Thug an Roinn Sláinte córas reachtúil clárúcháin isteach le haghaidh gairmithe sláinte agus cúraim shóisalaigh sa bhliain 2005, le cinntiú go gcuirtear cosaint agus eolas ar fáil don phobal ionas gur féidir leo a bheith muiníneach gur gairmí cuícháilithe, inniúil é nó í an gairmí a sholáthraíonn an tseirbhís, agus go bhfuil dea-cháil air nó uirthi. Cinnteoidh an córas chomh maith iompar gairmiúil agus cur chun cinn na gcaighdeán is airde in oideachas agus oiliúint ghairmiúil le haghaidh gairmithe sláinte agus cúraim shóisialaigh.
Tá feidhm ag an gcóras reachtúil clárúcháin i láthair na huaire maidir leis an dá ghairm déag sláinte agus cúraim shóisialaigh seo a leanas, beag beann ar cibé an san earnáil phríobháideach nó san earnáil phoiblí a oibríonn siad nó an gairmithe féinfhostaithe iad:
Is iad príomh-mhíreanna an chórais reachtúil chláraithe Comhairle Gairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh don chóras iomlan agus Bord Clárúcháin le haghaidh gach ceann de na gairmeacha atá le clárú. Beidh ina theannta sin sraith de ghnáthchoistí reachtúla a dhéanfaidh cúram de chosaint an phobail – comhdhéanta de Choiste um Réamhimeachtaí, Coiste um Iompar Gairmiúil agus Coiste Sláinte.
Tháinig an tAcht um Ghairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh 2005 (pdf) i bhfeidhm ag deireadh 2005. Cé nach mbaineann an córas reachtúil clárúcháin ach le dhá cheann déag de ghairmeacha sláinte agus cúraim shóisialaigh i láthair na huaire, ceadaíonn an dlí don Aire Sláinte gairmeacha eile a chur san áireamh sa chóras.
Forálann an tAcht um Ghairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh 2005 chomh maith le haghaidh bunú struchtúir fheidhmiúlacht chun cleachtadh chun déileáil le gearáin agus le ceisteanna araíonachta eile. Níor cuireadh an struchtúr gearán sin ar bun go fóill.
Tá ceaptha trí cinn de choistí reachtúla a bhunú a bheidh i bpáirt ag na gairmeacha cláraithe ar fad sa chóras:
Tá ceaptha éisteachtaí de chuid coiste um iompar gairmúil a thionóil go poiblí de ghnáth. De ghnáth éistfear imeachtaí coiste sláinte go príobháideach. I gcúrsa na héisteachta, ceadófar do choiste fiosrúcháin fianaise a ghlacadh, iallach a chur ar fhinnéithe teacht i láthair agus dul faoi scrúdú agus iallach a chur doiciméid a thabhairt ar aird.
Forálann an dlí chomh maith gur ceadmhach don Chomhairle, i gcásanna práinne, iarratas a dhéanamh chuig an Ard-Chúirt ar chleachtóir a chur ar fionraí go dtí go mbeidh críoch le fiosrú nuair a bhaineann sé sin le leas an phobail. I ndiaidh an fhiosraithe agus i ndiaidh deimhniú a fháil ón Ard-Chúirt, féadfaidh an Chomhairle ceann amháin nó níos mó de na smachtbhannaí seo a leanas a chur i bhfeidhm maidir le cleachtóir cláraithe:
Health and Social Care Professionals Council
c/o NSWQB
8-11 Sráid Bhagóid Íochtarach
Baile Átha Cliath 2
Ireland
Teil:+ 353 (0)1 662 4775
Facs:+ 353 (0)1 661 9276
Láithreán Gréasáin: http://www.coru.ie/
R-phost: info@coru.ie
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.