Tá dualgas ar an tseirbhís sláinte phoiblí seirbhísí oibre sóisialta a sholáthar do leanaí atá i bpriacal agus do sheirbhísí eile cúraim leanaí.
Is féidir an FSS seirbhísí oibre sóisialta a sholáthar do ghrúpaí agus do dhaoine aonair freisin. Bíonn oibrithe sóisialta ag plé le daoine aonair, le teaghlaigh agus le grúpaí atá ag fulaingt deacrachtaí sóisialta agus mothúchánacha. Tá sé mar aidhm ag an obair shóisialta cúnamh a chur ar fáil do dhaoine athrú a bhaint amach agus cinnithe a dhéanamh a rachaidh chun leasa caighdeán a saoil féin. Tá ról freisin ag an obair shóisialta roghanna a aimsiú agus tacú le céimeanna leis an bpolasaí sóisialta a chur chun cinn agus leis an tseirbhís a chur ar fáil.
Tá oibrithe sóisialta fostaithe ag formhór na n-ospidéal agus é mar phríomhdhualgas orthu cúnamh a thabhairt do dhaoine nuair a fhágann siad an t-ospidéal. D'fhéadfadh sé go bhfaighdís lóistín cuí don té a fhágann an t-ospidéal, go gcuirfidís cúnamh ar fáil dóibh le áit i dteach altranais a aimsiú nó go gcinntéoidís go bhfuil na tacaíochtaí riachtanacha ar fáil má théann an duine tinn ar ais chuig a b(h)aile féin.
Tá formhór na n-oibrithe sóisialta atá fostaithe ag na Limistéir Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) ag plé le seirbhísí cúraim leanaí a sholáthar. Baineann an obair seo le leanaí atá i bpriacal a aimsiú agus deileáil leo, deileáil le seirbhísí uachtála agus altramachta agus bíonn siad ag plé freisin leis an gcóras dlí choiriúil i gcás ciontóirí leanaí.
Braitheann sé ar an Limistéir (FSS) féin an bhfuil fáil ar oibrithe sóisialta do sheirbhísí nach mbaineann le leanaí agus ní mar a chéile an cás sna Limistéir (FSS) ar fad ná fiú taobh istigh de na boird sláinte. Tá oibrithe sóisialta fostaithe ag cuid de na hOifigí Sláinte Áitiúla le breathnú i ndiaidh na riachtanas atá ag daoine níos sine.
I measc an ngrúpaí eile go bhféadfadh oibrithe sóisialta seirbhísí a chur ar fáil dóibh tá:
Cláraítear oibrithe sóisialta ag an gComhairle um Ghairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh ag CORU. Is féidir le haon duine clárú ar mian leo dul i mbun cleachtais in Éirinn sna gairmeacha rialaithe. Cuimseofar gach duine, is cuma má bhain siad a gcáilíochtaí amach in Éirinn, laistigh den LEE/AE nó áit éigin eile agus is cuma má oibríonn siad san earnáil phoiblí, dheonach nó phríobháideach, mar fhostaí nó mar chleachtóir príobháideach.
114-116 Sráid an Phiarsaigh
Dublin
Ireland
Teil:+353 1 677 4838
Láithreán Gréasáin: http://www.iasw.ie
R-phost: iasw@eircom.net
13-15 An Meal
Cuirt Beacon
Bothar Breacháin
Áth an Ghainimh
Baile Átha Cliath 18
Teil:01 293 3160
Facs:01 293 3170
Láithreán Gréasáin: http://www.coru.ie/
R-phost: info@coru.ie
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.