Anseo atá tú: Baile > Sláinte > Cúram i do phobal > Diaitéiteach/Saineolaithe Cothúcháin Chliniciúla

Print Page Send to a Friend

Diaitéiteach/Saineolaithe Cothúcháin Chliniciúla

Réamhrá

Is éard atá i nDiaitéiteach/Saineolaí Cothúcháin ná oibrí proifisiúnta sláinte atá cáilithe le comhairle agus eolas cruinn a thabhairt maidir le gach gné den chothú agus den aiste bia. Baineann Diaitéitigh/Saineolaithe Cothúcháin feidhm as eolas ar bhia, ar an gcothú agus ar dhisciplíní gaolmhara eile amhail an bhithcheimic, an fhíseolaíocht agus an eolaíocht shóisialta chun sláinte a chur chun cinn, galair a chosc agus cabhrú le tinneas a bhainistiú.

Féadfaidh tú Diaitéiteach/Saineolaí Cothúcháin a fheiceáil in ospidéal (mar othar cónaitheach nó othar seachtrach) nó sa phobal (ag clinic nó in ionad cúraim). Féadfar teacht ar sheirbhísí Diaitéiteacha ar bhonn poiblí nó príobháideach.

Rataí

Bíonn seirbhísí diaitéiteacha ar fáil saor in aisce tríd an tseirbhís sláinte poiblí. D’fhéadfadh an fháil a bheadh ar na seirbhísí a bheith éagsúil áfach ó cheantar go ceantar i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS), ag brath ar acmhainní áitiúla.

Má thagann tú ar sheirbhísí go príobháideach, gearrfar táille ort as an tseirbhís. Is féidir leat costais a athéileamh ó do chuideachta árachais sláinte príobháidí áfach; braitheann an tsuim ar do pholasaí. Is féidir leat faoiseamh cánach a éileamh i leith aon táillí atá le híoc.

Conas iarratas a dhéanamh

Féadfaidh dochtúir, alta nó oibrí proifisiúnta sláinte eile tú a atreorú, nó féadfaidh tú féin dul chucu. Bíonn sé seo ag brath ar an bpolasaí áitiúil agus ba chóir duit dul i dteagmháil le do Oifig Sláinte ÁitiúilIonad Sláinte le haghaidh tuilleadh eolais.

liosta Diaitéiteach/ Saineolaithe Cothúcháin cáilithe ann a dhéanann obair phríobháideach ar fud na tíre.

Institiúid Cothúcháin agus Diaitéitice na hÉireann

Is í Institiúid Cothúcháin agus Diaitéitice na hÉireann (ICDÉ) an eagraíocht phroifisiúnta do Dhiaitéitigh in Éirinn. Bunaíodh í i 1968 agus feidhmíonn an Institiúid ar son Diaitéiteach/ Saineolaithe Cothúcháin ar fud na hÉireann.

Féachann ICDÉ leis an bpobal a choinneáil ar an eolas leis an bhfaisnéis is cruinne maidir le cothú trí bhileoga fíricí a bhíonn ar fáil ar a láithreán gréasáin. Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoi chothú agus faoi diaitéitigh ach teagmháil a dhéanamh leis an Institiúid.

Institiúid Cothúcháin agus Diaitéitice na hÉireann

Garrán na Fuinseoige Teach
Chill Ascaill
Dun Laoghaire
Co. Dublin
Baile Átha Cliath
Éire

Teil:(01) 280 4839
Facs:(01) 280 5082
Láithreán Gréasáin: http://www.indi.ie
R-phost: info@indi.ie


Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 2 March 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Seirbhísí teiripe urlabhra agus teanga
    Tá cur síos sa cháipéis seo ar na seirbhísí teiripe urlabhra agus teanga atá ar fáil ón tseirbhís sláinte poiblí. Conas atá seirbhísí seachadta agus conas iarratas a dhéanamh.
  • Seirbhísí Fisiteiripe
    Is féidir seirbhísí fisiteiripe a chur ar fáil tríd an tseirbhís sláinte poiblí, agus tá siad ar fáil go príobháideach freisin.
  • Seirbhísí na gcluas
    Cuireann na Limistéir Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) seirbhísí cluas ar fáil do dhaoine atá i dteideal dóibh, tástálacha éisteachta agus áiseanna éisteachta san áireamh. Faigh amach cé hiad atá cáilithe ó thaobh seirbhísí saor in aisce.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.