Anseo atá tú: Baile > Sláinte > Cúram i do phobal > Seirbhísí teiripe urlabhra agus teanga

Print Page Send to a Friend

Seirbhísí teiripe urlabhra agus teanga

Eolas

Féadfaidh an tseirbhís sláinte poiblí seirbhís teiripe urlabhra agus teanga a chur ar fáil do dhaoine a bhfuil deacrachtaí cumarsáide acu. Is í Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte a sholáthraíonn na seirbhísí sin agus is speisialtóirí maidir le neamhoird chumarsáide a chuireann ar fáil iad.

‘Teiripeoirí urlabhra agus teanga’ a thugtar ar speisialtóirí ó thaobh neamhord cumarsáide. Déanann na teiripeoirí sin measúnú ar dhaoine a bhfuil deacrachtaí cumarsáide acu, déanann diagnóisí agus cuireann cóireáil orthu. Is iomaí áit ina ndéanann siad an obair sin, lena n-áirítear ionaid sláinte, ospidéil agus scoileanna. Cabhraíonn na seirbhísí teiripe le daoine a bhfuil deacrachtaí urlabhra, teanga, líofachta, gutha agus slogtha acu.

Tá daoine ann a dteipeann orthu deiseanna oideachais, sóisialta, eacnamaíochta agus gairme a thapú de bharr deacrachtaí éagsúla cumarsáide. Cabhraíonn na seirbhísí teiripe le daoine uasmhéadú a dhéanamh ar a gcumas cumarsáide agus cabhraíonn siad leo ó lá go lá.

Rialacha

D’fhéadfadh teiripe urlabhra agus teanga a bheith á cur ar fáil do dhaoine a bhfuil deacrachtaí cumarsáide acu ag Oifigí Sláinte Áitiúla nó ag eagraíochtaí deonacha nó féadfar dul i dteagmháil le FSS faoin scéal.

Cuirtear na seirbhísí sláinte poiblí teiripe urlabhra agus teanga ar fáil saor in aisce, agus tugtar tús áite do leanaí i bhformhór na limistéar. Féadfar an tseirbhís a chur ar fáil i scoileanna nó in ionaid sláinte nó i gclinicí.

Féadfaidh daoine fásta leas a bhaint as seirbhísí teiripe urlabhra agus teanga má dhéanann dochtúir teaghlaighaltra sláinte poiblí iad a atreorú chucu, nó féadfaidh siad na seirbhísí a fháil mar chuid de chúram comhcheangailte in ospidéil má tá an tseirbhís sin á soláthar ag FSS. Tabharfar tosaíocht duit mar dhuine fásta má tá míchumas urlabhra nó teanga agat de bharr stróc, timpiste nó neamhord forchéimnitheach néareolaíoch.

Faoiseamh cánach agus seirbhísí teiripe urlabhra agus teanga

D’fhéadfá a bheith in ann faoiseamh cánach a éileamh maidir le costais leighis agus costais a thabhaíonn tú maidir le teiripe urlabhra agus teanga a chuireann teiripeoir teanga atá faofa ag an Aire Sláinte ar fáil do leanbh incháilithe. Is féidir tuilleadh eolais faoi faoiseamh cánach a éileamh i gcomhair costais leighis a fháil inár ndoiciméad faoi Cánachas agus Costais Leighis.

Rataí

Seirbhísí saor in aisce iad na seirbhísí teiripe urlabhra agus teanga a chuireann an tseirbhís sláinte poiblí ar fáil. Caithfidh tú íoc as seirbhísí príobháideacha. Mar sin féin, d’fhéadfá a bheith in ann faoiseamh cánach a éileamh faoi mar a luadh thuas.

Conas iarratas a dhéanamh

Féadfaidh do dhochtúir ginearálta nó d’altra sláinte poiblí tú a atreorú chun teiripe urlabhra agus teanga a fháil. Téigh i dteagmháil le d’Oifig Sláinte Áitiúil le fáil amach faoi na seirbhísí i do cheantar.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

D’Oifig Sláinte Áitiúil.

Féadfaidh na heagraíochtaí deonacha agus gairmiúla seo a leanas comhairle agus eolas a thabhairt duit faoi na seirbhísí teiripe urlabhra agus teanga in Éirinn.

Cabhraíonn an Scéim Shaorálach Stróc le daoine a bhfuil neamhoird chumarsáide tagtha orthu de bharr stróc a fháil agus lena dteaghlaigh.

Is é Cumann na hÉireann um Theiripeoirí Urlabhra agus Teanga an eagraíocht ghairmiúil a oibríonn ar leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta le cinntiú go bhfuil caighdeáin ghairmiúla ann i gcónaí maidir le teiripe urlabhra agus teanga. Cuireann siad roinnt bileoga úsáideacha fíricí ar fáil faoi stadaireacht, diospraicse agus na neamhoird chumarsáide a thagann ar dhaoine. Tá tuilleadh eolais ar fáil ó:

Cumann na hÉireann um Theiripeoirí Urlabhra agus Teanga

Bocsa Poist 541
Baile an Locha
null
Éire

Teil:+353 (0)85 7068707
Láithreán Gréasáin: http://www.iaslt.ie/
R-phost: info@iaslt.com

Tá liosta ag Cumann na hÉireann um Theiripeoirí Urlabhra agus Teanga i gCleachtais Phríobháideacha de na teiripeoirí urlabhra agus teanga i gcleachtais phríobháideacha a dhéanann sainfheidhmiú ar ghnéithe éagsúla den teiripe urlabhra agus teanga ar fud na tíre. Tá na gnéithe éagsúla de theiripe urlabhra agus teanga roinnte i 15 réimse faoi leith san eolaire agus cuirtear catagóirí breise ar fáil ó thaobh cóireáil daoine fásta agus cóireáil leanaí.

Cumann Stadaireachta na hÉireann

Carmichael House
North Brunswick St
Dublin
Ireland

Teil:+353 (0)1 8724405
Facs:+353 (0)1 8735737

Cleft Lip and Palate Association

c/o 36 Ascaill Fearann na Coille
Dún Laoghaire
Dublin 15
Éire

Teil:+353 (0)87 1319803
Láithreán Gréasáin: http://www.cleft.ie/
R-phost: info@cleft.ie

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 16 September 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Priofisiúnaithe sláinte meabhrach
    Cur síos atá sa cháipéis seo faoi ról agus feidhmíocht proifisiúnaithe sláinte meabhrach.
  • Seirbhísí Teiripe Saothair
    Déantar na seirbhísí teiripe saothair in Éirinn a dhearadh ar bhealach go bhféadfaidh siad cabhrú le daoine míchumasaithe an oiread neamhspleáchais agus is féidir a bhaint amach ina ngnáthshaol.
  • Seirbhísí Cúram pobail
    Tugtar seirbhísí cúraim phobail ar sheirbhísí sláinte phoiblí in Éirinn a sheachadtar sa phobal. Forbhreathnú ar sheirbhísí agus naisc le rannóga eile an tsuímh seo.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.