Déanann coslia measúnú, diagnóis agus cóireáil ar ghalair agus éalang a bhaineann leis an gcos. Is féidir le cosliacht feabhas suntasach a chur ar chaighdeán saoil daoine trí phian a mhaolú agus soghluaisteacht a chur chun cinn agus a chothú.
Sa Bhéarla, tá an téarma ‘podiatrist’ ag teacht isteach anois in áit an téarma ‘chiropodist’.
Níl aon dualgas dlíthiúil ar Fheidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte (FSS) seirbhísí cosliachta a chur ar fáil ach sa chás go ndéanann siad é sin, d’fhéadfadh seirbhísí a bheith á gcur ar fáil ag an Oifig Sláinte Áitiúil nó ag eagraíochtaí deonacha thar ceann FSS. Sa chás go bhfuil an tseirbhís ar fáil, is seirbhís í atá saor in aisce i gcás daoine a bhfuil cártaí leighis acu agus daoine a tholg Heipitíteas C go díreach nó go hindíreach as glóbailin imdhíonachta frith-D daonna a úsáid nó as aon táirge fola nó aistriú fola a fuarthas in Éirinn agus a bhfuil Cárta faoin Acht Sláinte Leasaithe acu.
D’fhéadfadh sé go mbeadh daoine nach bhfuil cártaí leighis acu ábalta faoiseamh cánach a éileamh ar sheirbhísí cosliachta má tá orthu freastal ar na seirbhísí sin mar chuid de chóir leighis. (Is é sin, má tá míchumas suntasach nó tinneas tromchúiseach srl. ort, agus go n-ordaíonn do dhochtúir duit freastal ar sheirbhísí cosliachta). D’fhéadfadh sé go mbeifeá ábalta faoiseamh cánach a éileamh ar aon chuairt dochtúra agus ar chógais ar oideas a bhaineann leis an gcúram seo freisin.
Má tá éileamh ar chostais á dhéanamh agat, ba chóir duit foirm Med 1 a íoslódáil agus a chomhlánú agus é a sheoladh le do P60 ón mbliain cánach ábhartha chuig d’oifig cánach áitiúil chun aisíoc a éileamh. Ceithre bliana an teorainn ama atá ann maidir le héilimh ar aisíocaíochtaí cánach.
Tá Coru, an Chomhairle um Ghairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh, freagrach as coslianna a chlárú agus a rialú. Tá an bunús do bhunú na gclár agus na gcaighdeán gairmiúil do ghrúpaí arna gclúdach ag an Acht um Ghairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh 2005 á chur le chéile ag Coru i láthair na huaire.
Léigh tuilleadh faoi chlárú na ngairmithe cúraim shóisialaigh anseo.
Tá trí chomhlacht gairmiúil ar leith ag déanamh ionadaíocht ar choslianna faoi láthair:
Is féidir leat dul i dteagmháil leo má theastaíonn tuilleadh eolais uait faoi chosliacht nó más mian leat a sheiceáil an ball cláraithe é / í do chleachtóir.
Bíonn éagsúlachtaí idir na seirbhísí cosliachta atá á gcur ar fáil ag FSS, ach is iondúil go dtugann siad tús áite do na grúpaí seo a leanas:
Cuirtear an tseirbhís ar fáil de ghnáth ag ionaid sláinte nó ag clinicí FSS. I gcúinsí eisceachtúla, d’fhéadfadh sé tarlú go mbeadh seirbhís cosliachta ar fáil ag baile.
Is iondúil go n-atreoraíonn do dhochtúir teaghlaigh (DG) nó d’altra sláinte poiblí tú i gcomhair seirbhísí cosliachta. Is féidir leat dul i dteagmháil le coslianna go díreach freisin, ach ní féidir leat faoiseamh cánach a éileamh ach amháin má thugann DG nó ospidéal treoir go bhfuil cóireáil le cur ort mar chuid de do chúram leighis.
Téigh i dteagmháil le do dhochtúir teaghlaigh (DG) nó d’altra sláinte poiblí le fáil amach faoi sheirbhísí cosliachta i do cheantar.
Faisnéis teagmhála dod’ oifig cánach áitiúil i gcomhair éileamh maidir le Faoiseamh cánach ar chostais leighis.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.