Is iondúil go gcuirtear seirbhísí fisiteiripe, a sholáthraítear tríd an tseirbhís sláinte poiblí, ar fáil ar bhonn othar cónaitheach nó othar seachtrach. Is speisialtóirí de ghairm an chúraim sláinte iad fisiteiripeoirí a bhaineann leas as modhanna fisiciúla amhail aclaíocht, láimhsiú, suathaireacht agus modhanna leictreacha teiripe go príomha. Baintear leas as an teiripe seo chun pian, gortú agus míchumas a chóireáil mar thoradh ar riochtaí agus ar bhreoiteachtaí a théann i gcion ar dhaoine is cuma cén aois iad nó cén cúlra atá acu.
D’fhéadfadh go mbeadh seirbhís fisiteiripe pobail theoranta á cur ar fáil ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) freisin. Nuair atá siad ar fáil ó FSS, tá seirbhísí fisiteiripe saor is aisce i gcás Daoine a bhfuil cártaí leighis acu agus daoine a tholg Heipitíteas C go díreach nó go hindíreach as glóbailin imdhíonachta frith-D daonna a úsáid nó as aon táirge fola nó aistriú fola a fuarthas in Éirinn agus a bhfuil cártaí an Achta Sláinte Leasaithe acu.
Níl sé d’oibleagáid ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) seirbhísí fisiteiripe a sholáthar sa phobal ach déanann siad é i gcásanna áirithe. Is iondúil go gcuirtear seirbhís pobail ar fáil in ionaid sláinte nó i gclinicí.
De ghnáth, más mian leat teacht ar sheirbhísí fisiteiripe mar othar poiblí, caithfidh tú foirm atreoraithe a fháil ó do dhochtúir teaghlaigh (Dochtúir Ginearálta), altra sláinte poiblí nó ospidéal. Is féidir leat tú féin a atreorú chuig fisiteiripeoir pobail freisin.
Beidh ort íoc as seirbhísí fisiteiripe má tá tú ag dul chuig fisiteiripeoir ar bhonn príobháideach, ach b’fhéidir go mbeifeá in ann faoiseamh cánach i gcomhair costais leighis a éileamh i leith costas a thabhaigh tú, do chéile, nó do leanbh cleithiúnach nó gaol cleithiúnach chun dul chuig fisiteiripeoir go príobháideach. Más mian leat iarratas a dhéanamh ar fhaoiseamh cánach i leith seirbhísí fisiteiripe íoslódáil agus comhlánaigh an fhoirm Med 1 anseo.
Déan teagmháil le d’Oifig Sláinte Áitiúil nó d’Ionad Sláinte Áitiúil chun tuilleadh eolais a fháil faoi sheirbhísí fisiteiripe i do cheantar.
Is féidir le baill foirne i d’oifig cánach áitiúil ceisteanna a bhaineann le faoiseamh cánach agus seirbhísí fisiteiripe a fhreagairt.
Is é Cumann Fisiteiripeoirí Cairte na hÉireann an comhlacht gairmiúil a dhéanann ionadaíocht d’fhisiteiripeoirí cairte. Is féidir leat tuilleadh eolais faoi fhisiteiripe, lena n-áirítear eolas teagmhála d’fhisiteiripeoirí cairte ar fud na tíre a fháil ar a láithreán gréasáin nó trí theagmháil a dhéanamh leis an gCumann:
Coláiste Ríoga na Máinlia
123 Faiche Stiabhna
Baile Átha Cliath
Éire
Teil:+353 (0)1 4022148
Facs:+353 (0)1 4022160
Láithreán Gréasáin: http://www.iscp.ie
R-phost: info@iscp.ie
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.