Anseo atá tú: Baile > Sláinte > Cúram i do phobal > Seirbhísí Teiripe Saothair

Print Page Send to a Friend

Seirbhísí Teiripe Saothair

Eolas

Leagadh amach na seirbhísí teiripe saothair ar bhealach go bhféadfaidh siad cabhrú le daoine a bhfuil míchumas coirp, síceolaíochta nó sóisialta orthu, an oiread neamhspleáchais agus is féidir a bhaint amach ina ngnáthshaol.

Tá teiripigh shaothair fostaithe ag an gcuid is mó Oifigí Sláinte Áitiúil Feidhmeannachta na Seirbhíse Sláinte (FSS). Tá a gcuid seirbhísí ar fáil saor in aisce go hiondúil do shealbhóirí cártaí leighis agus do dhaoine a bhfuil Heipitíteas C faighte acu go díreach nó go hindíreach ó úsáid Glóbailin Imdhíonachta Daonna-Frith-D nó ó aon táirge fola nó aistriú fola a fuair siad in Éirinn agus a bhfuil Cártaí faoin Acht um Leasú Sláinte acu. Tá ganntanas mór Teiripigh Shaothair ann agus, dá bharr, tá liostaí fada feithimh ann. I gcásanna áirid, d'fhéadfadh sé go mbeadh daoine a bhfuil na seirbhísí seo ag teastáil uathu go práinneach curtha ar aghaidh ón FSS chuig cleachtóirí príobháideacha.

Go hiondúil cuirtear an tseirbhís ar fáil i dteach an othair ach is féidir í a sholáthar san ionad sláinte áitiúil freisin.

Rialacha

I dtreoiric, tá an tseirbhís ar fáil d'aon duine go dteastaíonn seirbhísí teiripe saothair uaidh/uaithi. I ndáiríre, tá liostaí fada feithimh ann agus tugtar tús áite do na daoine seo a leanas:

Measúnú

Go hiondúil, déanann teiripeach saothair measúnú ar do chumas na gnáthriachtanais maireachtála a chur i gcrích - gléasadh, ithe, folcadh, & rl. Breathnaítear ar do theach cónaithe freisin agus déantar cinneadh cén cúnamh a theastaíonn uait, mar shampla trealamh cuí - cathaoir rothaí, ardaitheoir cathaoireach, seomra folctha thíos staighre & rl.

D'fhéadfadh an teiripeach saothair ansin socruithe a dhéanamh le trealamh cúnta agus fearas cuí a bheith curtha ar fáil ón FSS nó d'fhéadfadh sé/sí a dheimhniú go bhfuil tú i dteideal Deontas Oiriúnaithe Tithe do Dhaoine faoi Mhíchumas. Is féidir leis/léi freisin comhairle agus cúnamh a chur ar fáil duit agus do do theaghlach nó cúramóirí maidir le athruithe nach mór a dhéanamh don teach.

Teiripigh Shaothair Phríobháideacha

Tá ganntanas teiripigh shaothair phríobháideacha ann freisin agus d'fhéadfadh sé go mbeadh ort fanacht lena gcuid seribhísí a fháil. Tá liosta ar fáil ó Chumann Teiripigh Shaothair na hÉireann (an t-údarás proifisiúnta a rialaíonn an ghairm in Éirinn) de na teiripigh shaothair chláraithe atá ag cleachtadh go príobháideach.

Conas iarratas a dhéanamh

Is féidir leat iarratas a chur díreach chuig an FSS le seirbhísí teiripe saothair a fháil, ach is iondúil gurb é/í an t-altra sláinte poiblí, LG nó ospidéal a chuireann ar aghaidh thú.

Cumann Teiripeoirí Saothair na hÉireann

Oifig Urlár na Talún
Teach an Droichid Cam
Lána na hUillinne
Cill Mhaighneann
Baile Átha Cliath 8
Éire

Teil:+353 (0)1 633 7222
Láithreán Gréasáin: http://www.aoti.ie/
R-phost: info@aoti.ie

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 16 September 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Seirbhísí Cúram pobail
    Tugtar seirbhísí cúraim phobail ar sheirbhísí sláinte phoiblí in Éirinn a sheachadtar sa phobal. Forbhreathnú ar sheirbhísí agus naisc le rannóga eile an tsuímh seo.
  • Priofisiúnaithe sláinte meabhrach
    Cur síos atá sa cháipéis seo faoi ról agus feidhmíocht proifisiúnaithe sláinte meabhrach.
  • Seirbhísí teiripe urlabhra agus teanga
    Tá cur síos sa cháipéis seo ar na seirbhísí teiripe urlabhra agus teanga atá ar fáil ón tseirbhís sláinte poiblí. Conas atá seirbhísí seachadta agus conas iarratas a dhéanamh.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.