd a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu. Faoin Acht ba cheart go mbeadh plean pearsanta oideachais ag gach leanbh a meastar go bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu. Áfach níl aon dáta faoi láthair (2009) an measúnú ar riachtanais agus plean pearsanta oideachais á chur i bhfeidhm.

Tá dualgas ar an FSS seirbhísí a sholáthar do leanaí sula dtéann siad ar scoil. Níl aon chearta le haghaidh oideachas réamhscoile ann féin. Is féidir go gcuirfidh an FSS measúnacht siceolaíochta agus teiripe urlabhra agus teanga le haghaidh do linbh. Tá dualgas ar an gComhairle Náisiúnta ar Oideachas Speisialta cúnamh riachtanas speisialta a sholáthar ag leibhéal bunscoile agus iarbhunscoile. Éisteann An Bord Achomhairc um Oideachas Speisialta le ceisteanna a bhaineann le hoideachas linbh a bhfuil riachtanais speisialta acu.

Is féidir oideachas a thabhairt do leanaí a bhfuil riachtanais speisialta acu i mbunscoileanna príomhshrutha le cuidiú ó mhúinteoirí acmhainne agus le cúntóirí riachtanas speisialta. Tá roinnt mhaith ranganna speisialta ann chomh maith i scoileanna príomhshrutha agus i roinnt scoileanna speisialta. Tá socruithe speisialta taistil, lena n-áirítear coimhdírí agus úmacha sábháilteachta ar fáil le haghaidh leanaí a bhfuil riachtanais speisialta acu.

Is féidir go gcuirfear teagasc sa bhaile ar fáil do leanaí nach mbíonn in inmhe dul ar scoil ar bhonn rialta mar gheall ar fhadhb thromchúiseach míochaine agus do leanaí atá ag fanacht ar áit fhóirsteanach scoile nó do leanaí réamhscoile ar speictream an uathachais chun luath-idirghabhála a sholáthar.

Déanann Coimisiún na Scrúdaithe Stáit socruithe faoi leith do leanaí atá faoi mhíchumas agus iad ag dul do scrúduithe an Teastais Sóisearaigh agus na hArdteistiméireachta.

Tá socruithe áirithe tacaíochta ann le haghaidh mic léinn atá faoi mhíchumas san oideachas tríú leibhéal.

Obair agus Oiliúint

Is féidir le daoine atá faoi mhíchumas dul isteach in dhá chineál oiliúna:

• Oiliúint athshlánúcháin: curtha ar fáil ag FSS nó ag gníomhaíochtaí faoi leith ar a son agus
• Gairmoiliúint: curtha ar fáil ag FÁS nó ag sainghníomhaíochtaí atá faoi chonradh ag FÁS

Léigh tuilleadh faoi Seirbhísí oiliúna agus athshlánúcháin le haghaidh daoine atá faoi mhíchumas

Cinnteoireacht

Is ionann cearta na dtuismitheoirí chun cinntí a dhéanamh ar son a gcuid leanaí is cuma má bhíonn na leanaí sin faoi mhíchumas nó nach mbíonn. Ciallaíonn sé seo, go ginearálta, nach mbíonn sé de cheart ag tuismitheoirí cinnteoireacht a dhéanamh ar son a gcuid leanaí nuair a bhaineann siad 18 mbliana d’aois amach. Tá cearta ag leanaí faoi 18 mbliana d’aois cinntí faoi leith a dhéanamh - mar shampla, is féidir go dtoileoidh siad go bailí do chóir leighis ó 16 mbliana d’aois agus tá cead acu de réir an dlí tabhairt faoi ghníomhaíochtaí gnéasacha ó 17 mbliana d’aois.

De réir cleachtais, is minic a dhéanann tuismitheoirí leanaí atá faoi mhíchumais intleachta cinntí ar son a gcuid leanaí fásta ach ní bhíonn an ceart acu é sin a dhéanamh de réir an dlí.

Ag bainistiú airgid

Is féidir nach mbeidh do leanbh in inmhe airgead a bhainistiú. Má fhaigheann siad an Liúntas Míchumais is féidir gur tú féin an gníomhaire atá ainmnithe ag An Coimirce Sóisialaí chun an t-airgead a láimhseáil. Más amhlaidh atá an scéal, tá na freagrachtaí céanna ort agus atá ag na gníomhairí uile eile. Is le do leanbh an t-airgead agus ní mór duit úsáid a bhaint as lena leas féin. Má tá airgead mór nó sócmhainní móra ag do leanbh, is dócha go ndéanfar Coimircí Cúirte díobh.

Toiliú le cóir leighis

Má tá do leanbh in inmhe cinntí a dhéanamh, is féidir go dtoileoidh siad go bailí le cóir leighis ó 16 bliana ar aghaidh. Mura féidir leo cinntí a dhéanamh, is cosúil go mbíonn tú i dteideal na cinntí seo a dhéanamh ar a son go dtí 18 mbliana d’aois. Ina dhiaidh sin, ní bhíonn sé de cheart agat cinntí a dhéanamh ar son do linbh.

Caidreamh Gnéasach

Go ginearálta, bíonn caidrimh ghnéasacha idir daoine toilteanacha atá níos sine ná 17 mbliana dlíthiúil, is cuma más heitrighnéasach nó homaighnéasach na caidrimh sin. Is féidir nach mbeidh an cumas ag daoine áirithe atá faoi mhíchumais intleachta toiliú le caidreamh gnéasach.

Tá foráil ann de réir an dlí coiriúil go mb’fhéidir go mbeidh sí mídhleathach tabhairt faoi ghníomhaíochtaí gnéasacha le duine atá faoi mhíchumas intleachta fiú má bhíonn an duine sin toilteanach. Cion coiriúil atá ann caidreamh collaí nó iarracht a dhéanamh ar chaidreamh collaí a bheith ag duine le duine atá lagintinneach mura mbítear pósta leis an duine sin.

Ag pleanáil le haghaidh an todhchaí

Bíonn imní ar thuismitheoirí páistí atá faoi mhíchumas, go háirithe iad siúd atá faoi mhíchumas intleachta, faoin dóigh chun cinnte a dhéanamh de go mbeidh a gcuid páistí sábháilte ó thaobh airgid de agus nach ndéanfar a n-aimhleas. Tá na meicníochtaí atá ar fáil measartha casta agus ní bhíonn siad i gcónaí éifeachtach. Is féidir go mbeidh ort socrú a dhéanamh Coimircí Cúirte a dhéanamh de do leanbh.

Is mian leis an gcuid is mó de thuismitheoirí daoine atá faoi mhíchumas cinnte a dhéanamh de go dtabharfar aire chuí dá gcuid leanaí i ndiaidh dóibh féin bás a fháil. Ba chóir duit comhairle dlí a fháil dá mba mhaith leat forálacha speisialta a dhéanamh i do thiomna le haghaidh linbh atá faoi mhíchumas agus cinnte a dhéanamh de go mbíonn siad i dteideal sochar ar nós Liúntas Míchumais agus cárta leighis go fóill.

Tá cead agat caomhnóir a ainmniú i do thiomna. Ní théann sé seo i bhfeidhm, áfach, ach amháin má bhíonn do leanbh faoi 18 mbliana d’aois nuair a fhaigheann tú bás. Níl féidir caomhnóir a ainmniú le haghaidh leanbh fásta.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 30 June 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Oideachas riachtanas speisialta
    Déanann an doiciméad seo cur síos ar na socruithe speisialta d’oideachas leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu.
  • Leanaí agus cearta in Éirinn
    Tugann an doiciméad seo eolas ar chearta an linbh i réimsí éagsúla lena n-áirítear oideachas, fostaíocht, taisteal, áineas, sláinte agus caidrimh.
  • Seirbhísí Sláinte Leanaí
    Mínitear sa cháipéis seo faoi na seirbhísí sláinte ginearálta agus sonracha a bhfuil páistí ina dteideal.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.