Tá sé d’aidhm ag cúram maolaitheach an cháilíocht beatha is fearr is féidir a sholáthar don duine a bhfuil tinneas foirceanta orthu agus dá dteaghlach, lena n-áirítear a chinntiú, a mhéid is féidir, go bhfuil an duine saor ó phian. Freagraíonn sé do riachtanais fhisiciúla, shíceolaíocha, shóisialta agus spioradálta agus cuimsíonn sé tacaíocht do lucht méala. Is dualgas é de chuid Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) seirbhísí cúraim mhaolaithigh a chur ar fáil.
Cé go bhfuil cúram maolaitheach dírithe den chuid is mó ar othair a bhfuil ailse orthu, bíonn othair a bhfuil galar néarón luadrach, scléaróis iolrach agus VEID orthu in ospísí freisin. Is mionlach beag as an iomlán iad na hothair a bhfuil na galair sin orthu, áfach.
Is féidir cúram maolaitheach a sholáthar in ospís, in ospidéal pobail géarmhíochaine nó i dteach an othair. Cinneann FSS cé hiad na daoine a dtabharfar rochtain ar chúram maolaitheach dóibh ar bhonn riachtanais. Tá an fháil atá ar chúram maolaitheach éagsúil, go méid áirithe, ar fud na tíre.
Soláthraítear cúram maolaitheach i sain-aonaid chúraim mhaolaithigh d’othair chónaitheacha (ospísí) ar roinnt bealaí. Is mol iad na haonaid seo a bhforbraítear seirbhísí eile ina dtimpeall. Tá naoi n-aonad ospíse ann faoi láthair, trí cinn i gceantar Bhaile Átha Cliath, agus ceann sna contaetha seo a leanas: Corcaigh, Gaillimh, Sligeach agus Dún na nGall.
Soláthraítear cúram ospíse nó cúram maolaitheach:
Soláthraíonn FSS cúram maolaitheach i gcomhar le soláthraithe seirbhíse deonacha. Is féidir le hothair phríobháideacha agus phoiblí aonaid na n-othar cónaitheach agus seirbhísí eile a úsáid.
Tá an chaoi a soláthraítear cúram maolaitheach do leanaí éagsúil ón gcaoi a soláthraítear do dhaoine fásta é. Bíonn riocht a chiorraíonn saol duine, seachas riocht forbartha foirceanta, ar roinnt mhaith leanaí a dteastaíonn cúram maolaitheach uathu, agus d’fhéadfadh leanaí maireachtáil ar feadh roinnt mhaith blianta agus riocht a chiorraíonn saol duine orthu.
I gcás go mbíonn cúram maolaitheach de dhíth ar leanaí is iondúil go soláthraítear sa bhaile é. Sa bhaile, faigheann an teaghlach tacaíocht óna ndochtúir teaghlaigh, ón altra sláinte poiblí agus ón sainfhoireann chúraim mhaolaithigh (má tá sí ar fáil). Bíonn foireann mhíochaine agus altranais atá oilte sa phéidiatraic agus a bhfuil tacaíocht acu ó shainseirbhís cúraim mhaolaithigh freagrach as cúram altranais agus míochaine a thabhairt do leanaí atá san ospidéal.
Féadfar tú a atreorú chuig seirbhísí cúraim mhaolaithigh ar roinnt bealaí; trí do dhochtúir teaghlaigh nó trí do dhochtúir ospidéil i gcomhairle le do dhochtúir teaghlaigh nó trí shainfhoireann cúraim mhaolaithigh an ospidéil i gcomhairle le do dhochtúir teaghlaigh.
Is féidir leat labhairt le duine ar bith de na daoine thuasluaite ar do chonlán féin faoi atreorú a fháil.
Is dualgas é de chuid FSS seirbhísí cúraim mhaolaithigh a chur ar fáil; déan teagmháil le d’Oifig Sláinte Áitiúil.
Tá eolaire seirbhísí áitiúla ag Foras Ospíse na hÉireann ina dtugtar na seirbhísí cúraim mhaolaithigh ar fad, ar bhonn contae. Tá sonraí teagmhála do ghrúpaí tacaíochta áitiúla d’othair agus do theaghlaigh san eolaire freisin.
Is féidir leat tacaíocht a fháil freisin ó:
43-45 Bóthar Northumberland
Baile Átha Cliath 4
Éire
Teil:+353 (0)1 2310 500
Facs:+353 (0)1 2310 555
Láithreán Gréasáin: http://www.cancer.ie/
R-phost: helpline@irishcancer.ie
4ú Urlár
Dlísheomraí Morrison
32 Sráid Nassau
Baile Átha Cliath 2
Éire
Teil:+353 (0)1 6793188
Facs:+353 (0)1 6730040
Láithreán Gréasáin: http://www.hospice-foundation.ie
R-phost: info@hospice-foundation.ie
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.