D'fhéadfadh sé go mbeadh seirbhísí cúntóirí baile curtha ar fáil ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) do dhaoine a dteastaíonn siad uathu. Tá seirbhísí cúntóirí baile curtha ar fáil do dhaoine ar mhaithe le fanacht ina dtithe féin agus gan dul le cónaí in institiúidí cúraim. Ach, níl aon dualgas dlíthiúil ar d'Oifig Sláinte Áitiúil na seirbhísí seo a sholáthar. Cuireann an FSS seirbhísí cúntóra bhaile ar fáil go díreach nó déanann sé socruithe le heagraíochtaí deonacha leis na seirbhísí sin a sholáthar.
Bíonn an tseirbhís saor in aisce go ginearálta do shealbhóirí cártaí leighis agus bíonn sé curtha ar fáil saor in aisce i gcónaído dhaoinea bhfuil Heipitíteas C faighte acu go díreach nó go hindíreach ó Ghlóbailin Imdhíonachta Daonna-Frith-D nó ó aon táirge fola nó aistriú fola a fuair siad in Éirinn agus a bhfuil Cárta faoin Acht um Leasú Sláinte acu. D'fhéadfadh sé go n-iarrfaí ar dhaoine eile cuid de chostas na seirbhíse a íoc.
Níl aon teorainn ar an FSS maidir leis na cineálacha daoine gur féidir leo cúnamh a chur ar fáil dóibh ag baile agus nuair atá sí ar fáil, tugtar tús áite don tseirbhís seo a sholáthar do dhaoine a bhfuil Heipitíteas C orthu agus a bhfuil Cártaí faoin Acht um Leasú Sláinte acu, daoine níos sine, teaghlaigh le páistí óga nuair atá an mháthair básaithe nó go dona tinn agus daoine faoi mhíchumas.
Cuireann cúntóirí baile cúnamh ar fáil do dhaoine lena ngnáthchúraimí tí ach is féidir leo cúram pearsanta a thabhairt freisin. Má chuirtear seirbhísí cúntóra bhaile ar fáil duit b'fhéidir go mbeidh ort cuid den chostas a íoc, fiú má tá cárta leighis agat. I gcásanna áirid, b'fhéidir go mbeidh ort na costais ar fad a íoc. Más féidir leat na costais ar fad a íoc, d'fhéadfadh tú socrú a dhéanamh leis an FSS gurb é an FSS an fostóir agus gur air a thiteann freagrachtaí uilig an fhostóra ach go n-íocann tusa na costais ar fad.
Níl dóthain daoine ar fáil le seirbhísí cúntóra bhaile a sholáthar do na daoine ar fad a dteastaíonn an tseirbhís uathu. B'fhéidir go n-iarrfaí ort duine a aimsiú thú féin a bheadh in ann an tseirbhís a chur ar fáil duit. Má cheapann an FSS go bhfuil an duine sin sásúil, d'fhéadfadh sé go mbeadh an post curtha ar fáil dó/dí.
Cuireann cuid de na Oifigí Sláinte Áitiúil seirbhís teoranta cúntóra bhaile mar chúram faoisimh ar fáil do chúramóirí.
Ba cheart don chúntóir baile méid áirid uaireanta an chloig oibre a dhéanamh gach lá nó gach seachtain. Is féidir go hiondúil na mionsocruithe a dhéanamh idir thú féin agus an FSS. I measc na gcineálacha oibre a bhíonn le déanamh ag cúntóir baile tá beagainín glanadh, siopadóireacht agus cócáireacht agus níochán éadaí ach braitheann sé ar riachtanais an duine aonair. Má bhíonn cúntóirí baile fostaithe le cúnamh a chur ar fáil do dhaoine le Heipitíteas C a bhfuil Cártaí faoin Acht um Leasú Sláinte acu nó do theaghlaigh a bhfuil an mháthair básaithe nó tinn is iondúil gur cúraimí páistí a bheidh orthu don chuid is mó, iad a bhailiú ón scoil agus mar sin de. Níl sé i gceist go mbeadh cúntóirí baile ag cur cúraim altranais ná leighis ar fáil.
Breathnaítear ar gach iarratas ar sheirbhísí cúntóra bhaile ann féin. Is féidir leis an Oifig Sláinte Áitiúil go leor rudaí a chur san áireamh, ioncam mar shampla, tacaíocht eile teaghlaigh atá ar fáil, cé chomh fada ó sheirbhísí atá an duine ag maireachtáil agus fáil ar dhaoine feiliúnacha leis an tseirbhís a chur ar fáil.
Má chuirtear seirbhís ar fáil duit b'fhéidir go n-iarrfaí ort cuid den chostas a bhaineann leis a íoc, fiú má tá cárta leighis agat.
Ba cheart duit iarratas a dhéanamh chuig an altra sláinte poiblí go háitiúil, a dhéanfaidh measúnú ar do riachtanais don tseirbhís agus an t-iarratas a phróiseáil tríd an Oifig Sláinte Áitiúil.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.